D’fhoilsigh an sagart seo Dánta iolchumaisgthe in 1869. Is é atá ann cnuasach d’aistriúcháin, 31 díobh, ar dhánta le Thomas Moore, an Tiarna Byron, Francis Mahony (‘Fr Prout’), Gerald Griffin, D.F. McCarthy agus le cuid d’fhilí ‘Spirit of the Nation’: M.J. Barry, Michael Doheny, Michael McCann, John O’Hagan, R.D. Williams. Sa réamhrá deir an t-údar gur chun foghlaim na teanga a spreagadh agus mar chabhair chun a caomhnaithe a chuir sé ar fáil é: ‘ . . . I have adopted these selections as the best calculated to exhibit and perpetuate the fascinating graces of this venerable language’. Mhol Henri Gaidoz an cnuasach seo in Revue Celtique Iml. 1. Ní raibh díol air agus i ndiaidh a bháis cheannaigh díoltóir leabhar i mBaile Átha Cliath, Patrick Traynor, cibé stoc a bhí fágtha agus thug amach arís é in 1878 faoi theideal nua agus a ainm féin leis mar fhoilsitheoir.

Tá cuntas gearr ag Owen O’Byrne air in Irish Book Lover, Márta 1913. D’éirigh leis eolas a fháil ó ghaolta agus labhairt le cúpla seansagart a bhí cairdiúil leis, ar dhuine díobh Jeremiah Fahey, údar The History and Antiquities of the Diocese of Kilmacduagh, 1893. Sna hAille tuairim trí mhíle ó Bhaile Locha Riach a rugadh é ar 5 Deireadh Fómhair 1839. Ba iad John Coy agus Anne Conway a thuismitheoirí ‘both of whose families were of the well-to-do landholding class’. Is dóigh gurbh fheirmeoirí iad ar leo an talamh—ní luann De Burgh iad in Landowners of Ireland, 1878. Tar éis bunoideachais i scoil náisiúnta Liatroma d’fhreastail sé ar chliarscoil acadúil i mBaile Locha Riach. D’éirigh leis mórán duaiseanna a bhaint i Maigh Nuad agus roghnaíodh é chun leanúint den staidéar in Institiúid Dhún Búinne. Is dóigh le O’Byrne gurbh iad Seán Mac Héil agus Uilleog de Búrca a d’adhain spéis sa Ghaeilge ann. Bhí sé ag obair i bparóiste Dhún an Uchta i nGaillimh ar dtús agus ansin i gCill Tulach. Tholg sé eitinn agus d’éag ar 2 Nollaig 1872. Tá sé curtha ina theampall dúchais i gCill a Díoma sna hAille.

Deir O’Byrne i dtaobh Dánta iolchumaisgthe: ‘At the end of each poem Father Mac Coy gave a list of Irish words with their meanings, and in the early days of the Gaelic League movement, this vocabulary was an acquisition to many of those who were trying to acquire a knowledge of Irish when Irish dictionaries were few and only to be obtained at an excessively high price.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú