Bhí ionad chomh tábhachtach aige i ngluaiseacht na bhFíníní sa Bhreatain agus a bhí i Meiriceá ag John Devoy. Ar feadh 40 bliain bhí sé ina chrann seasta ag cúis na hÉireann i Londain. Ar 10 Samhain 1844 i gCill Chonla, Co. na Gaillimhe, a rugadh é. Seán a bhí ar a athair agus b’as Cill Chuimín, Co. Mhaigh Eo, dá mháthair, Bríd Ní Mhaolalaí. D’fhreastail sé ar chúpla scoil ghairid mar arbh éigean dó an bata scóir a chaitheamh. I mBéarla a mhúintí gach ábhar ach amháin teagasc Críostaí. Cuireadh a mhuintir as seilbh trí ghabháltas, ceann i ndiaidh a chéile, agus in 1860 chuaigh siad thar tír amach gur oscail siopa beag i Stacksteads fiche mile ó Mhanchuin. Fuair Marcas obair i monarcha olla agus théadh ar scoil san oíche. Michael Davitt a thug isteach i mBráithreacht na Poblachta é agus chun saighdiúireacht a fhoghlaim cheangail sé leis na Lancashire Rifle Volunteers, sórt fórsa cosanta áitiúil. D’fhill sé ar Thuaim chun bheith páirteach in éirí amach 1867. Raidhfil a bhí ceannaithe aige, thug a mháthair ina fallaing go hÉirinn é. Níor tharla aon éirí amach i dTuaim, ar ndóigh.

Cé go raibh sé ina fhear fásta faoin am seo chuaigh sé ar scoil arís ar feadh dhá bhliain go leith chuig na Bráithre Críostaí i dTuaim. Shíl a mháthair ansin go raibh gairm chun na sagartachta aige agus chaith sé cúpla bliain i gColáiste Iarlatha, mar ar éirigh sé cairdiúil leis angCanónach Uileog de Búrca, Uachtarán an Choláiste. Chaith sé tamaill i gColáiste na Banríona, Gaillimh, agus in ospidéil Sráid Jervis agus an Choim, Baile Átha Cliath, ag foghlaim leighis. I rith an ama sin go léir bhí sé gnóthach mar eagraí Fíníneach. Deirtear gur thug sé gach scoláire i gColáiste Iarlatha isteach sna Fíníní. Bhíodh sé ag iompórtáil gunnaí nó á n-easpórtáil ó Shasana agus ar feadh a shaoil anuas go dtí tús an chéid seo bhíodh bleachtairí go síoraí san airdeall air. Ach riamh níor éirigh leo a ndóthain fianaise a fháil ina aghaidh.

Fuair sé poist i mianach guail sa Bhreatain Bheag agus in ospidéil meabhairghalar in aice le Brighton sular thosaigh sé an cleachtadh dochtúra sin i Londain ar chaith sé 42 bliana leis. I rith an achair sin bhí baint aige le gach cumann Éireannach sa chathair. Bhí sé ina bhall den Parnell Leadership Committee in 1891 i ndiaidh na scoilte. Bhí sé ina Leas-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ann agus deirtear gurbh eisean faoi deara craobh a chur á bunú agus gurbh é a d’fhéach chuige go mbeadh Fionán Mac Coluim mar rúnaí uirthi. Is deacair gan a mheas gur mar gníomhaire Fíníneach a bhí baint aige leis an iliomad cumann ó 1882 anuas go dtí aimsir Shinn Féin. Bhí sé ina bhall de Chomhairle Uachtarach an I.R.B. thar ceann iarthar na hÉireann i gcomharbacht ar Edward Duffy a d’éag i bPríosún Millbank. I measc na bhfear a thug sé isteach sa Bhráithreacht bhí Frank Hugh O’Donnell, T. W. Rolleston agus Major John MacBride. Ar nós John Devoy bhí aithne aige ar gach aon duine ag a raibh páirt mhór i stair na hÉireann idir 1860 agus 1921, é an-chairdiúil go háirithe le O’Leary, Kickham agus Stephens. Ní hionann agus Devoy, ní raibh sé i bhfabhar an Imeachta Nua.

Phós sé Louise Van Pee, Beilgeach, in 1883 ach bhí sise ar shlí na fírinne faoi 1924 nuair a tháinig sé chun cónaithe i mBaile Átha Cliath. Fuair an Dochtúir Ó Roighin bás ansin ar 17 Meitheamh 1940. Fenian memories, edited with an introduction by T. F. O’Sullivan ...1945 is teideal dá dhírbheathaisnéis.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú