Ó NUADHÁIN, Peadar (1909–1983)

Duine é de na múinteoirí Gaeilge sin is eiseamláirí dár ceapadh i rith na tréimhse 1922 go 1951. Chaith cuid díobh sin, Peadar Ó Nuadháin ina measc, na blianta tosaigh ina múinteoirí taistil sna ceantair a raibh siad fostaithe iontu. In éineacht le múineadh na teanga bhí de dhualgas orthu cuidiú le cúis na hathbheochana féin sna ceantair sin. Chaith Peadar gach samhradh ó 1925 amach i gColáiste Chonnacht sa Spidéal, Co. na Gaillimhe, é ina mhac léinn ann ar dtús agus ina ollamh ar ball. Foilsíodh Coláiste Chonnacht 1910-2010, céad bliain faoi bhláth (2010) in eagar ag Seán Ó Neachtain, agus tá aistí ann ag Nóirín Ní Nuadháin, iníon le Peadar.

In aice le Dún Gar, Co. Ros Comáin, a rugadh Peadar ar 21 Feabhra 1909. Peter Noone, feirmeoir, a athair, agus ba í Jennie (Sinéad) Cregg ó cheantar Mhainistir na Búille, Co. Ros Comáin, a mháthair. Cailín agus cúigear buachaillí a bhí acu agus bhí cáil na hairde ar na mic. Cé gur chainteoirí dúchais Gaeilge tuismitheoirí Peter, níor thug siad an teanga dá bpáistí. Ní talamh den scoth a bhí san fheirm acu ach bhí scileanna seachas an fheirmeoireacht ag Peter, seinm na fliúite agus tuíodóireacht ina measc. Go dtí 1922 ní raibh sé riachtanach Gaeilge a mhúineadh sna scoileanna ach bhí beagán di foghlamtha ag Peadar ó mhúinteoir taistil Chonradh na Gaeilge. Bhí sé ag freastal ar rang an Chonartha agus ba é an Conradh a bhronn scoláireacht air in 1925 chun go bhfreastalódh sé ar chúrsa samhraidh Choláiste Chonnacht sa Spidéal. Tar éis dhá théarma ann bhain sé cáilíocht amach mar mhúinteoir Gaeilge agus sa cheathrú samhradh ann dó is ea a bhronn Conradh na Gaeilge ardteastas múinteora Gaeilge air. Is insuime gurbh iad a shínigh an teastas sin Brian Ó Críocháin (q.v.), Seághan P. Mac Énrí (q.v.), Tomás E. Mac Giolla Seannaigh (q.v.). Chaith sé cúpla bliain ina mhúinteoir taistil i gceantar Bhéal na mBuillí, Co. Ros Comáin, agus sna hoícheanta geimhridh bhíodh air taisteal anseo is ansiúd ar a rothar. Ó bhunú an stáit in 1922 bhí an-fhonn ar an bpobal i gcoitinne Gaeilge a fhoghlaim ach bhí an fonn sin go háirithe ar bhunmhúinteoirí, ar fhostaithe na gcomhairlí contae, ar ghardaí agus, gan amhras, ar dhaoine a bheadh ag cur isteach ar phoist sa tseirbhís phoiblí. Ar an múinteoir taistil féin a thiteadh sé an seomra ranga a ghlanadh agus tine a chur síos. Tar éis an ranga bhíodh damhsa le stiúradh agus ar Pheadar a thiteadh sé ceol veidhlín a sholáthar. Tar éis bhunú na gceardscoileanna in 1930 fostaíodh é mar mhúinteoir Gaeilge ina leithéidí sin in Ail Fionn agus i mBealach an Doirín, Co. Ros Comáin. Ó na 1950idí ar aghaidh is i gceardscoil Bhealach an Doirín amháin a bhí sé fostaithe agus i dteannta na Gaeilge bhí ábhair eile á múineadh aige ann. Phós sé Áine Surlis in 1945 (d’éag ar 4 Marta 2001). I Nua-Eabhrac a rugadh í ach is i Mainistir Aodáin in aice le Bealach an Doirín a chuir a muintir fúthu nuair a d’fhill siad ar Éirinn.

Ó 1929 ar aghaidh bhí sé ina ollamh i gColáiste Chonnacht sa Spidéal. B’fhéidir a rá gur chaith sé ocht samhradh agus caoga sa cheantar sin. Is sa Choláiste a d’aithin sé go gcuirfeadh an veidhlín lena chuid scileanna mar mhúinteoir Gaeilge agus fuair sé máistreacht air in aon samhradh amháin. Thum sé é féin i saol sóisialta an cheantair agus d’fhreastalaíodh ar dhamhsaí sna tithe. Leanaidís go dtí a cúig nó a sé ar maidin agus ba mhinic gurbh é Peadar a sholáthraíodh an ceol. Chuir an tAcht um Hallaí Rinnce Puiblí (1935) deireadh leis na damhsaí sin. In 1933 a tógadh halla in aice an choláiste agus is ann feasta a bheadh na céilithe. Ghearradh an Eaglais cáin ar an réal (6d) ar dhul isteach. An leigheas a bhí ag Peadar ar an bhfadhb sin ná gan ach trí pingine a ghearradh! Sheinneadh sé féin ceol ag na céilithe agus in éineacht leis ar ball bhíodh Feistí Ó Conluain (q.v.) ar an bhfeadóg. Bhí céilí nó scoraíocht sa halla cúpla uair sa tseachtain aige. D’eagraíodh sé aeraíocht taobh amuigh de halla an choláiste: damhsaí aonair, amhránaíocht, ceol agus cúl leoraí mar ardán aige. Ba gheall le feis bheag í agus ghlacadh daoine óga an cheantair páirt sna comórtais. Is ag teacht a bhí sé le ceann d’aidhmeannana na hathbheochana – saol sóisialta na ndaoine a fheabhsú agus an teanga á cur chun cinn ag an am céanna. Chaitheadh sé féin agus a theaghlach an oiread sin samhraí sa Spidéal go mba ghá dó ar ball teach a thógáil ann. Léiriú ar a sciliúla a bhí sé gurbh é féin, sa Cheardscoil i mBealach an Doirín, a rinne frámaí na bhfuinneog, na doirse agus cófra agus gurbh é freisin a thóg an leantóir lena dtabhairt go dtí an Spidéal.

Gan amhras níorbh ionann ar fad le chéile an mhúinteoireacht a chleachtadh sé i gColáiste Chonnacht agus a ghnáthchleachtas ceardscoile. Sa choláiste gan amhras bhí lá fada le caitheamh aige agus is iad na hábhair Ghaeilge a mhúineadh sé ann is fearr a léiríonn a éirimiúlacht mar oide spreagúil. Bhí ainmneacha na gcrann, na bplandaí agus na mbláthanna bailithe aige ó sheandaoine an cheantair. Seo í fianaise a iníne Nóirín:

Thagadh sé isteach sa rang le beart mór luibheanna. Thugadh sé amach muid cois srutháin a bhí ag sileadh an t-am sin trí thalamh an choláiste, go dtí go bpiocfaimis féithleog, nóiníní, raithneach, neantóg, caisearbhán, feochadán, buachalán buí, briosclán, seamair dhearg agus bhán, crúibíní cait, créachtach agus airgead luachra i mí Lúnasa. Bhíodh sé ag rá freisin go gcabhródh lus an chodlata (tormentil/néalfartach) leat dul a chodladh agus bhí lus na leac (eyebright/glan rosc) agus lus an chroí, lus na gcnámh briste agus lus na banaltra aige freisin do thinnis áirithe. Tá na hainmneacha caighdeánacha i lúibíní, rud a thaispeánann go raibh na seanainmneacha eile sin thart ar cheantar an Spidéil i bhfichidí na haoise seo caite. Mhúineadh sé freisin seanscéalta, amhráin, agus pointí seanchais: féilte na bliana, seanphaidreacha, tomhais, scéalta le tomhais iontu, tréanna (‘Na trí rudaí is géire amuigh ...’.) agus sláintí.’

Aon oíche nach raibh céilí ná scoraíocht ar siúl chanadh na mic léinn na hamhráin a bhí foghlamtha acu uaidh ag an gclaisceadal a d’eagraíodh sé. Cé gurbh ar an teanga bheo a bhí béim ag an gcoláiste, thugadh sé leis isteach ina chuid ranganna bearta de pháipéir mar Amárach agus Inniu d’fhonn caint a spreagadh i dtaobh na gcúrsaí reatha a bhí tuairiscithe iontu.

Deir a iníon Nóirín:

Bhuail sé le Pádraig Ó Riagáin, scéalaí, ag Feis Mhór Bhealach a’ Doirín, a d’eagraigh sé féin ar feadh na mblianta. D’inis Pádraig seanscéalta dó, a thaifead Peadar, agus tá siad ann i gcónaí anois. Ceann acu, ‘Táilliúir Ros Comáin,’ atá an-bharúil agus cinn eile nach é a léiríonn canúint Chill Mhobhí nach bhfuil ann a thuilleadh, mar gurbh é Pádraig an cainteoir deireanach.

Bhí Matt Molloy, ceoltóir cáiliúil ar ball, ina dhalta i gCeardscoil Bhealach an Doirín agus mhisnigh Peadar é. Bhí an fliúiteadóir óg sin ina bhall de bhanna ceoil sóisearach a bhí bunaithe ag Peadar, banna a thug craobh na hÉireann leo uair sna 1960idí.

D’éag Peadar ar 22 Iúil 1983. Bhí ceathrar iníonacha agus beirt mhac aige, ina measc Nóirín Ní Nuadháin, a bhfuil leabhair Ghaeilge do mhúinteoirí agus do pháistí scríofa aici agus atá ina húdar ar ábhar léitheoireachta agus drámaíochta Gaeilge do pháistí, agus Mairéad Ní Nuadháin, Leas-Stiúrthóir na gClár in RTÉ, a raibh baint mhór aici le cláir Ghaeilge an stáisiúin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair