Tá cuntas air ag Pádraig Ó Loingsigh in Agus, Eanáir 1973, a deir sé atá bunaithe ar leabhar nótaí a scríobh Donnchadh i mBéarla agus atá anois i seilbh a mhuintire, Muintir Chriodáin, Cúil Iarthach. I gCúil Aodha, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, a rugadh é. Amhlaoibh a bhí ar a athair agus ba de mhuintir Mhurchú ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh a mháthair (Seanachas Phádraig Uí Chrualaoich). Thosaigh sé ag freastal ar Scoil Chúil Aodha in 1856 agus bhí ina dhiaidh sin i scoil Mr Wall i Maigh Chromtha agus sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh. Bhí léamh na Gaeilge aige agus Timothy O’Sullivan’s Pious Miscellany (eagrán 1858, b’fhéidir), chomh maith le leabhair eile agus lámhscríbhinní, léite aige. Deir Pádraig Ó Loingsigh go raibh sé ina bhall de Chumann na bhFear Óg i gcathair Chorcaí agus go raibh tionchar ag na Fíníní ar chraobhacha Chorcaí den chumann sin. Nuair a chuaigh sé isteach sna Fíníní i Maigh Chromtha ceapadh é ina thimire i mBaile Bhuirne. I measc na ndaoine a chuir sé faoi mhóid bhí cúigear póilíní agus aithreacha Sheáin Uí Chuill agus Mhichíl Uí Chuill. Thug sé trí raidhfil leis ó Mhaigh Chromtha. Ach níor shroich aon fhógra Baile Bhuirne go dtí i ndiaidh an Éirí Amach. Nuair a bunaíodh Conradh na Talún sa sráidbhaile ba é Donncha a ceapadh ina rúnaí. Ba é a dhear an bhratach agus a chuir na focail ‘Ceart dom, Ceart duit’ uirthi.

Tá a ainm i liosta na síntiúsóirí in Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair 1883. Trí bhotún, is dóigh, a tugadh ‘An Scoil Náisiúnta, Baile Bhuirne’ mar sheoladh. Ag am a bháis dúradh go raibh dhá scór bliain caite aige i Scoil Chúil Aodha. Bhí sé ina rúnaí ar chraobh Bhaile Bhuirne de Chonradh na Gaeilge ó thosach go dtí tuairim 1902. Bhí nóta aige i dtaobh Baile Bhuirne mar logainm in Irisleabhar na Gaedhilge, Márta 1899. Thug Tomás Bán Ó Concheanainn cuairt ar an scoil 23 Samhain 1899: ‘In Coolea N.S. there are 90 pupils, and the teacher is Daniel [sic] Lynch, who contributed Béarlagar na Saor to the Gaelic Journal [Márta agus Deireadh Fómhair 1899]. All the children are Irish-speaking, but no Irish is taught. However, a class will be started in a week or two’ (An Claidheamh Soluis 30 Nollaig 1899). Briseadh as a phost é tuairim 1904, mar gheall, deirtear, ar an dúil a bhí aige san ól faoin am sin. Donncha Ó Buachalla a tháinig ina ionad. Toghadh ina bhall de Chaomhnóirí Thithe na mBocht i Maigh Chromtha é (An Claidheamh Soluis 10 Meitheamh 1905). Bhí sé pósta ar dhuine de mhuintir Chonchubhair. Bhí aon iníon amháin acu. D’éag sé 11 Márta 1935 i gCúil Iarthair. 85 bliana d’aois a bhí sé de réir an teastais báis.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú