Tá cuntas iarbháis ag M.P. Ó Conaola ar an gceoltóir seo ón Spidéal, Co. na Gaillimhe, in Foinse 10 Meitheamh 2001 agus cuntas ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: an Tír Aineoil . . ., 1997. Ba é an dara duine ab óige é den deichniúr páistí a bhí ag Micheál Ó Conluain, múinteoir Gaeilge ón Muileann gCearr, agus Cáit Ní Choisdealbha, amhránaí cáiliúil ó Bhaile an tSagairt, an Spidéal, Co. na Gaillimhe. ‘Deireadh Cáit . . . leo gur faoina seanmháthair féin a chum Pádraig Mac Piarais an scéal “Bríd na nAmhrán”, an bhean as Conamara a shiúil go Baile Átha Cliath chuig an Oireachtas’ (Mac Con Iomaire). Thuill Feistí cáil de bharr a fheabhas a sheinneadh sé foinn mhalla ar an bhfeadóg. ‘Bhí a fhios ag Festy na focail—bheadh a fhios agat é agus é ag casadh na feadóige. B'in é an fáth nárbh fhéidir é a shárú ar an bhfonn mall, mar bhí ciall agus tuiscint taobh thiar de na focail agus an ceol istigh ina chroí’ (Ó Conaola). Bhí sé pósta ar Eibhlín Standún, deirfiúr le Máirtín Standún, agus rugadh seisear páistí dóibh. D’éag sé 4 Meitheamh 2001.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú