Ó RAGHALLAIGH, Criostóir (1888-1966) Criostóir Ó RAGHALLAIGH 1888 1966 Sráid an Ché, Na Sceirí, Co. Bhaile Átha Cliath Bóthar Í, Baile Átha Cliath Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath M Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath múinteoir náisiúnta 1882–1922 [B9] múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

I Sráid an Ché sna Sceirí i gContae Bhaile Átha Cliath a rugadh é ar 17 Nollaig 1888. Michael Reilly, mairnéalach, agus Mary Owens a thuismitheoirí. Bhí siad imithe ón seoladh sin faoi Dhaonáireamh 1901. Bhí sé ina mhac léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ó 1908 go 1910 agus bhí ina oide sa scoil náisiúnta ann ó 1910 go 1922. Bhí teastas múinteora faighte aige i gColáiste Laighean (An Claidheamh Soluis 27 Nollaig 1913). Ó 1913 go 1919 bhí sé ina ollamh i gColáiste Chloich Chionnfhaolaidh agus ina ollamh i gColáiste Laighean ar feadh 1913-21. Ghlac sé a chéad ranganna Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i 1919 agus thosaigh go lánaimseartha mar Ollamh le Gaeilge ann i Meán Fómhair 1922. Bhí sé ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge ó 1926 go 1931. Thar ceann an Chonartha bhí sé ina bhall de Choiste Comhairleach an Chraolacháin (An Claidheamh Soluis 24 Eanáir 1931). Scríobh sé School terms and orders, 1922; Foghraidheacht na Gaeilge, 1924; Teacht aniar: an ceathramhadh leabhar Gaeilge, c.1924; Litiridheacht na Gaeilge, 1929; An léirmheastóir, 1931, chomh maith le scata de leabhairíní scoile.

D’éirigh sé as a phost i gColáiste Phádraig 31 Lúnasa 1954. D’éag sé ar 24 Nollaig 1966. Ag ‘Comeragh’, 68 Bóthar Í, Glas Naíon, a bhí cónaí air ag an am. Neillí ab ainm dá bhean chéile. Cuireadh i nGlas Naíon é ar 28 Nollaig. Bhí sé tamall ina Ard-Ridire i gCumann Naomh Columbanus agus bhí baint aige leis an mBiúró Leasa Shóisialaigh Caitliceach. Bhí sé ina bhall de bhord Ospidéal Shráid Hume.