MAC GÉIDIGH, Séamus (1961–2016)

Mar iriseoir agus mar thráchtaire spóirt a chuir pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aithne ar Shéamus Mac Géidigh le linn dó a bheith ag craoladh le RTÉ Raidió na Gaeltachta ón am a chuaigh sé i mbun oibre leis an stáisiún i dtús na bliana 1988 go bhfuair sé bás i mí Iúil 2016. Go deimhin rinne sé tráchtaireacht ar chluiche leathcheannais athimeartha na craoibhe peile i gCúige Uladh idir Muineachán agus Dún na nGall cúpla lá sular bhásaigh sé go tobann. Bhí na scileanna a theastaigh ar a leithéid d’ócáid ar a thoil aige: léamh ar an imirt, líofacht chainte, stór breá focal agus an cumas a raibh ag titim amach os a chomhair a chraobhscaoileadh don éisteoir ar bhealach soiléir stuama meáite.

Leis na cluichí Gaelacha ina chúige agus ina chontae dúchais is mó a bheidh sé luaite, ach bhí sé ar a chompord ag plé le haon spórt agus, go deimhin, rinne tráchtaireacht ar bhabhtaí ceannais Chraobh Shacair na hEorpa as an bhFrainc go gairid sular bhásaigh sé, agus roimhe sin as an bPolainn in 2012.

Faoin am a ceapadh Mac Géidigh ina bhainisteoir réigiúin in RTÉ Raidió na Gaeltachta in 2004 bhí sé dulta i dtaithí ar na réimsí ar fad a chuireann an tseirbhís sin ar fáil dá cuid éisteoirí. D’oibrigh sé i seomra na nuachta, ag feachtais agus ag cuntais na dtoghchán áitiúil agus náisiúnta, agus chaith sé tamall fada ag plé le Barrscéalta, irischlár na dtuaisceartach a chraoltar as stiúideo Dhoirí Beaga, mar léiritheoir agus mar láithreoir. Go deimhin, bhí eagrán na maidine sin den chlár curtha i láthair a phobail aige an lá a bhásaigh sé.

D’fhág a bhealach séimh cineálta agus a chuid flaithiúlachta féin go raibh ar a chumas fiú an té a mbeadh cúthail ann féin a chur ar a chompord ar an aer. Dá bharr sin, bhí ar a chumas cláir bhreátha raidió a dhéanamh le pobail a cheantair dúchais agus leo siúd a mhair ar na hoileáin amach ón gcósta. Tá fáil ar chuimse acu i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ba as Machaire Rabhartaigh dá athair, John Mhicí Óig 'ac Géidigh, a phós Mary Jeaic Shéamuis William Mhic Gonagail as an Ailt, an Ardaidh Bheag i nGort an Choirce, áit a raibh siad i mbun feirmeoireachta agus áit ar thóg siad ceathrar clainne, Anne, Jack, Micheál agus an té ab óige acu sin, Séamus, a saolaíodh i mí Lúnasa 1961.

D’fhreastail Séamus ar Scoil Náisiúnta Chnoc na Naomh i nDoire Chonaire agus ina dhiaidh sin ar Phobalscoil Chloich Chionnaola. Bhí sé ina mhac léinn i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh i ndeireadh na 1970idí agus i dtús na 1980idí áit ar bhain sé céim sna dána amach in 1982 agus Ardteastas san Oideachas an bhliain dár gcionn. Fad agus a bhí sé i nGaillimh bhí sé ina chaptaen ar fhoireann sacair an choláiste a d’imir sna comórtais idir ollscoileanna.

Ina cheantar dúchais a chaith sé an chuid eile dá shaol oibre ar fad, nach mór. Ar dtús achar gairid ag múineadh sa phobalscoil ina bhfuair sé féin oiliúint, agus ina dhiaidh sin seal ag obair le hÚdarás na Gaeltachta mar go raibh suim ar leith aige i gcúrsaí forbartha pobail, obair ar lean sé di go deonach agus é fostaithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.

In 1988 phós sé Dolores Nic Seáin as Baile an Chaistil i dtuaisceart Aontroma agus chuir siad fúthu sa dúiche inar tógadh Séamus, ar an Ailt ar an Ardaidh Bheag. Ansiúd thóg siad triúr clainne, Éadaoin, Dónal agus Póilín.

Liosta le háireamh is ea cuntas a thabhairt ar na heagraíochtaí agus ar na gníomhaíochtaí pobail a raibh Séamus Mac Géidigh sáite iontu ón am a d’fhill sé ar Ghort an Choirce go dtí lá a bháis. Ag Aifreann a shochraide dúirt sagart an pharóiste, Seán Ó Gallchóir, gur mheas sé gurbh é Séamus a té ba mhó a shaothraigh ar son Ghort an Choirce riamh.

Bhí sé ina rúnaí ar choiste pobail an cheantair agus ar fhochoistí go leor dá chuid sin. Bhí sé lárnach i gciste tógála theach an phobail agus halla an pharóiste. Bhí baint mhór aige leis an bhfeachtas a d’fhág cóiriú déanta ar an teach inar rugadh údar an leabhair Rotha mór an tsaoil, Micí Mac Gabhann, i nDoire Chonaire, cóiriú a fhágann go bhfuil an teach anois díreach mar a bhí nuair a saolaíodh Mac Gabhann ansiúd in 1865.

Chaith Séamus Mac Géidigh na blianta freisin ar choiste bainistíochta Scoil Náisiúnta Dhoire Chonaire, fiú agus a chlann féin críochnaithe leis an mbunscolaíocht. Bhí sé freisin ina chathaoirleach ar bhord bainistíochta Phobalscoil Chloich Chionnaola, agus bhí baint aige le feachtas láidir a cuireadh ar bun a chinntigh go mbeadh sruth Gaeilge ar fáil mar chuid de churaclam na scoile sin.

Bhí sé orthu siúd a d’eagraigh Ceiliúradh Céad Bliain Choláiste Uladh 2006, agus bliain a bháis bhí baint mhór ag Mac Géidigh lenar tharla i nGort an Choirce mar chuimhneachán ar Éirí Amach 1916, ar fhreastail beirt dá cheannairí, Pádraig Mac Piarais agus Joseph Mary Plunkett, ar an gcoláiste, mar aon le Ruairí Mac Easmainn..

Bhí sé sáite i bhFéile Ghort an Choirce agus i dtógáil ionad pobail i Machaire Rabhartaigh, áit dúchais a athar. Thuig sé roimh go leor eile an tábhacht a bhain leis an turasóireacht chultúrtha, agus dá bharr cuireadh tús le siúlóidí oidhreachta agus bhí Mac Géidigh ar dhuine díobh siúd a chuir Plean Straitéise Teanga 20 Bliain Pharóiste Chloich Chionnaola ar fáil.

Bhásaigh Séamus Mac Géidigh ar an 4 Iúil 2016 agus tá a uaigh go sceirdiúil ag barr na reilige trasna ó Theach Pobail Chríost Rí i nGort an Choirce.

Mártan Ó Ciardha