A bhfuil ar eolas i dtaobh an fhile seo tá sé go léir, nach mór, ag Risteárd Ó Foghludha inPádraig Phiarais Cúndún 1777-1856 [sic—tá 1857 aige ar lch xxi], 1932. An phríomhthábhacht a bhaineann leis gur scríobh sé litreacha abhaile ó Mheiriceá, a ndeir Breandán Ó Buachalla fúthu: ‘Is iad na litreacha sin uaidh an t-aon chnuasach mar iad atá againn sa Ghaeilge . . .’ (‘Litreacha Phádraig Phiarais Cúndún’ in Go Meiriceá siar: na Gaeil agus Meiriceá: cnuasach aistí, 1979 in eagar ag Stiofán Ó hAnnracháin). Deir sé freisin nach fios anois cá bhfuil an lámhscríbhinn ina bhfuair Ó Foghludha bunchóip na litreacha. Deir Séamus Ó Casaide in The Irish Book Lover, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1932 gur fhoilsigh Pádraig Stúndún cuid díobh in The Irishman tuairim 1880.

Sa tSeanchoill, baile fearainn in aice le Baile Mhac Óda in oirthear Chontae Chorcaí, a rugadh an mac seo le Máire agus Piaras Cúndún. Bhí feirm 54 acra acu ar bhruach abhainn taoide na hUaimní agus sceitheadh an t-uisce isteach ar chuid mhaith den talamh in aimsir rabharta. Creidtear nár chaith Pádraig aon lá ar scoil agus nach raibh aon Bhéarla aige, ach go raibh sé mór leis na múinteoirí a raibh scoileanna scairte acu sa cheantar. Ní deir Ó Foghludha conas a d’éirigh leis léamh agus scríobh na Gaeilge a fhoghlaim. Tá fianaise ar fáil go bhfanadh seanmháistir scoile ó Chontae Luimnigh ina theach sa tSeanchoill. Deir Breandán Ó Conchúir in Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850: ‘Bhí tamall éigin tugtha aige, leis, mar mhúinteoir ag lucht an Bhíobla’.

In 1811, in aois 24 bliain dó, phós sé Mairéad Nic Charrthaigh, cailín 19 bliain d’aois ó Chluain Pruachais. Chóipeáil Ó Foghludha an tuairisc ar an teaghlach i nDaonáireamh 1821 sular scriosadh na taifid i 1922. Tugadh aois Phádraig (40) go botúnach, deir sé. Ba iad an chlann a bhí acu: Piaras (9), Eibhlín (8), Caitlín (2) agus Mairéad (1). Bhí cailín aimsire (15) agus buachaill aimsire (20) fostaithe acu. Theip ar ghnó na feirme. Tharla d’fheirmeoirí ní ba láidre ná é, iad ag obair scóir dá máistrí agus gan a ndóthain de phrátaí tura féin acu go minic. Tuairimítear freisin go raibh sé róthugtha don fhilíocht agus don chomhluadar. B’fhéidir nach raibh sé chomh himníoch is ba chóir dó a bheith ina ghnó féin sa bhaile, a deir Ó Foghludha. B’fhéidir freisin gur baineadh an fheirm de, agus ina scríbhinní cuireann sé a mhilleán ar a shean-namhaid, ‘Baoltach na Cleithe’, ‘go dtáinig an duine sin laistigh de féin leis an máistir, gur inis sé cúrsaí Phádraig dó agus go bhfuair duine eile an fheirm’ (Ó Foghludha). Tuairim 1826 a sheol sé féin agus a mhuirear as an gCóbh. Ba é an buille a thug air imeacht ar deireadh, b’fhéidir, fómhar na bliana sin a bheith chomh dona. Thug sé leis roinnt uirlisí feirme. Bhí trí fheirm ag col ceathracha leis in aice le Utica, baile i gcontae Oneida i stát Nua-Eabhrac, 260 míle ó chathair Nua-Eabhrac. Roghnaigh sé cur faoi i Machaire an Fhia (Deerfield Hills), trí mhíle ó Utica, baile ina bhféadfadh sé dul ar aifreann. Fuair sé cairde seacht mbliana chun talamh a cheannach ar dheich ndollar an t-acra.

In 1834 bhí an t-airgead aisíoctha agus is ansin a thosaigh sé ag seoladh litreacha agus dánta abhaile chuig a sheanchomharsana. I gceantar Eochaille cuireadh spéis mhór sna litreacha mar gheall ar an eolas praiticiúil agus na comhairlí iontu a chabhródh le daoine a mbeadh fonn imirce orthu. Rinneadh cóipeanna ar fud na dúiche. Thugadh comharsana freagraí ar na litreacha agus lean an comhfhreagras anuas go 1856. ‘The first letter (Christmas, 1834) contains no less than 278 lines of verse, describing the American mode of life, the morals (and want of morals) of the Yankees; in his letters he quotes the price of commodities, oats, potatoes, etc. He praises things American as regards wages, treatment of workmen, etc., but notwithstanding all the comforts prevailing, he states his preference for life (and death) in his native land’ (‘Some Literary Worthies of Imokilly’ le Risteárd Ó Foghludha in Cork Historical and Archaeological Journal, Iúil-Nollaig 1945). Tá an chuid is inspéise de phrós litreacha Phádraig tugtha i dtreo chaighdeán litrithe na Nua-Ghaeilge ag Ó Buachalla in Go Meiriceá siar. In Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850, 1982 (An Clóchomhar) tá tagairt ag Breandán Ó Conchúir do litreacha, atá ar marthain, a scríobh an file ar 22 Meitheamh 1823 agus ar 30 Márta 1852, an chéad cheann chuig Cáit Gráidhin i mBaile Uí Lorcáin, Callainn, agus an dara ceann chuig Tomás Stac in Uí Mhic Coille. Deir Ó Conchúir: ‘Ba dhóigh le duine nach raibh aon spéis ag an gCúndúnach i saothrú na lámhscríbhinní, sa mhéid gur bhain sin le hathscríobh an ábhair léannta thraidisiúnta; an fhilíocht dhéanach, agus go háirithe a chuid filíochta féin, ba mhó ba shuim leis’.

Gan amhras is é ‘Tórramh an Bharaille’, amhrán ag moladh Baile Mhac Óda, an píosa is mó a bhfuil eolas air ag an saol Fódhlach. Deir Ó Casaide gur cuireadh i gcló é, den chéad uair, is dóigh, in The Irishman tuairim 1880. Deir sé freisin gur dóigh leis gur cuireadh dán 16 líne ag fáiltiú roimh Dhiúc Devonshire i gcló in Waterford Mirror tuairim 1823.

Fuair a bhean bás in 1840 agus d’éag sé féin ar 13 Márta 1857. Deir Breandán Ó Conchúir: ‘Agus is eol dúinn go raibh cnuasach d’amhráin Ghaeilge á aithscríobh aige thall sa bhliain 1857, bliain a bháis.’ Tá sé curtha i Reilig Naomh Agnes in Utica. ‘Níl duine dá shloinne ar a shliocht beo inniu [1932]’, a scríobh Ó Foghludha.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú