ROBINSON, Tim (1935–2020)
Le caoinchead ó Sheán Ó Mainnín

‘Fear na Mapaí’ a thugtaí go ceanúil ar Tim Robinson in Árainn agus i gConamara óir b’in mar a chuir pobail na gceantar úd aithne i dtosach air agus é ag dul thart ar a rothar agus ag cur faoi ar lóistín i dtithe leaba agus bricfeasta. É ag siúl roimhe agus ina dhiaidh agus ag cruinniú eolais. An fear seo: Sasanach nach raibh dhá fhocal Ghaeilge aige nuair a tháinig sé go hÁrainn i dtosach sa mbliain 1972 ach a mbíodh fonn air bleid a bhualadh ar dhuine ar bith a bhféadfadh sé an blúire eolais ba lú a phiocadh as faoi logainm nó logán, faoi chloch nó carraig, faoi chuan nó cosán. Bhí muintir Árann, Chonamara agus na Boirne ar fad faoi chomaoin aige. Mar a dúirt Micheál D. Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann, ar a bhás:

He will be remembered for his deep understanding of and affection for the landscape, heritage and people of Connemara, the Burren and the Aran Islands, which allowed him to reveal, in such an engaging way, so much of that which had escaped the less trained, less thoughtful and less sympathetic eye. He sought to draw attention to the incalculable value of the natural world and the threats that exist to our linguistics, cultural and physical heritage.

Thug Seosamh Ó Cuaig (Tuairisc.ie, 7 Aibreán 2020) cuntas freisin ar an oidhreacht a d’fhág sé ina dhiaidh: ‘Is minic a dúradh faoi dhuine cáiliúil eicínt gur chuir sé nó sí ceantar ar an mapa. Is cinnte go ndearna Tim Robinson é go beacht críochnúil.’ ‘In map after map and book after book, Tim Robinson created a unique ecological chronicle of the prime western landscape,’ a scríobh Michael Viney in The Irish Times, 11 Aibreán 2020. Bhí sé ‘without equal,’ dar leis an scannánóir Pat Collins agus é ag scríobh in Sunday Independent, 12 Aibreán 2020, agus ‘widely regarded as one of Ireland’s greatest not fiction writers,’ dar le Una Sinnott in Galway Advertiser, 9 Aibreán 2020.

Ba as Yorkshire Shasana Tim Robinson ó dhúchas. Scríbhneoir, cartagrafaí, matamaiticeoir, ealaíontóir agus maisitheoir a bhí ann a chaith breis agus dhá scór bliain ag déanamh taifead ar iarthar na hÉireann. Thar na blianta thaifead sé mioneolas cultúir, teangeolaíochta, luibheolaíochta, seandálaíochta agus geolaíochta faoin áit agus chruthaigh sárshaothar litríochta agus cartagrafaíochta ag an am céanna.

Rugadh agus tógadh in St Albans i Sasana é, duine de bheirt mhac a bhí ag Grace (née Drever) agus Frank Robinson agus a thóg siad in Ilkley in Iarthar Yorkshire. Bhíodh a mháthair ag dearadh fuinneog le haghaidh siopaí faiseanta i Londain sna 1930idí agus díoltóir trealaimh innealtóireachta a bhí ina athair. Nuair a bhí Tim ina ghasúr, theastaigh uaidh a bheith ina ealaíontóir agus ina mhatamaiticeoir. Thuig sé go raibh sé in ann saothar ealaíne a chruthú gan freastal ar choláiste ealaíne ach níorbh amhlaidh an scéal don mhatamaitic, rud a bheadh, dar leis, ar an leibhéal cruthaitheachta daonna is airde.

Sna 1950idí ghnóthaigh Robinson scoláireacht le dul ag déanamh staidéir ar an matamaitic agus ar an bhfisic in Ollscoil Cambridge. Tar éis dó a chéim a bhaint amach, rinne sé a sheirbhís leis an Royal Air Force mar theicneoir ag riaradh gaireas radair sa Malae. Chuir sé aithne ar a bhean, Mairéad Fitzgibbon, sa Camden Arts Centre i Londain, áit a raibh sí ina bainisteoir. Phós siad sa mbliain 1959. Thaistil siad le chéile agus chaith siad tréimhsí in Iostanbúl na Tuirce agus i Vín na hOstaire sula ndeachaigh siad chun cónaithe i Londain in 1964. Le linn dóibh a bheith sa Tuirc, mhúin Tim matamaitic agus fisic san American College (Ollscoil Bosphorus anois) in Iostanbúl. Phéinteáladh agus thaispeánadh sé píosaí ealaíne faoin ainm cleite Timothy Drever. Agus é ar ais i Londain d’oibrigh sé mar fho-eagarthóir agus mar dhearthóir teicniúil chun íoc as costais a thaispeántas ealaíne.

Ach tar éis dó féin agus Mairéad cuairt a thabhairt ar Árainn i samhradh na bliana 1972 – cuairt ar spreag an scannán Man of Aran le Robert Flaherty é – shocraíodar ar dhul ar ais chun cónaithe ann i mí na Samhna 1972 agus gan focal Gaeilge ag ceachtar acu. Luaigh sé féin ceann de na cúiseanna a bhí leis an aistriú chun na Gaeltachta: ‘... my psychological difficulties navigating the London art world and its demands for money. I had the romantic idea that whatever art is, it is the opposite of money, but I forgot that opposites attract.’

Thug Robinson faoi fhoghlaim na Gaeilge, é ag bailiú logainmneacha agus dinnsheanchais agus ag scríobh faoi mhionsonraí thírdhreach oileáin Árann ar dtús, agus faoi Chonamara agus faoin mBoirinn ina dhiaidh sin. Chuirtí fáilte roimhe i dtithe na ndaoine nuair a thagadh sé ar cuairt chun ainmneacha na ngarranta, na gcnoc, na gcarraigeacha agus na mbailte fearainn máguaird a fháil amach.

Maidir lena shaothar scríbhneoireachta agus foilsitheoireachta, rinne Robinson léarscáileanna áille d’Oileáin Árann, den Bhoirinn agus de Chonamara. Thug sé ‘the ABC of earth wonders’ ar na trí thírdhreach mionsonraithe ach imeallaithe seo. Ba Folding Landscapes – an t-inphrionta a bhí á rith aige féin agus Mairéad óna mbaile i gCloch na Rón, áit ar lonnaigh siad sa mbliain 1984 – a d’fhoilsigh a chuid léarscáileanna.

Bhí saibhreas eolais ina orlaí trína chuid oibre: sna scríbhinní, sna mapaí agus sa gcairteoireacht. Bhí stór iontach eolais cruinnithe aige ó bheith ag siúl na talún, ag caint agus ag éisteacht le muintir na háite agus ón ‘infinity of looking,’ mar a thug sé féin air. Is beag orlach d’Árainn, den Bhoirinn nó de Chonamara nár fhág sé lorg a bhróg air. Ní iontas go ndúirt Robert Macfarlane, scríbhneoir dúlra as Sasana, faoi: ‘few writers succeed in giving their prose the characteristices of the terrain they were describing as fully as Robinson.’

Ar na leabhair is tábhachtaí dá chuid, tá an dá imleabhar faoi Árainn, Stones of Aran: pilgrimage (Lilliput Press/Wolfhound, 1986) agus Stones of Aran: labyrinth (Lilliput Press, 1995), chomh maith le ‘Triológ Chonamara’ mar a thugtar orthu: Listening to the wind (Penguin, 2006), The last pool of darkness (Penguin, 2008) agus A little Gaelic kingdom (Penguin, 2011). D’fhoilsigh sé leabhar aistí freisin, My time in space (Lilliput Press, 2001), agus foilsíodh a leabhar deireanach, Experiments on reality (Penguin), in 2019.

Bhuaigh sé an Irish Book Awards Literature Medal agus an Rooney Prize Special Award for Literature agus go leor duaiseanna eile. Toghadh é mar bhall d’Aosdána sa mbliain 1996 agus glacadh leis mar bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann sa mbliain 2011. Bhí a shaol agus a shaothar ina n-ábhar ag scannán faisnéise sa mbliain 2011: Tim Robinson: Connemara leis an scannánóir Pat Collins.

Mar thoradh ar an gcur chuige cáiréiseach a bhí aige, tá cartlann shaibhir de ghrianghraif, taifid logainmneacha, leabhair thagartha, comhfhreagras le scríbhneoirí eile, lámhscríbhinní agus bunchóipeanna dá chuid leabhar fágtha againn. Bhronn sé an chartlann seo ar Leabharlann James Hardiman in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ina bhaisceanna ó 2006 go 2014. Spreag – agus spreagann i gcónaí – a chuid scríbhneoireachta agus cartagrafaíochta saothair scolártha in Éirinn agus thar sáile.

Dúirt Robinson nach bhféadfadh sé aon obair a dhéanamh gan cúnamh agus comhairle fhlaithiúil a fháil ó shaineolaithe luibheolaíochta, geolaíochta agus seandálaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh: ‘Chuaigh mé chomh minic isteach is amach sa gColáiste gur chuir mé dallamullóg orm féin gur bhall foirne a bhí ionam, ach is mac léinn síoraí mé,’ a dúirt sé. Le linn dó a bheith ag bronnadh a chartlainne ar an Ollscoil, dúirt sé: ‘Ba mhaith linn Conamara a fhágáil leis an mbeagán a thug muid dó – agus gach rud a thabhairt ar ais do Chonamara.’ Dúirt sé ar ócáid eile:

Among the historical roots of Ireland’s carelessness of place is the retreat of its language and the accompanying anglicisation of its place names, which have been defaced, rendered dumb and sometimes reduced to the ridiculous. To undo a little of this has been for me, an Englishman, a work of reparation.

D’fhág sé a theach cónaithe i gCloch na Rón ag an Ollscoil freisin agus bhronn sé saothair ealaíne dá chuid ar Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Thugadh Tim agus Mairéad cuireadh dá gcairde gach bliain chuig a dteach cónaithe nuair a bhíodh geallta bád i gCloch na Rón, óir bhí an teach díreach os cionn na farraige agus amharc iontach ar na geallta bád uaidh. Bhíodh eolas agus seanchas á roinnt le linn na laethanta sin freisin.

Bhí an-chairdeas idir Tim agus Liam Mac Con Iomaire agus d’oibrigh siad le chéile ar go leor tograí. D’aistrigh Liam roinnt de shaothair Tim go Gaeilge, ina measc Conamara Theas: áit agus ainm (Mapping South Connemara) (Coiscéim, 1992), Camchuairt Chonamara Theas (A twisty journey: mapping South Connemara, Part 1-59) (Coiscéim, 2002), agus Spás, am, Conamara (Space, time, Connemara) (Coiscéim, 1993). I mír amháin as an leabhar deireanach sin, deir Tim agus é ag caint faoin nGaeilge agus faoi Chonamara:

... san áit a maireann an Ghaeilge, tá an traidisiún chomh láidir sin fós, ó thaobh scéalta, amhrán agus ainmneacha áite, go gceapfadh duine go raibh na laethanta agus na hoícheanta níos faide i gConamara fadó, le go bhféadfaí éisteacht lena raibh le rá faoi Chonamara.

Chomh maith leis na haistriúcháin sin, d’aistrigh Tim agus Liam Cré na cille go Béarla faoin teideal Graveyard clay (Yale University Press/Cló Iar-Chonnacht, 2016). Bhronn an Modern Language Association of America an MLA‐Roth Award ar an mbeirt, gradam céimiúil a bhronntar ar aistriúcháin ar shaothar liteartha go Béarla. Foilsíodh an saothar deireanach ó lámh Tim, Experiments on reality, sa mbliain 2019. ‘No, there is only one world, and that is all we need to know,’ an chríoch a chuir sé le réamhrá an leabhair sin.

D’aistrigh Tim agus Mairéad go drogallach go Londain roinnt blianta sular bhásaigh siad mar go raibh an tsláinte ag teip orthu agus chuir siad fúthu in árasán in West Hampstead. Bhásaigh siad beirt den ghalar Covid-19: Mairéad ar 18 Márta 2020 agus Tim coicís ina dhiaidh sin ar 3 Aibreán 2020 in Ospidéal St Pancras, Londain. Scaipeadh a luaithreach i gCloch na Rón.

Micheál Ó Conghaile

Ailt

Eile