Seo é an peileadóir agus an t-iománaí cáiliúil a bhí ina ardmháistir ar Scoil Éanna. I gCuanach, Cairbre, Co. Chill Dara, mar a raibh dhá fheirm ag a athair Henry Joseph Bourke, a rugadh é 8 Aibreán 1895. Ba í Maria Kelly ón Sráidbhaile, Co. Laoise, a mháthair agus bhí ceathrar deartháireacha agus beirt deirfiúracha aige. Bhí sé ar scoil ar feadh bliana i gColáiste Mhuire ar an gCnoc Beag, Ceatharlach, ach ní róthógtha a bhí sé leis an scoil sin nuair nach raibh cluichí Gaelacha á n-imirt ann. Tharla gur thug a mháthair cóip de An Macaomh abhaile léi ó Bhaile Átha Cliath lá i 1909 agus chuir sé an dúspéis sa scoil a bhí Pádraig Mac Piarais a bhunú. D’éirigh leis a áitiú ar a mhuintir é a aistriú go Scoil Éanna. Tá tagairtí dó sa dialann a choinnigh Dick Humphreys i 1912 (atá i gcló in Survivors, 1987 in eagar ag Uinseann Mac Eoin); agus is léir baint mhór a bheith aige le heagrú na gcluichí iomána agus peile sa scoil. An Piarsach a bhaist ‘Feargus’ air toisc go raibh Búrcach eile ann arbh ainm dó Proinsias.

Nuair a bhí sé ina mhac léinn sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, d’imir sé peil agus iomáint le foireann na Collegians. Bhí sé ina bhall de chomplacht Ráth Fearnáin de na hÓglaigh agus ghlac páirt in Éirí Amach 1916 in Ard-Oifig an Phoist. Bhí sé ina imtheorannaí in Frongoch agus bhí baint aige leis na cluichí peile a eagrú ann (Frongoch: University of Revolution, 1987 le Seán O Mahony). Chuaigh sé mar mhúinteoir go Scoil Éanna nuair a scaoileadh saor é agus bhí ina ardmháistir ann ar ball. Bhuaigh sé boinn óir le Baile Átha Cliath san iomáint i gcraobhchluichí 1917 agus 1920 agus bhuaigh boinn óir sa pheil le Baile Átha Cliath 1921, 1922 agus 1923. Bhí sé ina bhall d’fhoireann peile Bhaile Átha CliathDomhnach na Fola 1920. D’imir sé i naoi gcinn de chraobhchluichí. ‘He has the unique honour of being the only player ever to have won more than one All-Ireland medal in both hurling and football’ (Giants of the Ash, 1991 le Brendan Fullam). Tá cuntas freisin in Fyffes Book of Sporting Greats, 1993 in eagar ag John Gleeson. Nuair a bhí rúnaí Chumann Lúthchleas Gael le ceapadh chuir sé isteach ar an bpost ach ba é Pádraig Ó Caoimh (a d’éag 15 Bealtaine 1964) a ceapadh in ainneoin a ndearna muintir Mhic Phiarais d’iarrachtaí ar son an Bhúrcaigh. Nuair a tháinig deireadh le Scoil Éanna fostaíodh é le Gaeilge a theagasc i gceanncheathrú an Gharda Síochána, agus bhíodh sé ag múineadh i Scoil Ghairmoideachais Ráth Maoinis freisin. Cúrsaí sláinte faoi deara dó éirí as an múinteoireacht agus fuair sé post i gCoimisiún na Muc is an Bhágúin. D’éag sé 28 Nollaig 1987. Phós sé Angela Curran ó Dhún Garbhán, Co. Phort Láirge, agus bhí mac agus beirt iníonacha acu.

Tagraíonn an Piarsach don Bhúrcach óg agus é ag scríobh faoi chúrsaí spóirt i Scoil Éanna : ‘. . . a passage of miraculous passing between Eamonn Bulfin, Brendan O’Toole and Frank Burke, back and forward, forward and back, all the world wondering; of Jerome Cronin standing ready, a slight figure, collected and watchful; of Burke, daring as Cúchulainn (whom he resembles in his size and in his darkness) outwitting and prostrating some towering full-back . . .’ (i gcló in A significant Irish Educationalist: the Educational Writings of P.H. Pearse, 1980 in eagar ag Séamus Ó Buachalla). Is inspéise freisin a raibh le rá ag an bPiarsach in The Story of a Success, 1918: ‘Our boys must now be amongst the best hurlers and footballers in Ireland. Wellington is credited with the dictum that the battle of Waterloo was won on the playing-fields of Eton. I am certain that when it comes to a question of Ireland winning battles, her main reliance must be on her hurlers. To your camáns, O boys of Banba!’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú