Bhí sé ar an oibrí ba dhúthrachtaí i gCumann GaelachEaglais na hÉireann. I gCuan Bhaile na Cúirte, Co. Loch Garman, a rugadh é 8 Lúnasa 1883. Baile Átha Cliath an seoladh ar an teastas breithe agus is dóigh gur ar saoire a bhí teaghlach de Rút ag an am. Cléireach ba ea a athair Richard Thomas Ruth agus ba í Abigail Harriet Corvan a mháthair. Chuaigh Seoirse isteach sa státseirbhís. Bhí sé ina bhall de Chraobh na gCúig gCúigí de Chonradh na Gaeilge agus bhí ina theachta chuig Ard-Fheis 1913 (An Claidheamh Soluis 26 Iúil 1913). Ba é a sheol na cuirí amach in Eanáir 1914 chun go mbeadh réamhthionól d’fhonn Cumann Gaelach na hEaglaise a bhunú. ‘Oibrí dian dícheallach’ ba ea é, dar le Risteárd Giltrap (An Ghaeilge in Eaglais na hÉireann, 1990) agus deir sé freisin: ‘Bhíodh Seoirse de Rút go mór i bhfábhar an cheangail idir Eaglais na hÉireann agus an Mhocheaglais Cheilteach agus thapaíodh sé an deis i gcónaí chun an ceangal sin a threisiú in imeachtaí an Chumainn’. Bhí sé ina rúnaí ag an gCumann ar feadh i bhfad. Oibrí eile sa Chumann ba ea Máire Ní Mháirséil agus phós siad ar 31 Iúil 1924 i mBaile an Mhuilinn, Co. Chiarraí. ‘The “folklore” of the event is that all the aristocratic relatives present were rather shocked at the Gaelic vernacular!’ (Alt le Uaitéar Mac Craith, ‘Aristocrat and Gaeilgeoir’, in Cork Holly Bough, 1988). ‘Bhíodh an Cumann go mór faoi chomaoin Sheoirse de Rút i gcónaí agus léiríodh méid a mheasa air ag ócáid a phósta le Máire Ní Mháirséil .... Reachtáladh “Céilí” speisialta in uimhir a cúig, Sráid Laighean, chun bualadh le Seoirse agus Máire, áit ar bronnadh Cláirseach “Egan” orthu mar chomhartha buíochais as a ndearna siad ar son an Chumainn’ (Giltrap). Bhí Máire ina rúnaí ar an bhfochoiste a d’fhéach chuige gur fhoilsigh an Cumann eagrán de [Leabhar] na h-Urnaighe Comhchoitchinne tuairim 1928. I dtuairisc a bháis in Church of Ireland Gazette 14 Márta 1947 deirtear gurbh é Art Ó Gríofa a d’fhéach chuige gur ceapadh é ina bhall de Bhiúró na Teorann díreach i ndiaidh an tsosa cogaidh i 1921 ach gur ghairid gur fhill sé ar an státseirbhís.

Nuair a bunaíodh Coláiste Moibhí, coláiste ullmhúcháin i nGlas Naíon, i 1926 ceapadh Seoirse i gceannas air. Státseirbhíseach ar iasacht ba ea é agus bhí Máire mar bhean an tí ann. ‘Ba mhaith an bonn a chuir sé féin agus a bhean chéile, May Leeson-Marshall, faoi’ (Risteárd Ó Glaisne, Gaeilge i gColáiste na Tríonóide 1592-1992, 1992). Nuair a d’fhill sé ar an státseirbhís is in oifig an Ard-Chláraitheora a bhí sé ag obair. Bhí éirithe as an tseirbhís aige le tamall (Church of Ireland Gazette 14 Márta 1947) sula bhfuair sé bás ar 20 Feabhra 1947. Mhair Máire anuas go 1988. Is cuntas ar a saol a bhfuil ag Uaitéar Mac Craith in Cork Holly Bough. Ba é Major Markham R. Leeson-Marshall, abhcóide, a hathair. Bhí sé síolraithe go díreach ó chéad Iarla Bhaile an Mhuilinn (George Leeson ó Russborough), agus bhí ina Ardsirriam ar Chiarraí in 1890. I gCaladh na Feirse, Baile an Mhuilinn, a bhí cónaí air. Deir Uaitéar Mac Craith: ‘It was well known that in the 1920 period Callinafercy House was a “safe house” for Volunteers on the run from Crown forces’. Ach bhí máthair Patrick O’Sullivan (I heard the wild birds sing: a Kerry childhood, 1991) ina cócaire sa teach agus deir sé: ‘In the years prior to 1922 songs in praise of the reigning British monarch were a regular feature of any children’s parties they gave, and the country children were constantly reminded of the blessings bestowed upon Ireland by the Royal family across the Irish sea’. Agus tá an méid seo aige i dtaobh Mháire: ‘My first impressions of Mrs Ruth were of a somewhat intimidating woman. She spoke in a highly cultured English accent, but if any visitor happened to comment on the fact she would profess amazement and declare herself to be totally Irish’. Iníon le Sir John Fermor Godfrey ba ea a máthair, Mabel Edith Godfrey, agus fuair sise bás nuair nach raibh ag Máire ach b’fhéidir trí mhí d’aois. I 1906 phós an t-athair Meriel Hodson, iníon le Sir George Hodson. I rith an Chogaidh Mhóir (1914-18) bhí Máire ag obair go toildeonach i Sasana mar bhanaltra. Nuair a cháiligh sí mar fhisiteiripeach measadh go raibh sí ar dhuine de na chéad mhná in Éirinn a rinne sin. Ba í an chéad bhean riamh í a toghadh ina ball de shionad Eaglais na hÉireann. San aiste úd in Cork Holly Bough tá cur síos ceanúil ag Máire Ní Ghuithín (an Blascaodach a scríobh Bean an Oileáin, 1986) ar Sheoirse agus Máire; bhí aithne mhaith aici orthu le linn di a bheith ag obair i gColáiste Moibhí. Go Corca Dhuibhne is mó a théadh siad ag foghlaim Gaeilge. Chaith Máire tamall mar dhuine de leasuachtaráin Chumann Gaelach na hEaglaise agus nuair a d’éag Seoirse chuaigh chun cónaithe i gCaladh na Feirse. Ball gníomhach de Mhuintir na Tíre ba ea í agus is léir ar chuntas Patrick O’Sullivan go gcaitheadh sí go carthanach fial le cibé comharsana a bhí i ngá cabhrach. Bhí sí os cionn 97 bliain d’aois nuair a d’éag sí i dTeach Banaltrais Naomh Lúcás i gCathair Chorcaí ar 26 Lúnasa 1988. I nGaeilge a bhí searmanais na sochraide. Tá an bheirt acu curtha i mBaile an Mhuilinn.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú