Bhunaigh an t-abhcóide seo an ghluaiseacht Cara i 1952 chun spéis Bhéarlóirí a mhúscailt sa Ghaeilge agus chun cúnamh a thabhairt d’fhoghlaimeoirí na teanga. I gCeann Toirc, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 26 Bealtaine 1905. Ba é an séú leanbh é den chúigear mac agus cúigear iníonacha a bhí ag Daniel D. Sheehan agus a bhean Pauline Mary O’Connor ó Thrá Lí. Fear tábhachtach i bpolaitíocht a linne ba ea an Daniel seo, é ina bhall parlaiminte 1901-18, ina eagarthóir ar Réalt an Deiscirt tráth, ina rúnaí ar an All For Ireland League, páirtí Liam Uí Bhriain (1852-1928), é ina abhcóide .... Ba é a bhunaigh an ‘Irish Land and Labour Association’ in 1894. Bhí sé ina chaptaen i bhFiúsailéirí na Mumhan i gcogadh 1914-18 agus rinneadh dochar dá shláinte ag an Somme; bhí triúr dá mhic sa troid freisin agus maraíodh beirt díobh. Cé nár sheas sé i mórthoghchán 1918 agus, cé gur fhoilsigh an All for Ireland League forógra ag tacú le Sinn Féin, shíl an teaghlach go mba shábháilte an mhaise dóibh cur fúthu i Londain. Scríobh Daniel Ireland since Parnell, 1921. D’éag sé i 1948 i mBaile Átha Cliath; is ag an bpointe sin a d’iompaigh Pádraig ar an sloinne Gaeilge.

Tar éis tamaill ghairid ar scoil ag na Bráithre Críostaí sa Mhainistir Thuaidh (Inniu 29 Márta 1963) chaith Pádraig tréimhsí i gColáiste na gCaipisíneach i mBaile an Róistigh agus i gColáiste Fhearann Phiarais i gcathair Chorcaí agus an tsagartacht ar intinn aige. Níor imigh sé go Londain go 1921 agus lean sé den meánoideachas ansiúd go bhfuair máithreánach Ollscoil Londan. Ghnóthaigh sé dioplóma san iriseoireacht san ollscoil chéanna i 1923 agus bhí fostaithe tamall mar thuairisceoir sóisearach ag an Daily Sketch. Faoi 1925 bhí post aige san Enniscorthy Echo. D’fhill a mhuintir ar Éirinn i 1926, an bhliain a bhfuair a mháthair bás, agus as sin go 1932 b’éigean dó a bheith a bheag nó a mhór ina sholathraí ag an teaghlach. Bhí sé fostaithe ag an Irish Times ar feadh sé bliana mar chomhfhreagraí eitleoireachta—ba eisean a thug tuairisc eisiatach ar an gcéad eitilt siar thar an Atlantach 12 Aibreán 1928; mhair a spéis san eitleoireacht agus d’eitlíodh sé féin faoileoirí agus eitleáin bheaga amach as Weston agus Baile Uí Dhónaill sna 1960idí. Bhí sé ag foghlaim dlí i rith an ama gur glaodh chun an bharra é i 1933; rinneadh abhcóide sinsearach de i 1946.

D’fhostaigh Scéala Éireann é sular foilsíodh an chéad uimhir den pháipéar sin agus bhí sa phost sin ar feadh bliana. An Ginearál Eoin Ó Dufaigh (1892-1944) a d’iarr air a bheith ina eagarthóir ar an Garda Review agus d’fhan sé sa phost sin go ceann cúig bliana tríochad, é ag obair mar abhcóide stáit i rith an ama. Deirtear in Inniu: ‘Is nuair a phós sé agus a chuaigh siad a chónaí i Ráth Fearnáin i 1932 a tháinig sé faoi thionchar an Phiarsaigh agus a thosaigh ag obair ar son na Gaeilge.’ D’fhaigheadh sé ceachtanna ó Phroinsias [Feargus] de Búrca. Cuireadh spéis i gCara mar rud nua i ngluaiseacht na Gaeilge i 1952 ach ní léir go raibh aon toradh air sa deireadh. B’fhéidir go raibh Ó Síocháin ábhairín rómánsúil i dtaobh na teanga. Deir a mhac Niall (i gcuntas nár foilsíodh): ‘He was fervently against the compulsive requirements of taking Irish in schools, feeling that the language and culture could best be promoted through enthusiasm and self-desire.’ I 1952 fuair sé seilbh ar Galway Bay Products Ltd agus meastar go raibh baint an-mhór aige le geansaithe Árann a phoibliú agus a easpórtáil. Sna 1970idí bhí Shannon Atlantic Fisheries aige agus cheannaigh sé péire trálaer.

Ó na 1920idí deireanacha ar aghaidh bhí sé ag tacú le Fianna Fáil agus bhí ina stiúrthoir toghchánaíochta acu i mBaile Átha Cliath i mórthoghchán 1948. Ó 1952 bhí sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre agus sheas thar a gceann sa Chlár in olltoghchán 1965; tugadh 2,677 vóta dó agus níor chaill sé a éarlais. Foilsíodh leabhair leis: Aran, Islands of Legend, 1962 a thiomnaigh sé dá mhac a maraíodh i dtimpiste eitleoireachta 7 Lúnasa 1961; Ireland: a Journey into Lost Time, 1983; Ireland: Journey to Freedom, 1990. D’aistrigh Pádraig Ó Maoileoin péire dá théacsleabhair: Dlí na fianaise in Éirinn, 1962 agus Dlí coiriúil na hÉireann, 1964. Phós sé Marjorie Ann Griffin (d’éag 1984) ó Chill Shalcháin, Co. Bhaile Átha Cliath, i 1931; bhí ceathrar mac acu agus iníon (Orla a bhí ina mainicín aitheanta). Ní raibh coinne lena bhás 19 Nollaig 1995. Cuireadh é sa Chraobhach, Co. Bhaile Átha Cliath.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú