Rugadh é ar 29 Nollaig 1829. Dar le Proinsias Ó Maolmhuaidh, an té is mó a rinne staidéar ar chúrsa a bheatha, go bhfuil cuid mhaith tagairtí do Chaisleán an Bharraigh mar a bhaile dúchais. Uilleog a bhí ar a athair freisin agus b’í Sisile Ní Shioradáin a mháthair. B’as Tobar na bhFiann, Leathardán, Co. Mhaigh Eo, dá thuismitheoirí. Col ceathrair leisean Seán Mac Héil (1790–1881). Bhí triúr buachaillí agus beirt chailíní sa teaghlach agus Uilleog an duine ba shine. Bhí Béarla agus Gaeilge aige óna óige. I scoileanna gearra ar dtús agus tamall ansin i Mainistir na bProinsiasach in Oireamh mar ar fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge. Chuaigh sé isteach i gColáiste Iarlatha in 1846 agus go Maigh Nuad in 1849. In 1856 agus é fós ina ábhar sagairt foilsíodh a The college Irish grammar : containing besides the usual subject of grammar some remarks in the form of dissertation on the ortography of the language, how it can become fixed, on the number of declensions, and number of conjugations. Bhí sé ina bhall de Chomhairle an Chumainn Oisínigh (1853–6) agus ina leas-uachtarán air. Oirníodh ina shagart é in 1858 agus an bhliain chéanna sin ceapadh ina ollamh i gColáiste Iarlatha é agus ina rúnaí pearsanta ag an Ardeaspag Mac Héil. Dúirt a bheathaisnéisí Proinsias Ó Maolmhuaidh: ‘Cuireadh tús le ré órga Thuama mar lárionad athbheochan na Gaeilge sa tír le nascadh na nGaeilgeoirí díograiseacha seo’. Thosaigh Uilleog ar Easy lessons or Self-Instruction in Irish a fhoilsiú i The Nation i Lúnasa 1858. Faoi 1877 bhí seacht n-eagrán den leabhar foilsithe. Idir 1864 agus 1874 díoladh 6,000 cóip.

Ó 1865 bhí sé ina Uachtarán ar Choláiste Iarlatha. Chabhraigh sé le Séamas Ó Rónáin chun The Keltic Journal and Educator a thabhairt amach i Manchuin ó 1868 go 1870; thug sé Seán Mag Fhlainn chun tosaigh agus chabhraigh leis chun roinn na Gaeilge a choimeád ar siúl in The Tuam News; bhí sé ar bhunaitheoirí Chumann Buan-choimeáta na Gaeilge in 1876, Aondacht na Gaeilge in 1880 agus Irisleabhar na Gaedhilge in 1882. Rinneadh sagart paróiste de i gClár Chlainne Mhuiris in 1878. I measc a chuid leabhar eile tá Aryan origin of the Gaelic Race and Language (1875), eagrán nua de sheanmóintí Uí Ghallchóir in 1877 agus leagan Gaeilge den imlitir Phápúil Ineffabilis in 1868. Sa chéad uimhir de Irisleabhar na Gaedhilge thosaigh sé ar a bheathaisnéis den Ardeaspag Mac Héil agus lean sé air go dtí deireadh 1886. Ba é an chéad bheathaisnéis nua-aimseartha sa Ghaeilge é. D’éag an Canónach de Búrca ar 22 Samhain 1887. Chuir Proinsias Ó Maolmhuaidh roimhe a chruthú lena chuntas cuimsitheach Uilleog de Búrca: athair na hathbheochana, 1981, gurbh éagórach an teideal sin a cheilt ar an mBúrcach. Is cinnte gur dhuine den fhíorbheagán é a mbeadh aon cheart acu air.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú