MAC CONGHAIL, Muiris (1941–2019)
Le caoinchead ó RTÉ

Léiritheoir ceannródaíoch ar an gclár cúrsaí reatha 7 Days, léachtóir, scríbhneoir, déantóir scannán agus mórphearsa i saol na craoltóireachta in Éirinn ba ea Muiris Mac Conghail.

I mBaile Átha Cliath a rugadh é ar an 12 Bealtaine 1941, an chéad duine clainne ag Maurice MacGonigal agus a bhean, Aida Kelly. Péintéir agus ollamh sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus san Acadamh Ibeirneach Ríoga a bhí in MacGonigal agus ba scríbhneoir ar chúrsaí ealaíne í Kelly. Lena chois sin, bhí sí ina dearthóir seiteanna agus feisteas do dhrámaí Gael Linn sa Damer agus do Chumann Mór-Cheoldrámaíochta Bhaile Átha Cliath. Col ceathrar le MacGonigal freisin ba ea an t-ealaíontóir Harry Clarke. Bhí deartháir amháin ag Muiris, an criticeoir ealaíne Ciarán MacGonigal, iarstiúrthóir ar an Acadamh Ibeirneach Ríoga agus ar Mhúsaem Hunt.

Ag fás aníos do Mhuiris, bhí cónaí ar an teaghlach ar Phlás Íle agus in áiteanna eile sa chathair ach bhí dáimh láidir acu i gcónaí le hiarthar na tíre. I gConamara ba mhó a chaithidís saoire an tsamhraidh – i mBaile Conaola, sa Choill Mhór, i gCloch na Rón – chomh maith le háiteanna eile ar an gcósta thiar: Dún na nGall, an Fód Dubh, Árainn agus Corca Dhuibhne.

D’fhreastail Muiris ar Choláiste na Rinne ar feadh bliana ach chaith sé formhór bhlianta na meánscoile idir Coláiste na Carraige Duibhe agus Scoil Chaitliceach na hOllscoile (C.U.S.) ar Shráid Líosain, mar a ndearna sé an Ardteistiméireacht in 1958. As sin bhain sé céim amach sa Léann Ceilteach sa Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Rinne sé staidéar ansin ar an nGaeilge. Thosaigh sé chomh maith ar an mBreatnais ach tar éis tamaill d’aistrigh go dtí an tSeandálaíocht. Agus cé nach raibh an Béaloideas ar an gcúrsa léinn, bhí tóir faoi leith aige ar an gcartlann. An chéad bhliain dó ar an gcoláiste, thug sé a chéad chuairt as féin ar Chorca Dhuibhne. Dhá mhí den samhradh a d’fhan sé ann, le muintir oifig an phoist ar an gCarraig, idir Gallaras agus an Fheothanach agus Baile na nGall. Níor chaill sé riamh an cion faoi leith a bhí aige ar an áit, an dúil ba bhuaine aige.

I nGairmscoil Bhóthar an Chlochair, Baile Átha Cliath, a fuair Muiris a chéad phost, áit ar mhúin sé Gaeilge, Béarla agus Drámaíocht. In 1962 rinne sé an Teastas i dTeagasc na Gaeilge i nGaillimh. I mí Iúil na bliana 1963 phós sé Máire Ní Dheoráin, iníon leis an scoláire Nessa Ní Shéaghdha agus David J. Doran. I gCill Mochuda a bhí cónaí orthu i dtosach agus chuireadar fúthu i Ráth Garbh ó 1972. Cúigear clainne a bhí orthu: Fiach, Somhairle, Cúán, Étaín agus Marcus. Tógadh an chlann le Gaeilge agus chuadar ar aghaidh lena gcion féin a dhéanamh i saol na n-ealaíon lenar tógadh iad: scannánaíocht, craoltóireacht, scríbhneoireacht, ceol, amharclannaíocht agus cur chun cinn na n-ealaíon.

Mar a rinne Muiris é féin ina óige, chaitheadh an teaghlach saoire an tsamhraidh ar an gcósta thiar. Go dtí 1973 ba go Dún Chaoin agus go dtí an Fheothanach a théidís. Ach in 1974 – tráth a bhí sé i gceannas ar Sheirbhís Faisnéise an Rialtais – chuaigh Muiris timpeall na hÉireann i long cabhlach i dteannta an Taoisigh, Liam Mac Coscair. Nuair a thángadar i dtír ar an bhFód Dubh músclaíodh cuimhní i Muiris ar bheith ann roimhe sin lena athair agus é ceithre nó cúig bliana d’aois. Chuaigh an áit i bhfeidhm an oiread sin air gurbh ansin a chaitheadh an teaghlach saoire an tsamhraidh uaidh sin amach.

Bhí nasc láidir ag Muiris le hÁrainn freisin. Murab ionann is Corca Dhuibhne agus an Fód Dubh – ar chaith sé tréimhsí fada iontu thar na blianta ag cur aithne ar na daoine – is trína chuid léitheoireachta agus trí shúile Mháirtín Uí Dhireáin a chuir Muiris eolas ar Árainn ar dtús. Bhí aithne ag Muiris ar an Direánach ó bhí sé ina ghasúr scoile. In ‘Ócar Buí,’ aiste ar a athair, tá cur síos ag Muiris ar Mháirtín a bheith ar cuairt chuig an teach i bPlás Íle, go háirithe Oíche Nollag. Tar éis bhás bhean Mháirtín, Áine, in 1976, buanaíodh gnás na Nollag: Máirtín ag caitheamh suipéir leis an teaghlach oíche Lá Nollag nó Lá Fhéile Stiofáin. Bhí ceangal eile eatarthu freisin: bhí Máirtín ina athair baiste ag Somhairle agus bhí mionpháirt ag Muiris i ndráma nó dhó ina raibh an Direánach páirteach tráth a bhíodh máthair Mhuiris, Aida, i mbun seiteanna sa Damer.

Chuaigh Muiris i mbun oibre le RTÉ in 1964 agus bhí sé ar dhuine den ghlúin óg iriseoirí agus craoltóirí a rinne obair cheannródaíoch i mblianta luatha an stáisiúin náisiúnta teilifíse. Thosaigh sé ar Newsbeat agus an t-earrach dár gcionn, cuireadh anonn go Londain é le dhá mhí traenála a dhéanamh leis an BBC. Ar fhilleadh dó, d’oibrigh sé le Justin Keating ar On the land, agus le John Healy agus Ted Nealon ar Hurler on the ditch. Ó 1966–67 bhí sé ag obair ar an gclár cúrsaí reatha Division (a nasc le 7 days). In 1967, a chéad bhliain le 7 Days, bhain Muiris a chéad Gradam Jacob’s.

Iriseoireacht iniúchta a chleacht Muiris agus ní gan dua a d’éirigh leis féin agus lena chomhghleacaithe an cur chuige sin a chur chun cinn. Ag an am, b’annamh a chuirtí polaiteoirí faoi agallamh ar an teilifís agus b’éigean do Mhuiris agus an stiúrthóir nua clár, Gunnar Rugheimer, dul bog agus crua ar rialtas Fhianna Fáil le háitiú orthu cead a thabhairt d’airí agus do Theachtaí Dála dul faoi agallamh. In 1968 cuireadh 7 days – agus cúrsaí reatha i gcoitinne – faoi chúram rannóg na nuachta. Chonacthas do Mhuiris gur bhain an t-athrú sin le smacht eagarthóireachta agus gur tógadh an cinneadh de bharr brú leanúnach ó rialtas Fhianna Fáil. Fós féin, thug 7 Days faoi chláir ina ndearnadh iniúchadh nach raibh i gcónaí chun sástacht an Rialtais agus chothaíodar neart conspóide. In 1968, cuir i gcás, bhí reifreann ar siúl leis an gcóras vótála a athrú ó ionadaíocht chionmhar go córas ‘an chéad duine abhaile’. Buille marfach don reifreann sin clár de chuid 7 Days le David Thornley agus Basil Chubb inar thuaradar gurbh é a bheadh mar thoradh ar an athrú úd sa chóras vótála ná Fianna Fáil a bheith de shíor i gcumhacht.

An bhliain dár gcionn, bhí achrann eile idir lucht 7 days agus an Rialtas, ach ba é an Rialtas a fuair an lámh in uachtar an uair sin. I mí na Samhna 1969 nuair a craoladh clár faoi iasachtaí airgid mídhleathacha agus an neamhshuim a bhí an Garda Síochána a dhéanamh díobh, bhí sé ina raic. Tugadh lucht an chláir os comhair binse fiosrúcháin. Mhair an binse 59 lá agus foilsíodh a thuarascáil i mí Lúnasa 1970. Sa deireadh, d’admhaigh an binse go raibh faillí déanta ag an nGarda Síochána, gur ar éigean a cúisíodh aon duine as iasachtaí mídhleathacha in imeacht ocht mbliana roimh dhéanamh an chláir, agus nach raibh iniúchadh na ngardaí ar a gcuid oibre féin tar éis an chláir sásúil, agus fiú gur tháinig leas éigin as torthaí an chláir. Ina ainneoin sin ar fad, áfach, cháin an binse fírinne agus modhanna iriseoireachta an chláir. Bhí cur chuige nuálach ag foireann 7 Days agus bhaineadar úsáid as modhanna a bhí neamhghnách ag an am. Teicníc nua ba ea an t-athchruthú radhairc, cuir i gcás, agus dúradh nár tugadh le fios go soiléir gurbh athchruthú a bhí ann sa chlár.

I ndiaidh na conspóide sin, aistríodh an tuairisceoir Bill O’Herlihy chuig cúrsaí spóirt agus bogadh Muiris chuig an raidió. Rinneadh ceannasaí gnéchlár agus cúrsaí reatha de ansin. Bhí an-mhíshocracht ann, áfach, agus níor fhan sé ann ach roinnt blianta. Buille coscrach ba ea an binse fiosrúcháin agus rith sé le Muiris ina dhiaidh freastal ar Óstaí an Rí le cáiliú mar abhcóide ach ina ionad sin lean sé mian a chroí nuair a chuaigh sé go Maigh Nuad chun cúrsa i litríocht na Gaeilge a dhéanamh faoi Phádraig Ó Fiannachta.

In 1973, tháinig cor nua i gconair ghairme Mhuiris nuair a d’iarr Conor Cruise O’Brien, Aire Post agus Teileagraf chomhrialtas nua Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre, ar Mhuiris a bheith ina cheannasaí ar Sheirbhís Faisnéise an Rialtais. Ghlac sé leis an gcúram ar an gcoinníoll gur ina Rúnaí Cúnta a bheadh sé agus go mbeadh deis aige daoine a fhostú. Ceadaíodh sin agus d’fhág Muiris saol na craoltóireachta agus thosaigh ag obair i Rannóg an Taoisigh. Chuir sé roimhe ansin an tseirbhís a chlaochlú ó bhonn agus rinne sé obair mhór le cur le gairmiúlacht na seirbhíse agus le bonn ceart a chur fúithi le linn na tréimhse sin.

D’fhan sé sa phost ar feadh cúpla bliain ach in 1975 agus Gunnar Rugheimer ag éirí as, fógraíodh post stiúrthóir na gclár teilifíse in RTÉ. Fuair Jack White an post ach ó d’éirigh go maith le Muiris san agallamh, ceapadh é ina chomhairleoir ag Ard-Stiúrthóir an stáisiúin, Oliver Maloney. Agus chomh maith leis sin, rinne Ceannasaí de ar Raidió na Gaeltachta, an tríú ceannasaí ó bunaíodh an stáisiún trí bliana roimhe sin.

Cé nach raibh ceist ar bith faoina dhintiúir ná faoina chumas craoltóireachta, bhain méid áirithe conspóide leis na ceapacháin seo toisc é a bheith ag teacht ó phost rialtais. Tréimhse chorraitheach a bhí ansin ach bhí Muiris meáite ar athruithe chun feabhais. Dúradh san iris Hibernia go raibh sé den tuairim gur mhó a bhí na cláir a bhí á gcraoladh ar Raidió na Gaeltachta ag an am ag teacht le hobair an Choimisiúin Béaloideasa ná le seirbhís a bhí ceaptha a bheith ag freastal ar phobal beo. Um thráthnóna amháin a bhítí ag craoladh ag an am sin agus chuir Muiris roimhe cláir a chur ar siúl i rith an lae.

I samhradh na bliana 1976, thug Muiris an bóthar soir air féin ó Chasla go Domhnach Broc mar cheannasaí clár teilifíse, post sinsearach a raibh cumhacht mhór ag baint leis i saol na craoltóireachta. I gcúrsaí drámaíochta a bhí a bhuaic. D’éirigh thar cionn le Strumpet City ach bhí léirsithe ann i ndiaidh radharc as The Spike ina raibh cuspa péintéara nocht. D’easaontaigh Muiris le cinneadh an Ard-Stiúrthóra an tsraith a bhaint den aer agus ansin cheistigh an t-údarás a dhílseacht don Ard-Stiúrthóir. Aistríodh é ó cheannasaíocht na gclár go ceann na ngnéchlár teilifíse, nuair a dhiúltaigh sé ról i stiúrthóireacht léiriúchán teilifíse a ghlacadh. In 1983 athcheapadh ina cheannasaí clár é. Ghoill an easpa airgid le haghaidh cláir nuachta agus cúrsaí reatha air, áfach, agus go ceann deich mbliana ina dhiaidh sin, ba le scannánaíocht a chaitheadh sé a dhúthracht.

Bhain Muiris seasamh agus aitheantas amach i gcúrsaí scannánaíochta. Bhí sé ina chathaoirleach ar Bhord Scannán na hÉireann ar feadh seala agus thuill a shaothar scannánaíochta féin meas agus gradaim dó freisin. Agus é fós le RTÉ rinne sé, Places apart (1982) ar an bpéintéir Tony O’Malley, De Valera: questions of Ulster (1983) le John Bowman, agus an mórshaothar Oileán eile (1985) ar an mBlascaod, a bhain an dara Gradam Jacob’s dó. In 1986, d’fhág Muiris RTÉ agus, lena bhean Máire Mac Conghail ina comhstiúrthóir, bhunaigh Scannáin Chéad Shnámha Teo. a rinne scannáin ar coimisiún do RTÉ. Rinneadar scannáin a bhain den chuid is mó leis na hoileáin agus leis an Ghaeltacht, le scríbhneoirí agus le péintéirí, leis an bpolaitíocht agus le cúrsaí reatha. I measc na scannán eile a rinneadar i nGaeilge bhí Mórchuid cloch is gannchuid cré (1989), Iascairí Ghaoth Dobhair (1991) agus Tóraíocht an cóchais: Conallaigh Ghlaschú (1993). I measc na scannán eile a rinne sé, bhí Clear eye and Open mind (1990) ar an scríbhneoir John B. Keane, Mastersmith’s own touch: the Derrynaflan hoard (1990), From Aran to Monte Carlo: Irish painting 1860-1960 (1991), The Emergency (1991), agus scannán deireanach an chomhlachta, Religious strain: a portrait of Catholicism in modern Ireland (1993).

An bhliain chéanna (1993), fuair Muiris post léachtóireachta ar chúrsaí iriseoireachta agus craoltóireachta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, áit a raibh sé ina scrúdaitheoir seachtrach roimhe sin. Bhí deireadh tagtha lena phósadh faoin am sin agus d’aistrigh sé go dtí an Caisleán Nua i gContae Chill Mhantáin le Mary Malone a bhí ag obair in RTÉ. I samhradh na bliana 1994, faoi anáil Sheoirse Mhic Tomáis, thug sé a chéad chuairt ar an nGréig agus thosaigh ag foghlaim na Gréigise. Mheall an ghrian agus an t-allagar le seandaoine ar ais é bliain i ndiaidh bliana, díreach mar a rinne roimhe sin i gCorca Dhuibhne agus ar an bhFód Dubh.

Maidir le saothar scríofa Mhuiris, óna luathscríbhinní in Comhar in 1964 ar Dhónal Ó Corcora agus ar fhilí agus léirmheastóirí go dtí a leabhar deireanach ar Sheoirse Mac Tomáis in 2009, is léir go raibh tarraingt ag ábhair faoi leith air: oileáin (an Blascaod agus Árainn go háirithe); litríocht, pobal agus seanchas; scríbhneoirí agus ealaíontóirí; cúrsaí reatha; cúrsaí craoltóireachta. Litríocht na mBlascaod is ábhar do dhá leabhar leis: The Blaskets: a Kerry Island library (1987) agus Aghaidheanna fidil agus Púicíní: Seoirse Mac Tomáis in Éirinn 1923-1934 (2009). Tá aistí, léirmheasanna, agallaimh agus ailt leis le fáil chomh maith in Comhar, Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society agus Bliainiris, chomh maith le leabhair agus foilseacháin eile. Ar dhul ar scor dó in 2006 dhírigh Muiris a chuid taighde ar Thomás Ó Criomhthain agus Scoil an Bhlascaoid, agus ar Mhuiris Ó Súilleabháin agus ar Sheoirse Mac Tomáis.

Beatha a athar a scríobh an chéad rud eile a bhí beartaithe ag Muiris a dhéanamh. San aiste ‘Ócar Buí’ in Maurice MacGonigal, RHA 1900-1979: An Irish palette le Katharine Crouan (1991), tá blaiseadh den stíl ardréimeach, íogair a chleacht sé agus a shamhlófaí leis an saothar sin dá dtiocfadh ann dó.

Ach tháinig an lá gur chuaigh m’athair agus sinn féin ar fad isteach go hÁrainn i gcorp an tsamhraidh, 1957... B’shin é an samhradh geal. Bhí m’athair istigh roimhe sin i mbliain a fiche seacht agus bhí cur amach aige ar an oileán agus a mhuintir. Braithim agus bhraitheas an uair úd gur ghealaigh a chroí agus luigh isteach ar a chúram le fonn. Tháinig ann thar nais an fuinneamh sin cruthaitheach a thiomáin é go dána.

Bhásaigh Muiris Mac Conghail ar an 25 Samhain 2019, tar éis tinnis a tháinig sna sála ar stróc a bhuail é in 2009. Foilsíodh cuntais iarbháis air go forleathan i nuachtáin agus eisíodh ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn ina thaobh. Fuair sé aitheantas gairmiúil ó an-chuid daoine chomh maith le hardmholadh ar na meáin shóisialta ó phearsana aitheanta, ina measc Seamus Dooley, an Cumann Náisiúnta Iriseoirí; Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta; Jon Williams, Ceannasaí Nuachta RTÉ; Róisín Burke, Sunday Business Post; Aoife Stokes, Virgin Media; agus John Roycroft, Irish Examiner. Ar an Irish Times (16 Nollaig 2019) foilsíodh sliocht ó aitheasc Bhreandáin Feiritéar ag an tseirbhís cuimhneacháin ar Mhuiris i Séipéal Victeoiriach Chnocán Iaróm:

Na focail a shamhlaím le Muiris ná iad seo: flosc, díograis, fiosracht, slachtmhaire, sult, maoitheanachas agus dílseacht. Bhuaileadh sé isteach le flosc agus le fuinneamh. Bhíodh faghairt ina aghaidh agus ina shúile agus bheadh a fhios agat go raibh obair agus cúram ar leith déanta fá choinne an chruinnithe seo … Bhíogadh aon ugach nua feasa ar aon scéal nó téama é. Ba bhreá leis allagar agus díospóireacht a dhéanamh faoi, allagar a bheadh rí-mhinic go crua cealgánta ... Má thug sé cúram le déanamh duit, d’fhan sé ceangailte leis an gcúram ... Níor fhág sé riamh uaigneach i d’aonar tú leis an gcúram … Na cuimhintí is gléine agam féin ar Mhuiris ná sinn ar Inis Tuaiscirt le linn scannánaíochta ar Oileán Eile sinn istigh sa mhúchán mar ar chónaigh na daoine deireanacha a mhair ann agus Seán Pheats Tom ó Cearna inár gcomhluadar. Cuimhním air ar Inis Gé Thuaidh i measc na bhfothrach agus ag cur líon saighní ar an dtráigh álainn sin ar an bhFód Dubh farae Sonny Mac Oireachtaigh. Cuimhním air ar a shástacht ar an gCúinne ar an bhFeothanaigh farae Willie Lee agus Nic Chláis Ruiséal ag trácht ar chúrsaí feirme agus farraige, nó i dTigh Krugir farae Pound agus Faelí agus Seán Chaist, nó i dTigh Kane i nGleann an Mhám ag comhrá le lucht cnoic agus caorach. Is cuimhin liom é ar a shuaimhneas i nGarville Avenue agus Máirtín Ó Direáin go cumhthalach ina fhochair – iad ag plé cúrsaí an iarthair agus Árann ... B’iad sin a láithreacha draíochta mar ar osclaíodh a intinn agus a chló ceart.

Agus de réir a uachta agus a thiomna deiridh, créamadh a chorp agus scaipeadh a luaithreacha ar an mbealach isteach go dtí an Blascaod Mór.

Eilís Ní Anluain

Ailt