I mBaile Mhic Íre, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 13 Meitheamh 1883. Feirmeoir ba ea a athair Con (Pol). B’as Doire na Sagart dósan agus i mBaile Mhic Íre a rugadh an mháthair Polly Cronin (nó Máire Ní Chróinín). Bhí beirt eile sa chlann, Caitlín (máthair Sheáin Uí Shíocháin) agus Bríd. Cainteoir dúchais Gaeilge é. In aois 17 mbliana dó fuair se post (“boy-copyist”) sa státseirbhís i Londain. Aistríodh go dtí Coimisiún na Talún i mBaile Átha Cliath é ar ball. Bhí baint aige le Craobh an Chéitinnigh, é ina rúnaí, ina Chathaoirleach tamall agus ina Leas-Uachtarán acu i ndeireadh báire. Bhí baint aige le Sinn Féin i dtosach an chéid, é ina rúnaí ar Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath, é ina bhall dá bpainéal i mBardas Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ag troid san Éirí Amach i 1916 i gceantar Shráid na hEaglaise le Complacht B, 2ú Cathlán, Briogáid Bhaile Átha Cliath. Chaith sé tréimhsí i bhFrongoch agus i mBaile Coinnleora. Chaill sé a phost státseirbhíse i ndiaidh 1916 agus d’fhostaigh Sinn Féin é. Bhí post aige sa Chéad Dáil ó Mheitheamh 1919 amach mar Aistritheoir Oifigiúil ar £250 in aghaidh na bliana. B’fhéidir a rá mar sin gurbh é an chéad duine ag obair i Rannóg an Aistriucháin é. I 1922 ceapadh é ina aistritheoir sa Dáil agus bhí sé ina Phríomh-Aistritheoir ó 1925 go bhfuair sé bás ar 14 Márta 1942. Bhí sé ar na chéad bhaill den Chomhar Drámaíochta agus anuas go dtí 1930 bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge, an t-aon státseirbhíseach amháin a bhí ina bhall ar feadh tamaill. Bhí sé pósta ar Bhríd Ní Mhaoldomhnaigh agus ní raibh aon chlann acu. Bhí cónaí orthu ag “Réalt na Mara”, Bóthar Chluain Tarbh.

Bhí baint aige le bunú na hirise An Camán i Meitheamh 1932, iris a bhí faoi chomhchúram Chumann Lúthchleas Gael agus Chonradh na Gaeilge.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú