Ó MUIMHNEACHÁIN, Diarmuid (1866–1934) Diarmuid Ó MUIMHNEACHÁIN Máire Bheag Corrán Tuathail Dhá Chích Dhanann 1866 1934 An Lománach, Co. Chorcaí Bealach Conglais, Co. Chill Mhantáin M Scoil Chluain Chaoin, Cill Airne, Co. Chiarraí múinteoir file póilín Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Sa Lománach, Baile Bhuirne, a rugadh é ar 1 Meán Fómhair 1866. Ba é an duine ab óige é ag Seán Mór Ó Muimhneacháin agus Neil Ní Choileáin. Filí ba ea Seán Mór agus a athairsean Conchubhar. Ba shin-seanuncail le Diarmuid an file Séamus Mór Ó Muimhneacháin. Tá cuntas ar mhuintir Mhuimhneacháin in Amhráin Shéamuis Mhóir Uí Mhuimhneacháin (g.d.) le Conchubhar Ó Muimhneacháin. Déanann sé an tagairt seo do Dhiarmuid: “Agus cá bhfuil an té nár chuala trácht ar an Rí-Fhile ‘Dhá Chích’ i. Diarmuid mac Sheáin Mhóir, mic Chonchubhair, mic Eoghain Mhic Eoghain Mhóir Uí Mhuimhneacháin?”

Talamh ar mhargadh bliana a bhíodh ag Seán Mór. D’aistrigh sé go dtí na Millíní i mBaile Bhuirne agus, nuair a bhí trí bliana d’aois ag Diarmuid, go dtí Doire Aimhréidh i bparóiste Ghleann Fleisce i gCiarraí, lámh le Dhá Chích Dhanann agus cois Fleisce agus Claedí. I Scoil Chluain Chaoin ansiúd a fuair sé a chuid oideachais. Bhíodh sé ag giollaíocht do na cuairteoirí a thagadh go dtí an ceantar ag fiach agus ag iascaireacht. Beirt díobh sin a d’ainmnigh é don Chonstáblacht Ríoga agus glacadh leis sa bhfórsa ar 1 Meán Fómhair 1890. Fear breá scafánta é um an dtaca seo, é sé throigh go leith ar airde agus cáil air mar scéalaí agus mar rinceoir.

Tar éis tamaill sa cheannarás i mBaile Átha Cliath cuireadh go Cairbre, Co. Chill Dara, é. Ón mbliain 1894 bhí sé i Maigh Nuad. Phós sé Mairéad Brearton ó Bhaile na Cille ar 7 Meán Fómhair 1899 agus b’éigean dóibh aistriú go Bealach Conglais, Co. Chill Mhantáin. Bhí seachtar clainne acu. Faoi 1912 bhí sé lonnaithe i gCill Téagáin agus ardú céime faighte aige. Faoi 1916 ba é an sáirsint i mbeairic Bhealach Conglais é. Chuaigh sé amach ar pinsean i Meán Fómhair 1920.

Dar le Risteard Ó Foghludha, eagarthóir Bhéarsaí "Dhá Chích Dhanann" (1946) go raibh sé mór le ceannairí ghluaiseacht na saoirse agus gurbh iomaí cogar a chuir sé ina gcluasa. Thagadh a bhuanchara Cathal Brugha ar cuairt go dtí an bheairic chuige nuair a tharlaíodh sa cheantar sin é. Chum Diarmuid caoineadh air nuair a maraíodh é.

“Ár mairbh”, dán caointe ar Eoghan Ó Gramhnaigh agus ar Liam Ó Maolruanaí faoin ainm cleite “Corrán Tuathail” san United Irishman ar 7 Meán Fómhair 1901, an chéad dán a bhí i gcló aige. Bhí leagan Béarla ag Art Ó Gríofa in eineacht leis. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar fhilíocht sa tréimhse 1902–10 agus bhíodh a dhéantús i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge, Sinn Féin, Misneach, The Leader ... faoin ainm “Dhá Chích Dhanann”. Bhí baint aige le bunú Chumann na hÉigse i gCorcaigh i 1907 agus tá saothar leis ina a gcuid foilseachán Saothar suadha (1907–11). Bhíodh Risteard Ó Foghludha ag tathant air a dhánta a chur le chéile lena bhfoilsiú. Airsean a thit sé eagar a chur orthu ar deireadh agus scríobh sé nóta cuimsitheach beathaisnéise ar Dhiarmuid le foilsiú in éineacht leo.

Thóg sé feirm bheag ar cíos i Mainéar Chill Bhríde i gCill Mhantáin i 1921 agus chaitheadh sé go leor ama ag fiach is ag foghlaeireacht sa cheantar. Ar feadh seacht ngeimhreadh bhíodh sé ag múineadh ranganna i dTamhlacht, sa Bhriotás agus i gCaisleán Nua. Deirtear gur bhreá an múinteoir é, féith an ghrinn ann, tarraingt ar a thoil aige ar an bhfilíocht, é ina rinceoir breá. Ach b’éigean dó éirí as an obair sin nuair a tholg sé galar croí. D’éag sé ar 16 Meán Fómhair 1934 agus tá sé curtha i mBealach Conglais.