Bhí sé ina chomharba ag Pól Ó Briain i gcathaoir na Gaeilge i Maigh Nuad. Sa Leathbhaile Rua i bparóiste Chill Tulach, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, a rugadh é. In History of the Archdiocese of Tuam, 1928 deir E.A. D’Alton gur rugadh seachtar sagart de mhuintir Lachtnáin ansin agus gurbh é Máirtín an sagart ba iomráití díobh. Chuaigh sé go Maigh Nuad in 1816 agus oirníodh do dheoise Thuama é. Ó 1820 go dtí gur fhill sé ar dheoise Thuama in 1826 a bhí sé ina ollamh. Thosaigh sé ag aistriú an Tiomna Nua go Gaeilge i Maigh Nuad ach níor chríochnaigh é de barr cúraimí eile a thit air (tagairt ag Éamonn Ó hÓgáin in Kilkenny history and society . . ., 1990, lch 408, do litir Loftus in Acadamh Ríoga na hÉireann). Nuair a d’éirigh idir Sheán Mac Héil agus Ardeaspeag Bhaile Átha Cliath, an Dr Daniel Murray, agus na Coimisinéirí Oideachais ba é Máirtín a cuireadh chun na Róimhe in 1840 chun seasamh Mhic Héil a chosaint. D’éirigh leis dul i gcion ar na húdaráis. Bhí sé ina shagart paróiste sa Dún Mór, Co. na Gaillimhe. D’fhoilsigh sé An Teagasc Críostaighe de réir Chomhairle Ard Easpoig Tuama agus Easpog na cúige sin, 1839 agus foilsíodh eagrán eile le téacsanna chomhthreomhara Béarla agus Gaeilge. Bhí sé ina leas-Seansailéir sa deoise. In Maynooth College 1795-1995, 1995 deir Patrick J. Corish gur dóigh gur cailleadh é i rith an Ghorta; níor scríobhadh taifead an pharóiste ar feadh cuid mhór de Mhárta 1847-Samhain 1848. D’éag sé ar 22 Iúil 1847.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú