Chaith an t-amhránaí aitheanta seo tamall ina Ard-Stiúrthóir ar Chumann Lúthchleas Gael. Thug sé eolas air féin in Inniu 11 Eanáir 1952 (‘Comhaimsirigh’) agus in Who’s Who, What’s What and Where in Ireland, 1973. Scríobh Muiris de Prionnbhíol ‘Cuimhne Phearsanta’ in Feasta, Márta 1997 agus bhí cuntais iarbháis in Irish Times 3 Feabhra 1997 agus in Cork Examiner 3 Feabhra 1997. I gCill na Martra, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 24 Márta 1914. Ba iad Daniel Sheehan agus Katherine Lynch a thuismitheoirí. Bhí deartháir agus deirfiúr leis beo go fóill i 1997. Siopa beag grósaeireachta a bhí ag an athair, más fíor cuntas an Irish Times, ach deir an Examiner gur ghréasaí ba ea é. ‘Tógadh le Gaeilge é cé nár fhéad sé an Béarla a sheachaint. Múinteoir Gaeilge i gCorcaigh thiar theas ab ea a mháthair, agus bhí a uncail Diarmaid Ó Síothcháin ar na chéad mhúinteoirí Gaeilge a bhí ag an gConradh i gCiarraí. Dála an scéil, b’eisean an duine deireanach a cuireadh fá thriail ag Pether the Packer—agus sin mar gheall ar phaimfléidí frith-phreasála a scaipeadh. Bhí spéis mhór ag a athair i gcónaí san amhránaíocht, agus ba mhinic é ag iomaíocht fadó ins na feiseanna áitiúla. Uaidhsean is ea a thóg a mhac an dúil sa gceol’ (Inniu). Uncail leis ba ea Micheál Ó Loingsigh, Príomhaistritheoir Rannóg an Aistriúcháin.

Tar éis bunscolaíochta i Scoil Bhaile Uí Bhuaigh agus meánscolaíochta ar scoláireacht i gColáiste Ullmhúcháin De La Salle in aice le Mala, cháiligh sé mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí sé tamall ag obair i scoileanna in iarthar Chorcaí agus i Loch Garman agus chaith 11 bliain ag múineadh i mBaile Átha Cliath sular ceapadh é i 1946 ina chúntóir ag Pádraig Ó Caoimh, Ard-Rúnaí Chumann Lúthchleas Gael. Peileadóir nótáilte i gCorcaigh ba ea é; bhuaigh sé craobh-chomórtas Bhaile Átha Cliath faoi bhun 21 le Erin’s Hope agus i 1931 bhuaigh sé bonn sinsearach le Maigh Chromtha. Bhí sé ina bhall d’fhoireann shinsearach peile Chorcaí anuas go 1941, cé is moite de 1937 nuair a bhí sé ina chaptaen ar fhoireann peile Bhaile Átha Cliath. D’imir sé ar fhoireann Chúige Mumhan i gComórtas Chorn an Iarnróid. I mBaile Átha Cliath bhuaigh sé bonn craobhchomórtais le Clann na nGael agus bhí tamall ina bhall de Bhord an chontae.

Bhí a uncail Micheál Ó Loingsigh ina Leas-Uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge, craobh a bhí i mbarr a nirt ó thaobh ceoil agus drámaíochta de ar feadh 1935-50, agus ball gníomhach sa chraobh sin ba ea Seán. Deir Muiris de Prionnbhíol: ‘Bhíos féin mar rúnaí ar feadh 15 bliana. I rith an ama sin, bhí Seán Ó Síocháin gníomhach i gcónaí go mór mór sa drámaíocht agus sa chór.’ Toghadh é ina bhall de Choiste Gnóan Chonartha i 1943 agus chaith sé tamall ina bhall de Choiste an Oireachtais. Deir de Prionnbhíol freisin: ‘Ceapaim gurbh eisean a chuir tús le hIlchomórtais Iomána an Oireachtais agus a dhein réiteach le RTÉ chun na cluichí ceannais míonúir a chraoladh i nGaeilge. Thug sé tacaíocht láidir do Scór.’ Bhí sé ar dhuine d’iontaobhaithe Ghael Linn ó 1953 ar aghaidh.

Ní foláir nó fuair sé oiliúint san amhránaíocht. Bhuaigh sé duais ag an bhFeis Cheoil agus san iontráil a sholáthraigh sé le haghaidh Who’s Who, What’s What and Where in Ireland dúirt sé: ‘Sang two seasons as solo bass with Dublin Operatic Society.’ Luaitear go minic nach raibh sé sa láthair nuair a bhuaigh Corcaigh ar Aontroim i gcraobhchluiche iomána na hÉireann i 1943 toisc go raibh sé ag cleachtadh i gcomhair léiriú de The magic flute in éineacht leis an amhránaí mórcháiliúil Joan Hammond. Thaistil sé na Stáit Aontaithe ceithre huaire le buíon d’amhránaithe. Rinne sé bailéidí a thaifeadadh ar cheirníní 78 nuair is beag ar fad dá leithéidí a bhí le ceannach. Bhíodh sé rannpháirteach i gcláir raidió mar Round the fire, Ireland is singing agus Balladmakers’ Saturday night. Óna óige i gCill na Martra bhí cleachtadh aige ar an drámaíocht. Ba dhuine de phríomhaisteoirí Aisteoirí Chéitinn é. Deir Pádraig Ó Siadhail (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993: ‘I rith na ndaichidí agus na gcaogaidí, ba ghnách leis na Céitinnigh drámaí a stáitsiú go measartha rialta. I rith na mblianta seo, tháinig glúin nua aisteoirí chun tosaigh in Aisteoirí Chéitinn. Ina mbaill den ghrúpa éirimiúil seo, bhí Máirtín Ó Díomsaigh, Seán Ó Síothcháin, Seámus Ó Tuama agus Niall Tóibín.’

D’éag Pádraig Ó Caoimh ar 15 Bealtaine 1964 agus Seán a ceapadh mar Ard-Rúnaí Chumann Lúthchleas Gael ina dhiaidh. Deir de Prionnbhíol: ‘Eadránaí thar barr a bhí ann, tréith a bhí air a chur i bhfeidhm go minic mar oifigeach de Chumann Lúthchleas Gael ...’ Bunaíodh coimisiún i 1969 chun gach gné den Chumann a iniúchadh agus foilsíodh a mhórthuarascáil 1 Nollaig 1971. Tugadh teideal Ard-Stiúrthóra dó an bhliain dár gcionn. D’éirigh sé as a phost i 1979. Deirtear i gcuntas an Irish Times: ‘He was not interested in party politics, but in 1971 organised a “GAA Northern Relief Day” to identify the GAA in a positive and practical way with the relief of distress which had resulted from internment and more than two years of disturbances in Northern Ireland. Every county was asked to organise as many games as possible on that day, October 3rd, with all gate receipts being disbursed from Croke Park ... to families in need.’ Bhí baint mhór aige timpeall an ama sin leis an Christian Family Movement. Phós sé Caitlín Ní Dhonnchadha ar 27 Meán Fómhair 1943 agus bhí beirt mhac agus ceathrar iníonacha acu. Garmhac leis is ea Shane Ryan, peileadóir nótáilte tamall agus iománaí ar fhoirne Bhaile Átha Cliath ó 2002 ar aghaidh. D’éag sé ar 2 Feabhra 1997 agus cuireadh é i Reilig Fhine Gall, Co. Bhaile Átha Cliath.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú