NÍ GHUITHÍN, Máire (1909–1988)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Duine de scríbhneoirí an Bhlascaoid. Is iad an péire leabhar a scríobh sí An tOileán a Bhí, 1978 agus Bean an Oiléain, 1986. Tá nótaí fúithi in Field Day Anthology of Irish Writing IV, 2002 agus in The Blaskets: People and Literature, 1994 le Muiris Mac Conghail. Sna Blascaodaí a rugadh í ar 19 Meán Fómhair 1909. Ba é Maidhc Léan Ó Guithín a hathair agus ba í Máire Pheats Mhicí Ní Chatháin, iníon ‘Rí an Oileáin’ (Pádraig Ó Catháin) a máthair. Deir Mac Conghail gurbh as Inis Mhic Aoibhleáin do na Guithínigh. Ba ina dteachsan a d’fhanadh Robin Flower. In In Wicklow and West Kerry, 1911 tugann J. M. Synge cuntas ar an tamall a chaith sé i dteach an Rí i 1903 agus ar mháthair Mháire: ‘His eldest daughter, a young married woman of about twenty, who manages the house, shook hands with me also and then, without asking if we were hungry, began making us tea in a metal teapot and frying rashers of bacon. She is a small, beautifully formed woman, with brown hair and eyes—instead of the black hair and blue eyes that are usually found with this type in Ireland—and delicate feet and hands that are not common in these parts, where the woman’s work is so hard.’ ‘My little hostess’ a thugann Synge uirthi. D’éag sise ar 16 Eanáir 1970.

Bhíodh Máire ag cabhrú lena tuismitheoirí nuair a thagadh cuairteoirí go dtí na Blascaodaí ag foghlaim Gaeilge agus d’éirigh sí taithíoch ar nótaí a scríobh faoi chúrsaí san oiléan. Bhí Seoirse Mac Tomáis agus Robin Flower i measc na gcuairteoirí sin. Chaith sí tamall ag obair i gColáiste Moibhí, coláiste ullmhúcháin Eaglais na hÉireann d’ábhar múinteoirí i nGlas Naíon; d’fhostaíodh George Annesley Ruth, an príomhoide, agus a bhean May Leeson-Marshall, cailíní ón nGaeltacht. Tá i gcló in Cork Holly Bough, 1988, in alt Uaitéir Mhic Craith ar bhean an Rútaigh, cuntas ceanúil a thug Máire ar an mbeirt. In Coláiste Moibhí, 2002, deir Risteárd Ó Glaisne: ‘Duine Máire Ní Ghuithín, Bean Labhráis Uí Chíobháin, a d’aithneodh an fhíor-uaisleacht seachas an uaisleacht thacair, agus is cosúil gur aithin Máire de Rút, gur mhór aici tíolacaí flaithiúlachta agus éirime an chailín óig ón mBlascaod Mór freisin.’ Thugadh scoláirí an choláiste cuairt ar Chorca Dhuibhne agus bhuaileadh siad le Máire. Sa phéire leabhar aici tugann sí cuntas ar an saol san oileán, ar obair na mban, ar chluichí, ar leasú an éisc, ar chúrsaí creidimh, ar na rincí . . .. Phós sí Labhrás John Larry Ó Cíobháin agus rugadh beirt iníonacha dóibh. D’éag sí ar 29 Deireadh Fómhair 1988.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú