‘Fear dob ea é do bhí sásta gníomh do dhéanamh nuair a glaodh air, gan scáth gan eagla; fear misniúil uasal uaibhreach. Sciath cosanta dúinne i gCúil Aodha dob ea é’, a scríobh Seán Ó Riada in Irish Times 3 Deireadh Fómhair 1970. Mar dhuine de cheannasaithe na nÓglach i gceantar Mhaigh Chromtha, mar throdaire i gCogadh na Saoirse, agus mar chomhairleoir contae ina dhiaidh sin, is mó a fhanfaidh cuimhne air. Nocht Seoirse Ó Colla, Aire Airgeadais agus na Gaeltachta, leacht cuimhneacháin i gCúil Aodha 14 Bealtaine 1972.

Ba iad a thuismitheoirí Conchubhar Ó Muimhneacháin agus Máire Ní Chonaill agus is ar 18 Deireadh Fómhair 1893 a rugadh é (James Cornelius) i nGort na Scairte, Cúil Aodha, Co. Chorcaí. Is mar seo a bhí an teaghlach i 1901: Cornelius Moynihan (47), feirmeoir, baintreach fir; a mháthair Mary Moynihan (75); Andrew (9); James (7); Norah (5); Daniel (4); Cornelius (2). Bhí Gaeilge agus Béarla ag gach duine ach Gaeilge amháin a bhí ag Mary Moynihan. Is iad a bhí sa teach lena n-athair i 1911: Andrew (19); Nora (16); Dan (14); Cornelius (12).

I Ré na nDoirí a bhí sé ar scoil. Bhí sé ina Chaptaen i gComplacht A, 8ú Cathlán, Bríogáid a hAon (Corcaigh) d’Arm na Poblachta. Bhí sé ar dhuine den seisear a rinne luíochán roimh bheirt phóilíní i mBéal an Ghleanna ar 7 Iúil 1918, a ndeirtear faoi gurbh é an chéad eachtra chogaidh é i ndiaidh 1916. Eachtra cháiliúil eile i gceantar Bhaile Bhuirne inar ghlac sé páirt is ea cath Chúil na Cathrach ar 25 Feabhra 1921. Chaith sé cúpla tréimhse i bpríosún. Bhí sé ar thaobh na bPoblachtach sa Chogadh Cathartha agus is chuig a theach i gCúil Aodha a tháinig Liam Ó Loingsigh le bualadh le baill Chomhairle Roinn an Deiscirt den arm ar 26 Feabhra 1923, cruinniú a mhair trí lá. Scríobh Florence O’Donoghue in No other law, 1954: ‘Coolea Company of the 8th Battalion, in whose area divisional heatquarters was set up, was one of the largest and best in the Army. Captain James Moynihan had 137 active men on the rolls, and from them guards, scouts and dispatch riders were provided for day and night duty’.

Chaith sé 42 bliain ina bhall de Chomhairle Chontae Chorcaí. D’éag sé ar 1 Deireadh Fómhair 1970 ag cruinniú de Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí. Bhí sé 77 bliana d’aois. Ball de Chumann na mBan ba ea a bhean Mairéad Nic Shuibhne a d’éag ar 19 Iúil 1971. Bhí beirt mhac acu, ar duine díobh Dónall, Teachta Dála, agus ceathrar iníonacha. Ba í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh. Tá sé curtha i Reilig Ghobnatan i mBaile Bhuirne. Deirtear go raibh sé ar na daoine ba mhó faoi deara dealbh cháiliúil Ghobnatan le Séamus Murphy a bheith sa reilig sin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú