I nDoire Chonaire, Cloich Chionnaola, Co. Dhún na nGall a rugadh é ar 22 Samhain 1865. Tomás a athair agus Bríd Ní Chanainn a mháthair. Bhí 11 duine eile sa chlann acu agus bhí fíorbheagán talaimh acu. Chaith an t-athair mí i bpríosún toisc buidéal poitín bheith sa teach. Fuair sé bás de dheasca na míosa sin. Ní raibh na naoi mbliana féin slán ag Micí nuair ab éigean dó bheith ag sclábhaíocht ó Bhealtaine go Samhain ‘ar an Lagán’ ar £1.50. Chuaigh sé ar scoil i Machaire Rabhartaigh ach ó nach raibh focal Béarla aige féin agus gan focal Gaeilge ag an máistir bheadh sé chomh maith aige ‘bheith amuich ar Inis Dubhthaigh i gcuideachta na gcaorach’, mar a dúirt sé féin. Maidir leis an aibítir a fhoghlaim ba mhó an cúnamh a thugadh seanchomharsa dó nuair a tharraingíodh sé na litreacha ar chláir an urláir le slat saileoige a raibh a barr dóite.

Chaith sé cúig shéasúr in Albain sular thug sé aghaidh ar Mheiriceá. Thug sé bliain ag folmhú bád agus ag obair i monarcha iarainn in Bethlehem, Penn., agus seacht mbliana i mianaigh airgid Montana mar ar fhoghlaim sé gach rud a bhain le ceird an mhianadóra. Nuair a beartaíodh ar chuid de na mianaigh sin a dhúnadh toisc an tóin bheith tite as an margadh thug Micí aghaidh ar an Klondyke. Bhí sé féin agus a chomrádaithe cúig mhí ag taisteal, iad ag fulaingt gach sórt anró, sular bhain siad Dawson City amach roimh Nollaig 1898. Chaith sé trí bliana go leith ag tochailt don ór agus d’fhill abhaile ansin gur phós Máire Dixon in 1902. Thóg siad 11 ghasúr.

Casadh Micí agus Seán Ó hEochaidh ar a chéile ag Aonach Ghort an Choirce ar 6 Aibreán 1941. Bhí Seán ag bailiú béaloidis do Choimisiún Béaloideasa Éireann. Phós sé iníon Mhicí i bhfómhar 1943 agus chuaigh chun cónaithe i dteach Mhicí. Chuir sé ardspéis i seanchas beo an tseanduine agus d’éirigh leis na heachtraí go léir atá in Rotha mór an tsaoil (1959) a thaifeadadh. Chuir Proinsias Ó Conluain eagar air agus bhuaigh an leabhar sin Duais an Chlub Leabhar in 1958. Na heachtraí a bhain dó in Alaska chuirfeadh siad ‘eanglach ar do mhéara agus d’fhágfadh do chár ag grealladh ar a chéile’, mar a dúirt Seán Ó hEochaidh.

Bheadh cuid díobh dochreidte féin—Muimhnigh agus Ultaigh in iargúltacht an Yukon ag sárú a chéile le scéalta a dheimhneodh cá taobh arbh as don Ghlas Ghaibhleann!—murach cáilíochtaí sochreidte Mhicí. Fear ionraic fírinneach, fear cnámhach urrúnta láidir, fear tobann tintrí a bhí ann. Bheadh go leor eile, b’fhéidir, a mbeadh eachtraí móra le hinsint acu dá dtarlaíodh leithéid Sheáin Uí Eochaidh de chliamhain acu chois tine gach oíche. D’éag Micí Mac Gabhann ar an gCaiseal ar an 29 Samhain 1948.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú