Nuair a d’éag sé is é a thug Seán Ó hÓgáin air: ‘The last of the trinity of Gaelic scholars who made the little Connacht town the Mecca of Gaeldom in the West’ (Tuam Herald 11 Nollaig 1915). Mac Héil agus de Búrca an bheirt eile, ar ndóigh. Tá cuntas air ag William Mahon (‘Scríobhaithe Lámhscríbhinní i nGaillimh 1700-1900’) in Galway: History and Society, 1996 in eagar ag Gerard Moran agus Raymond Gillespie. In Catalogue of Irish Manuscripts in the National Library of Ireland. Fasc. XIII, 1996, in eagar ag Pádraig Ó Macháin agus Nessa Ní Shéaghdha, tá cur síos ar chuid dá bhfuil ina lámhscríbhinní.

I Móinin an Chumair, Béal Átha Glúinín, Co. na Gaillimhe, a rugadh é. Bhí Gaeilge aige ón gcliabhán. Tá scéal béaloideasúil faoi i gcló in An Claidheamh Soluis 4 Nollaig 1915. ‘Tháinig fear bocht isteach chuig Sean Mac Héil, Ardeaspag Thuama, agus thug sé litir dó. Iarratas ag iarraidh cúnaimh éigin a bhí sa litir agus bhí sí scríofa i nglan-Ghaeilge. “Cé a scríobh an litir seo duit?”, arsa an tArdeaspag. “Buachaill óg thiar i gCumar”, a d’fhreagair an fear. “Cuirtear isteach chugamsa é”, arsa an tArdeaspag. Cuireadh. Tháinig an buachaill isteach go Tuaim agus bhreatnaigh an tArdeaspag go grinn é. Mhol sé dó leanúint den léann. Ghlac an buachaill an chomhairle. Cuireadh go Coláiste Iarlatha é’. D’fhoghlaim sé Laidin agus Gréigis ann agus is ann a thosaigh a spéis sa mhatamataíc.

Faoi 1863 bhí sé i gColáiste na nÉireannach i bPáras. Thit air fáiltiú roimh Mhac Héil le linn dó bheith ann. Tá cuid den óráid i gcló ag Máirín Ní Mhuiríosa in ‘Seán Mag Fhlainn agus an Tuam News’ (Comhar, Samhain 1972). Foilsíodh é in The Shamrock 3 Iúil 1869. Blianta ina dhiaidh sin rinne sé leagan Gaeilge de dhán a scríobh T. D. Sullivan faoin Ardeaspag.

D’athraigh sé a intinn faoin sagartacht agus faoi 1864 bhí sé ag múineadh Gaeilge agus ábhar eile i gColáiste Iarlatha. Bhí sé ag feidhmiú freisin mar rúnaí ag an Athair Uilleog de Búrca, a ceapadh ina uachtarán ar an gColáiste in 1865. Dúirt an Búrcach faoi Sheán in 1877: ‘Mr Glynn is one of the finest Irish scholars of the day and he is certainly among the ablest in editing Irish-Gaelic’. Tagraíonn Máirín Ní Mhuiríosa don chrua-obair a dhéanadh sé don Chanónach agus don bhrú a chuireadh seisean air.

Deirtear gurbh é an chéad iriseoir Gaeilge é. Ó 1868 amach bhí sé ina eagarthóir ar Tuam News. Ina cholún sa pháipéar sin d’fhoilsíodh sé ábhar a fuair sé ó Ghaeilgeoirí in Éirinn. i Sasana agus sna Stáit Aontaithe. D’fhaigheadh sé cuid mhaith freisin ó Eoghan Ó Gramhnaigh. Deir Máirín Ní Mhuiríosa: ‘Ní miste a rá gur lárionad do lucht na Gaeilge, i gcéin agus i gcóngar, a bhí i dTuaim an fhad a bhí an páipéar seo á fhoilsiú’. Thaistealaíodh sé trí Chonnacht ar thóir béaloidis. Tá ar bhailigh sé, idir scéalta, amhráin, sheanchas, sheanfhocail agus dhinnseanchas, chomh maith lena comhfhreagras, ar taisce sa Leabharlann Náisiúnta. D’fhoghlaim an scoláire York Powell Gaeilge uaidh (Sinn Féin 18 agus 25 Lúnasa 1906).

Nuair a cuireadh clabhsúr ar an Tuam News i 1904, ceapadh é ina eagarthóir ar an Tuam Herald. Thug an t-úinéir foireann den chló gaelach dó agus gach cabhair eile chun colún a scríobh ach níor mhair an colún sin ach cúig bliana. Fuair sé post ansin mar chléireach baile i dTuaim ach bhí ag teip ar a shláinte. Mar chomhartha measa thug comhairle an bhaile dó an pinsean ba mhó a bhí ar a gcumas a thabhairt. Le daichead bliain bhí sé ag teagasc na Gaeilge saor in aisce sa bhaile agus bhí ina rúnaí ar an gcraobh de Chonradh na Gaeilge a chuir Tomás Ó Concheanainn ar bun i dTuaim ar 10 Márta 1899. Scríobh seisean faoi in An Claidheamh Soluis 9 Meán Fómhair 1899: ‘Ní bheadh fhios agat an ann nó as é Seán, agus ina dhiaidh sin níl mórsheisear fear in Éirinn a bhfuil an oiread eolais acu ar an teanga is tá ag Seán. Tá an oiread fios ina laidhricin is atá idir chorp agus cholainn na gcéadta daoine a leigeann gothaí móra orthu féin’.

Fuair sé bás 27 Samhain 1915. Bhí sé pósta ar Liz, iníon le Francis Courell, clodóir an Tuam News, agus bhí mac agus iníon acu.

Dúirt Dubhghlas de hÍde ina thaobh: ‘He was a beautiful and accurate speaker of clear idiomatic Irish, as well as a courteous and learned scholar who was willing to communicate freely his knowledge to others .... How deeply indebted I am to him for my notes on the placenames and other matters occurring in Raftery’s poems will be seen in my notes to that book’ (Tuam News). Agus is é a dúirt Seán Ó hÓgáin: ‘Had he lived centuries back when Irishmen appreciated and rewarded Irish scholarship, he would have ranked high in the ranks of Irish annalists. In a normal Ireland his genius would have had free flow in an Irish university’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú