Ó CONLUAIN, Proinsias (1919–2013)

Bhí an t-údar seo ar dhuine de na craoltóirí ba thábhachtaí ag Radio Éireann (Radio Telefís Éireann ar ball) ó 1947 go 1984. Gheofar cuntais ghairide ar a shaol in The companion to Irish traditional music (Vallely 1999), in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945–1995 (Ó Cearnaigh 1995) agus i gcolún na marbh in Irish Times 8 Meitheamh 2013. Sa nuachtán céanna 12 Meitheamh 2013 tá cuntas ag an scríbhneoir Alan Titley ar a chumas scríbhneoireachta agus craoltóireachta. Tá gan amhras tagairtí dá shaothar raidió in Forty years of Irish broadcasting (Gorham 1967). In Seisíoch Mhic Fhearghail i gceantar na Binne Boirbe, Co. Thír Eoghain, a rugadh é ar 17 Lúnasa 1919. Ba é Bearnard Ó Conluain a athair, fear a d’fhill ó Stáit Aontaithe Mheiriceá chun páirt a ghlacadh in Éirí Amach 1916 i gceantar na Binne Boirbe. Ba í Máire Ní Earáin (Mary Heron) ón gceantar sin a mháthair agus bhí a muintirsean gníomhach sa pholaitíocht náisiúnaíoch; uncail léi ba ea an Seanadóir P.T. Kelly. In Dúiche Néill: Journal of the O’Neill Country Historical Society (2003) scríobh Proinsias cuntas ar an muintir sin (‘A Remarkable Tyrone Family: The Kellys of Anagasna Glebe: a memoir by a relative’). Bhí Proinsias ar dhuine de bhunaitheoirí an tréimhseacháin léannta sin, Dúiche Néill, é tamall ina uachtarán ar an O’Neill Country Historical Society. Ba iad a d’fhoilsigh a leabhrán ‘Dutiful old knight’ and formidable foe: Tarlach Luineach Ó Néill, the man from Munterloney (2004).

Scríobh Alan Titley:

Bhí sé ar dhuine de laochra úd Radio Éireann a mhínigh an tír di féin. Is deacair creidiúint cheart a thabhairt don Aonad Seachtrach Craolacháin a raibh sé féin, Seán Mac Réamoinn agus Seámus Ennis go mór ina lúib a bhailigh, a chaomhnaigh agus a chraobhscaoil oiread sin de bheatha na ngnáthdhaoine i 40idí agus i 50idí na haoise seo caite.

Cuireadh meánoideachas ar Phroinsias i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha, agus bhí Seán Ó Baoill (1908-79) ar dhuine de na hollúna a chuaigh i gcion go mór air ann. Ghnóthaigh sé scoláireacht ollscoile de chuid Chomhairle Contae Thír Eoghain ach ní raibh airgead na scoláireachta, dá mba fhíor, ag an gcomhairle ag an bpointe ama sin. Creideadh go coitianta gur toisc gur Chaitliceach Rómhánach é Proinsias a tharla ganntanas sin na comhairle. Tairgeadh airgead na scoláireachta dó ar deireadh ach faoin am sin bhí post státseirbhíse i mBaile Átha Cliath gnóthaithe ag Proinsias. Maith mar a tharla, is sa Ghúm a cuireadh ag obair é idir 1940 agus 1947. Bhí sé ina bhall de Ghlúin na Buaidhe ó 1941 nuair ba chraobh de Chonradh na Gaeilge go fóill í agus, ón uair a bunaíodh Inniu in 1943, bhí sé ag soláthar ábhair don pháipéar sin. Ciarán Ó Nualláin a bhí ina eagarthóir air. Dar le Proinsias Mac an Bheatha in Téid focal le gaoith (1967) labhraíodh Proinsias ag cruinnithe sráide Ghlúin na Buaidhe. Chaith sé tamall ina bhall d’ardchomhairle na gluaiseachta agus scríobh ceann dá phaimfléid, The North began. In 1945 in éineacht le scata dá chomrádaithe sa ghluaiseacht sin toghadh é ina bhall de chomhairle Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

I rith an ama is faoin ainm ‘Conn Ó Briain’ a bhí ábhar á sholáthar aige do Radio Éireann agus in 1947 bhí sé ar dhuine díobh sin a d’earcaigh an raidió mar scríbhneoir scripte. Is mar chraoltóirí taistil a fostaíodh Seán Mac Réamoinn agus Séamus Ennis ag an am sin freisin, ach faoi cheann cúpla bliain ba ghnáthchraoltóirí an triúr acu. In 1948 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Chlub Leabhar. Ba liosta le lua na cláir raidió go léir a rinne sé idir 1947 agus 1984, cinn faoi Ghaeilgeoirí suntasacha, idir bheo agus mharbh, na hagallaimh a chuir sé ar dhaoine, na cláir a rinne sé faoi cheantair Ghaeltachta, na cláir úd faoi na scannáin sin is túisce a rinneadh in Éirinn, na cláir faoi chanúintí Gaeilge an Oirthuaiscirt. Rud mór ina shaol mar bhailitheoir béaloidis an aithne a chuir sé ar Róise Mhic Grianna. Ba é a scríobh an réamhrá a cuireadh le scéal a beatha, Róise Rua (1988) le Pádraig Ua Cnáimhsí. In Dúiche Néill, 4, 1989, scríobh sé 'The last native Irish speakers of Tyrone'.

Tá a ainm liostaithe i bhfoclóir Béarla-Gaeilge de Bhaldraithe mar dhuine a chabhraigh leis. I rith an ama go léir bhí leabhair á scríobh aige: Scéal na scannán (1953), An Duinníneach, i gcomhpháirt le Donncha Ó Céileachair, (1958), Rotha mór an tsaoil, scéal Mhicí Mhic Gabhann arbh é Seán Ó hEochaidh a scríobh ó bhéal Mhicí é ach é in eagar ag Proinsias, (1959), Seán T., beatha Sheáin T. Uí Cheallaigh, Uachtarán na hÉireann (1963), Ár scannáin féin (1964). I rith na 1950idí bhí aistí agus léirmheasanna i gcló aige in Feasta, Comhar agus An tUltach. B’fhiú le hInstitiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath aird a tharraingt in Bibliography of Irish Linguistics and Literature 1942–71 (1986) ar an aiste sin aige ‘Lúireach Phádraig’ a foilsíodh in Feasta Márta 1958. I gcomhar lena chara Donncha Ó Céileachair scríobh sé An Duinníneach (1958) agus gheofar a thuairisc féin ar an dua go léir a bhain lena scríobh in alt dar teideal ‘Taom Taighde’ a foilsíodh in iris Chumann na Meán-Mhúinteoirí, The School and College Year Book (1962). Is é a deir Alan Titley faoi: ‘Ceann de sheoidleabhair na hÉireann é An Duinníneach. I gceann ar bith de na liostaí mórluachacha sin a chuirtear le chéile anois is arís de príomhshaothair na tíre, ba cheart go mbeadh ann gan agó, gan agús.’ In Scríobh 5 (1981) d’fhoilsigh sé an t-alt ‘An Duinníneach – comhar liteartha.’

I measc na n-onóracha a bronnadh ar Phroinsias bhí Duais Raidió Jacob in 1978, Gradam Shean-Nós Chois Life in 1998, Gradam Aitheantais na bPíobairí Uileann in 2006, agus, gan amhras, dochtúireacht oinigh Ollscoil Uladh in 2002. Nuair a bhí comóradh céad bliain Éamoin de Valera á chomóradh in 1982 d’ullmhaigh sé féin agus foireann Chartlann Raidió RTÉ ceirnín fadseinnte ina bhfuil taifeadtaí d’óráidí de Valera agus dá chuimhní cinn ar a óige. Ina measc tá óráid a rinne sé i Nua Eabhrac in 1919, taifeadadh a bhí tugtha go hÉirinn ag iriseoir RTÉ, Mike Burns, agus freisin cuid den taifeadadh i dtaobh a óige i gCo. Luimnigh a rinne Donnchadh Ó Dúlaing, RTÉ.

D’éag Proinsias ar 30 Bealtaine 2013. Bhí se pósta ar Sheila Murphy (d’éag 8 Meán Fómhair 2002) agus bhí iníon acu, Mairéad. Bhí beirt deirfiúracha ag Proinsias, iad beo ag am a bháis: Maureen (Corr) agus Kathleen (Cummings). Ní mór a chur leis an gcuntas seo go raibh a chomhghleacaithe in RTÉ agus a chairde i gcoitinne cinnte dearfa gur bhain uaisleacht as an ngnáth leis riamh ina iompar agus ina mheon.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair

Ailt