Bhí sé ar dhuine de scéalaithe agus de sheanchaithe móra a linne féin. ‘Ríscéalaí Mhúscraí’ a thug an scoláire Donncha Ó Cróinín air. I gCúil Aodha, Co. Chorcaí, a rugadh é 8 Nollaig 1872. Tá cuntas air féin agus ar a mhuintir ag Donncha sa bhrollach a chuir sé le Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse (1971). Conchúr (Canaí Mháire Ní Dhuinnín) ab ainm dá athair agus sin é an fáth gur Fruí (Humphrey) Chanaí a thugtaí air féin. Ba í Neil Ní Dhuinnín ón gClaodach a mháthair. Bhí beirt deartháireacha agus seachtar deirfiúracha aige. Chuaigh siad ar scoil i gCúil Aodha agus ba iad na múinteoirí a bhí acu Seán Ó hIarlaithe, Donnchadh Ó Loingsigh (‘Donnchadh an Chéama’) agus Bean Mhic Shuibhne. Is chuige a tháinig áitreamh a athar agus phós sé Máire Ní Ríordáin ó Chluainte Chárthaigh i gCill na Martra. Ceathrar clainne a bhí acu—beirt mhac agus beirt iníonacha.

Bhuaigh sé an chéad duais ar scéalaíocht ag Feis Inse Geimhleach (An Claidheamh Soluis 14 Deireadh Fómhair 1899) agus ag Feis Bhaile Bhuirne (idem 11 Lúnasa 1900). An bhliain dár gcionn bhuaigh sé an chéad duais riamh ar scéalaíocht ag an Oireachtas: ní raibh an comórtas sa chlár go nuige sin (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin). Bhuaigh sé arís í in 1902 (An Claidheamh Soluis 31 Bealtaine 1902). Ghnóthaíodh sé duaiseanna Oireachtais go minic anuas go 1910. Nuair a bunaíodh Craobh Chúil Aodha de Chonradh na Gaeilge toghadh Amhlaoibh ar an gcoiste (idem 20 Feabhra 1904). In Fé bhrat an Chonnartha (1944) scríobh Peadar Ó hAnnracháin faoi: ‘Níor casadh a leithéid orm riamh chun snas a chur ar scéal’. D’éag sé 24 Eanáir 1947.

D’fhoilsigh Comhairle Bhéaloideas Éireann dhá chnuasach d’ábhar a bhailigh Seán Ó Cróinín uaidh agus chuir Donncha Ó Cróinín eagar orthu: Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse (1971) agus Seanachas Amhlaoibh Í Luínse (1980). Deir an t-eagarthóir: ‘Ní féidir a rá an mó leabhar eile a bhí in Amhlaoibh, ach ní móide go bhféadfaí a dheireadh fháil go brách’. Comharsa dó ba ea Aindrias Ó Céileachair agus ba dhóigh leis an gCróiníneach go raibh rian Amhlaoibh le haithint ar Quo Vadis ? ‘agus gurbh iontach go deo leis an sagart mar a thagadh leis Béarla dá chastacht a chur go seolta i gculaith Ghaeilge agus nár chuaigh sé níos sia ná an scoil náisiúnta’. Tuairiscíonn sé go ndeireadh Ó Céileachair i gcónaí gurbh é Amhlaoibh an fear ba éirimiúla dár casadh riamh air agus go ndúirt an tOllamh Daniel Binchy leis gurbh é Amhlaoibh an cainteoir Gaeilge ba bhreátha dár casadh riamh air. Rinne an Cróiníneach freisin cuntas ar Amhlaoibh a thaifeadadh ó Phádraig Mac Suibhne (1898-1976) ar fianaise é ar an mbua a bhí ag Amhlaoibh chun scéalta agus véarsaí a cheapadh ar an spota. Moladh go hard a iarracht ar amhrán nuadhéanta ag Feis na Mumhan (An Claidheamh Soluis 20 Meán Fómhair 1902) agus san iomaíocht an lá sin bhí Riobard Bheldon, Conchubhar Ó Deasumhna, Domhnall Ó Conchubhair (1847-1930) agus Diarmuid Ó Muimhneacháin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú