Rugadh Bríd Ní Loingsigh i mbaile fearainn Chill Mhic Iarainn Thoir, paróiste na Dromad, Uíbh Ráthach, Co. Chiarraí, ar 11 Bealtaine 1893. Iníon í le sean-Fhionán Ó Loingsigh (c.1849-1907) agus a bhean Eibhlín Nic Cárthaigh. Deartháireacha léi an tAthair Seán Ó Loingsigh agus Fionán Ó Loingsigh. Ba chol ceathracha léi Fionán Mac Coluim agus Cormac Ó Cadhlaigh. Tuairim 1916 cháiligh sí mar mhúinteoir i Sráid Maoilbhríde; is ann freisin a cháiligh a deirfiúr Máire. Chaith sí an chuid ba mhó dá saol ag múineadh i scoil náisiúnta a bhí ag na hÍosánaigh i Sráid Dorset i mBaile Átha Cliath. Sular cailleadh a deirfíúr Eibhlín Uí Mhóráin shocraigh Bríd go dtabharfadh muintir Uí Loingsigh aire dá mac Dónall Ó Móráin. Thug Bríd go Baile Átha Cliath é nuair a bhí sé thart ar dhá bhliain déag d’aois agus bhí mar mháthair aige as sin amach.

Scríobh sí Obair snáthaide, 1931. Deir sí sa réamhrá: ‘Táim fé chomaoin ag mo dheartháir an tAthair Seán Ó Loingsigh i nDubháth i gCiarraí a bhailigh an chuid is mó de sna téarmaí dhom ó na daoinibh i bParóiste an Fhirtéirigh i gCorca Dhuibhne.’ I gcomhar lena cara Caitlín Ní Bhroin agus le Pádraig Ó Siochfhradha scríobh sí Cluichí faithche do pháistí, c.1937. D’aistrigh sí Irish fairy tales le Edmund Leamy (1848-1904) mar Sidhe-scéalta, 1932. Tá litir Eoghain Uí Ghramhnaigh 15 Nollaig 1889 chuig Leamy mar thulmhaisiú ann. Is inspéise gur iarr Ó Gramhnaigh cead ar Leamy cuid díobh a aistriú go Gaeilge. Faoin teideal Síobhraí na mbeann agus na ngleann, 1939 d’aistrigh sí Fairy legends and traditions of the South of Ireland le Crofton Croker. D’aistrigh sí freisin dráma do pháistí le Leamy, An sidhe-cheoluidhe, 1936. Foilsíodh freisin: Búirtín, 1953, leabhar do leanaí; Scéalta ón mBíobla,1970; An díle, 1971. Ba í a d’aistrigh scéalta Eileen Ó Faoláin: Púca Bán Chorcaighe, 1955, Rí na gCat, 1931, An circín dubh, 1948. Bhí cónaí uirthi ag 188 Bóthar Uíbh Ráthach. D’éag sí ar 13 Lúnasa 1974. Dónall Ó Móráin a bhí ina sheiceadóir ar a heastát.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú