Ar 24 Samhain 1904 a rugadh an bailitheoir béaloidis seo i dTír An Fhia, Corr na Móna, Co. na Gaillimhe. Feirmeoir, siúinéir agus tógálaí a athair Michael agus ba í Caitríona Browne a mháthair. Bhí ceathrar deartháireacha agus triúr deirfiúracha aige. Cuireadh oideachas air i gCorr na Móna féin, in St Mary’s i nGaillimh agus i gColáiste de La Salle i bPort Láirge, mar ar cháiligh sé mar bhunoide. Is dóigh lena mhuintir gur chaith sé tamall ag múineadh i gceantar Chorr na Móna agus go raibh sé ag múineadh Gaeilge ag na cúrsaí sna Forbacha. Bhí sé ar fhoireann peile na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1934. Tá cuntas ar a shaothar in Béaloideas, 1996/7 ag Ríonach uí Ógáin. Ba é Seán Mac Giollarnáth a mhol do Shéamus Ó Duilearga obair a thabhairt dó mar bhailitheoir i gCoimisiún Béaloideasa Éireann. Bhí sé ina bhailitheoir lánaimseartha ó 1935 go 1944 agus ina bhailitheoir speisialta ó 1953 go 1964. Thosaigh sé arís ansin ag obair go lánaimseartha mar bhailitheoir agus d’éirigh sé as i 1975. I gcontaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo a chaith sé a shaol oibre. Bhí aithne agus eolas aige ar na scéalaithe go léir. Deir uí Ógáin: ‘Bhí luí ar leith aige le dúchas Chorr na Móna i bparóiste Chonga agus le muintir an cheantair sin . . . . Ach is ceart tagairt a dhéanamh anseo chomh maith don éacht oibre a rinne an Búrcach in iarthar chontae na Gaillimhe. Chuaigh sé fhad leis na scéalaithe móra Micheál Breathnach i nGleann Mhic Muirinn, idir Uachtar Ard agus Casla, Beairtle Ó Conaire i Ros Muc agus Cóilín Ó Cualáin i Maínis. Bhí aithne agus eolas ag an mbailitheoir ar an lucht scéalaíochta ón Spidéal siar go Maoras. In Iorras Chontae Mhaigh Eo, bhí sé ag bailiú i bparóiste Bhaile Chruaich agus i gceantar Cheathrú Thaidhg, agus i mbarúntacht Chearra bhí sé ag saothrú leis i dTuar Mhic Éide agus i mBaile Éibhe.’ I Roinn Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tá breis is 30,000 leathanach a scríobh sé: ‘Tá gach cinéal ábhair le léamh i ngach lámhscríbhinn uaidh. Anuas ar na scéalta fada, tá finnscéalta, greannscéalta agus scéilíní, tá creidiúintí agus nósanna, tá amhráin, paidreacha, orthaí agus go leor eile.’ Bhí sé pósta ar Bhairbre Ní Chuirrín ón gCloch Bhreac, Co. na Gaillimhe, agus bhí beirt bhuachaillí agus beirt iníonacha acu agus bhí cónaí orthu i gCorr na Móna. D’éag sé 30 Deireadh Fómhair 1996 agus tá sé curtha i reilig Chnoc Rois.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú