Bhí baint mhór aige le Coláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne fad a mhair sé. Thug sé beagán eolais air féin in Inniu 1 Meitheamh 1973 agus é ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne. I ndiaidh a bháis bhailigh an Bráthair Seán Caomhánach eolas óna chomhbhráithre, ó mhuintir Dhairbhre, óna ghaolta, ó iardhaltaí agus ó dhaoine eile agus scríobh gearrbheathaisnéis; thug an Bráthair Hermes Ó Conchubhair tamall den foilseachán príobháideach seo d’údair na tuairisce seo. Sa Chaol i nDairbhre, Co. Chiarraí, a rugadh é 12 Meitheamh 1901; cailleadh an bheirt leanaí a tháinig roimhe ach mhair an seisear a tháinig ina dhiaidh, beirt chailíní agus ceathrar buachaillí. Ba iad Micheál Ó Loingsigh agus Caitríona Ní Chreimín a thuismitheoirí. Seán a baisteadh air; tugadh na hainmneacha Luanus Peter dó in ord de La Salle ach lig sé don ‘Luanas’ dul in éag. Saor bád a raibh feirm bheag aige an t-athair. Bhí deontais le fáil ag iascairí chun báid a cheannach agus d’íocadh Bord na gCeantar gCúng an costas díreach lena athair. Ba chainteoirí dúchais Gaeilge Micheál agus Caitríona agus bhí Gaeilge aige féin ó thús: ‘Nuair a tháinig seisean ar an saol bheadh an teanga ag “cúpla céad—nó b’fhéidir ceithre nó cúig chéad” san oileán’ (Ó Glaisne). Ach níor chuimhin leis am nach raibh Béarla aige; um an taca sin bhí Béarla le cloisteáil ar fud an cheantair. Aintín leis a bhí ar cuairt ó Mheiriceá a d’áitigh ar a mhuintir gur Béarla ba cheart dóibh a labhairt leis na páistí, rud nár mhaith sé riamh di.

Tar éis bunoideachais san oileán thosaigh sé ag freastal ar mheánscoil na mBráithre Críostaí i gCathair Saidhbhín i 1916. Shiúladh sé na trí mhíle go dtí an bád farrantóireachta a théadh trasna Chuan Bhéil Inse go dtí an Rinn Ard ar an mórthír. As sin théadh sé na trí mhíle go Cathair Saidhbhín ar an traein. Chaitheadh sé an geimhreadh ar lóistín sa bhaile sin. Cailleadh a athair nuair nach raibh ach an dá bhliain caite aige sa mheánscoil agus b’éigean dó a bheith ag obair ar an bhfeirm; ceithre bliana d’aois a bhí ag an duine ab óige sa teach agus deirtear in The Kerryman 8 Bealtaine 1992 gurbh é Peadar fear cothaithe an teaghlaigh. Chomh maith le hobair na feirme dhéanadh sé aon obair a bhí le fáil; chaith sé féin agus a dheartháireacha tamall de 1921 agus 1922 ag sailleadh ronnach do cheannaí éisc, iad ag sclábhaíocht ó dhubh go dubh. Fógra sa Kerryman faoi deara dó spéis a chur in ord de La Salle i 1924. Is ag tógáil sconsaí dealaithe, nuair a bhí coimín á roinnt ar fheirmeoirí an cheantair, a thuill sé costas a bhall éadaigh agus é ag dul isteach san ord.

Chaith sé bliain sa nóibhíseacht i mBaile an Chaisleáin, Co. Laoise, agus ansin aistríodh é go Greenville House, Cill Mhic Bhúith, Co. Chill Chainnigh, agus bhí ann ar feadh 1925-26. Bhuaigh sé Scoláireacht an Rí agus bhí i gColáiste Oiliúna de La Salle, Port Láirge, ar feadh 1926-28. Chaith sé dhá bhliain eile ag múineadh i gCill Mhic Bhúith. Ó 1930 bhí sé sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; glacadh leis go raibh an chéad bhliain curtha de aige sa choláiste oiliúna. ‘I ndeireadh a chúrsa bhuaigh sé céad-onóracha sa Ghaeilge agus sa Bhéarla agus Duais Theach an Ard-Mhéara ar an nGaeilge chomh maith. Mar sin féin, in áit ligean dó obair a dhéanamh don chéim MA agus don Ard-Teastas Oideachais is amhlaidh a chuir an Cúigíoch siar go Caisleán an Bharraigh i gContae Mhaigh Eo é chun an mhatamaitic a mhúineadh’ (Caomhánach).

Ó 1933 go 1940 bhí sé ag múineadh i gColáiste na Mumhan, coláiste ullmhúcháin de La Salle, a bhí lonnaithe go sealadach i Mala. Bhí gach ábhar, an Béarla san áireamh, á múineadh trí Ghaeilge aige. Nuair a osclaíodh Coláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne, coláiste ullmhúcháin nua, is ann a bhí sé ag múineadh go ceann ceithre bliana is fiche go dtí gur druideadh na coláistí ullmhúcháin i 1962. I nGaeilge a mhúineadh sé gach ábhar ansin freisin. Thugadh sé muintir Chúil Aodha isteach sa choláiste ‘chun a ndúchas agus a dtalainn a roinnt linn’ (Caomhánach). I measc na n-iardhaltaí aige ansiúd agus i Mala a bhain cáil náisiúnta amach tá Seán Ó Síocháin, Diarmaid Ó Súilleabháin, Micheál Ó Muircheartaigh, tráchtaire ar chluichí, agus an t-amhránaí Seán Ó Sé. Bhí meánscoil lánGhaelach ann ag an ord go ceann tamaill i ndiaidh a dhruidte mar choláiste ullmhúcháin. As sin, aistríodh é i 1964 go Teach Fáithlinge i gContae Phort Láirge agus bhí sé ina leasuachtarán ann. Chaith sé 1965-84 ag múineadh i mBaile an Teampaill, Baile Átha Cliath. ‘Trí thimpiste éigin thit sé go ciotach dá chathaoir agus é ag éirí agus gortaíodh ballnasc ina ghlúin. Bhí a thuras deireanach siúlta ag Peadar bocht’ (Caomhánach). Is i dteach banaltrais na mBráithre i mBaile an Chaisleáin a bhí sé gur cailleadh é 23 Aibreán 1992; tá sé curtha i reilig na mBráithre ann.

Ó 1932 ar aghaidh bhíodh ailt á scríobh aige. Foilsíodh an chéad cheann in The Standard. Faoin ainm cleite ‘An Dairbhreach Dána’ a scríobhadh sé ar dtús, ainm a d’úsáideadh Seán Ó Ceallaigh (‘Sceilg’) roimhe. Bhí cúinne don aos óg aige in An Camán faoin ainm cleite ‘Fionán’. I mBaile Átha Cliath dó bhí deis aige taighde a dhéanamh sa Leabharlann Náisiúnta agus scríobhadh sé in Inniu agus Deirdre. Bhí dhá aiste i gcló aige in Fir 1867, 1967 in eagar ag Deasún Mac Uidhir. Cnuasach dá aistí is ea Dorn Mine, 1976; is ann freisin atá na haistí sin a scríobhadh sé san Evening Press faoin ainm ‘Seán Ó Creimín’. Thugadh sé léachtaí i ngach ceantar den tír ar ghnéithe de stair na hÉireann.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú