MAC GABHANN, Fiachra (1971–2018)
Le caoinchead ó Nick Bradshaw

Ar na Creagacha Dubha, taobh amuigh de Dhún Dealgan, i gContae , a rugadh Fiachra Mac Gabhann ar an 17 Iúil 1971. Bhí triúr páistí eile ag Frank Mac Gabhann agus a bhean chéile Caitlín: Aenat, Ciara agus Feilim. Tógadh le Gaeilge é agus bhí baint fhada aige le ceantar Gaeltachta Rann na Feirste. D’fhreastail sé ar Choláiste Bhríde mar scoláire ar dtús agus bhí sé ina dhiaidh sin ina mhúinteoir ann. Tá cuimhne gheal ag mórán daoine air, idir chomhghleacaithe agus scoláirí de bharr a chuid oibre ina measc ansin. Chuir sé suim go hóg i ndúchas na teanga agus na tíre agus lean sé air ag déanamh staidéar domhain cuimsitheach ar an dá ghné sin de shaíocht na hÉireann.

Bhain sé BA amach sa bhéaloideas sa bhliain 1992 ó Roinn an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Chuaigh sé go Béal Feirste go hOllscoil na Banríona dá chéim mháistreachta agus ba iad na logainmneacha a spreag a dhúthracht an iarraidh seo. Fuair sé céim mháistreachta le céadonóracha ón institiúid sin, taighde a chríochnaigh sé faoi stiúir Nollaig Uí Mhuraíle (1994). Ó 1994 go 1997 bhí sé ina chomhalta taighde le Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann agus foilsíodh a shaothar Place-names of Northern Ireland, Vol. 7: County Antrim II. Ballycastle and North-East Antrim in 1997. Chríochnaigh sé Ard-Dioplóma san Oideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 1999, agus é ar an chéad ghrúpa a bhain a ndintiúir oideachais amach trí mheán na Gaeilge ar fad. In Ollscoil na Banríona lean sé den taighde iarchéime ar áitainmneacha agus chríochnaigh a chéim dhochtúireachta faoi stiúir Mhíchíl Uí Mhainnín (2005).

Ba scoláire é a raibh gealladh faoi agus tiomáint ann, a ghnóthaigh comhaltacht iardhochtúireachta ó Rialtas na hÉireann (2006). Thug an maoiniú seo deis dó bailchríoch a chur ar an staidéar de dheich n-imleabhar thoirtiúla a bhí ar siúl aige ar a chontae uchtaithe, Maigh Eo. As sin a tháinig Logainmneacha Mhaigh Eo (2014), bailiúchán a bhfuil suas le dhá mhilliún focal ann agus breis is 3,500 logainm. Is é an saothar is mó é dár foilsíodh riamh sa Ghaeilge, agus ag an tseoladh, dúirt Nollaig Ó Muraíle go raibh sé ‘ar na leabhair Ghaeilge is tábhachtaí dár foilsíodh riamh’ (‘Leabhar mór Mhaigh Eo’, The Irish Times, 27 Meitheamh 2014). Dá mhéad an saothar é ní raibh ann ar bhealach ach an tús. Go gairid roimh a bhás bhí staidéar cuimsitheach curtha i gcrích aige ar logainmneacha i Maigh Eo a raibh baint acu leis na haingil agus leis na naoimh. Tá aguisín leis sin a thugann cuntas ar thoibreacha beannaithe an chontae chomh maith. Tá an dá shaothar sin gan foilsiú go fóill.

Agus é ina mhac léinn ag déanamh staidéir ar an mbéaloideas sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, casadh Clodagh Doyle air, a bhí in aon rang leis. Pósadh iad i nDún Lúiche, Co. Dhún na nGall, in 2002 agus bhí triúr clainne acu: beirt mhac, Conall agus Fianach; agus iníon, Tuathla. Ba léachtóir é i gColáiste Breis-ardoideachais Chaisleán an Bharraigh, áit a raibh an-cháil air mar mhúinteoir. Mar chuid de dhualgas a chomhaltachta iardhochtúireachta, bhí air a bheith ag múineadh ranganna ar chúrsaí logainmníochta i Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus bhí an-ráchairt ar a chuid cúrsaí ansin. In Béaloideas 86, 2018, dúirt Ríonach uí Ógáin an méid seo ina thaobh:

Níor cheil Fiachra a chuid saineolais agus roinn go fial é. Is iomaí léacht, seimineár agus caint a thug sé ó cheann ceann na tíre, ag cumainn áitiúla, in institiúidí léinn agus in ionaid thar lear. Ba nós le Fiachra a chuid scoláirí a spreagadh agus a chur chun cinn. B’amhlaidh freisin lena chomhghleacaithe agus a chairde.

Ceoltóir oilte a bhí ann agus sheinneadh sé go rialta i seisiún seachtainiúil Tigh Chóilí ar Shráid an Phríomhgharda i nGaillimh. Ina measc siúd a bhíodh ina chuideachta ansin bhí Verena Commins, Mary Shannon, Geraldine agus Martha Clancy, Declan Corey agus daoine eile. Bhíodh ceol breá meidhreach acu ar feadh na seacht mbliana déag a mbíodh a thriall orthu. Ar cheann de na hamhráin a thaitin go mór leis agus a deireadh sé go minic, le Joyce Redmond go rialta, bhí ‘Peigín is Peadar,’ leagan de bhailéad idirnáisiúnta a dtugtar an t-ainm ‘Our Goodman’ air i gcanóin Child (274) agus a bhfuil trácht air i gcatalóg Roud fosta (ATU910B).

Bhásaigh Fiachra Mac Gabhann ar 18 Eanáir 2018, in aois a shé bliana is daichead. Chum a chara an cláirseoir Molly Granahan píosa ceoil mar chuimhneachán air dar teideal ‘Cumha d’Fhiachra’.

Lillis Ó Laoire