‘Ardent champion of Irish learning’, a thug Kuno Meyer air. ‘Is it too much to hope for the establishment of an Irish Text (sic) Society?’ (abairt i léirmheas le Powell in Manchester Guardian 9 Aibreán 1895). Deir Padraigín Riggs (The Irish Texts Society: the first hundred years. Essays to mark the Centenary ...,1998, edited by Pádraig Ó Riain) gurbh é seo an chéad tagairt do chumann den ainm sin a bhunú. Dúradh i ndiaidh a bhunaithe gurbh é moladh úd Powell a spreag daoine chun oibre; ba é Powell a bhí ina chathaoirleach ar chruinniú tionscnaimh Chumann na Scríbheann Gaeilge in 1898 agus ina chathaoirleach ar choiste gnó an Chumainn. Tá cuntas air in Dictionary of National Biography. In Bloomsbury, Londain, a rugadh é ar 14 Eanáir 1853. Is mar Bhreatnach a d’fhéach sé air féin. Faoi 1894 bhí sé ina Ollamh leis an Nua-Stair in Ollscoil Oxford. Bhí spéis aige i litríocht na hÍoslainne agus bhí staidéar éigin déanta aige ar an Sean-Ghaeilge. Bhí sé ar dhuine de na scoláirí móra a chabhraigh le Dubhghlas de hÍde chun cur in aghaidh na dtuairimí faoin nGaeilge a bhí nochtaithe ag John Pentland Mahaffy agus a leithéidí os comhair an Choimisiúin um Oideachas Meánach in 1899. D’fhoghlaim sé Gaeilge ó Sheán Mac Fhlainn (Sinn Féin 18 agus 25 Lúnasa 1906). D’éag sé ar 8 Bealtaine 1904.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú