Scríobh Mícheál de Mórdha cuntas ar an mBlascaodach seo in Foinse 24 Eanáir 1999. Tá agallamh a chuir Pádraig Tyers air i gcló in Leoithne Aniar, 1982 agus is le tréigean an Bhlascaoid is mó a bhaineann sé. Cailleadh a athair, Maidhc Léan Ó Guithín, nuair a bhí Seán óg. Ba é an duine ba shine sa chlann é agus thit ualach trom oibre air. Ní mórán scolaíochta a fuair sé. ‘Dá bhfaigheadh sé an deis cheart is cinnte nach sa Bhlascaod a d’fhanfadh sé mar go raibh éirim agus intleacht ann a thabharfadh i bhfad ó bhaile é ach an chaoi a fháil.’ Deir Muiris Mac Conghail in The Blaskets: a Kerry Island Library, 1987 gur gharmhac é le Pádraig Ó Catháin, rí an oileáin: ‘The Guithínigh were originally the inhabitants of Icíleáin.’ Nuair a tréigeadh na mBlascaodaí i 1953 chuir sé faoi i mBarra an Bhóthair, Baile na Rátha, Dún Chaoin. Deir Ó Mórdha: ‘Go deimhin do bhí mórán daoine ag tarraingt ar Sheán agus ar a dheartháir, Muiris, atá fágtha ina dhiaidh sa tigh i nDún Chaoin ina raibh cónaí ortha ó 1953 i leith. D’oibrigh beirt acu mar fhoireann ag tál eolais mar gheall ar a n-oileán dúchais ar aon duine a ghabh chucu ag bailiú an eolais sin. Ba bheag lá ná bíodh duine éigin ar lic an tinteáin acu agus Seán ar thaobh amháin den adharta agus Muiris ar an dtaobh eile agus iad i gceannas na cúirte ag scagadh agus ag cíoradh agus ag tabhairt breithiúnais ar scéal éigin ón oileán. Do bhí teist orthu ó cheann ceann na tíre mar gheall ar a gcuid eolais ar scéal agus ar oidhreacht a n-oileáin dúchais. Ní bheadh alt ná clár raidó ná teilifíse ann ina iomláine mura mbeadh Seán nó Muiris páirteach ann.’ Ghlac siad páirt sna cláir teilifíse: Oileán Eile (Muiris Mac Conghail), Deireadh an Áil agus Slán an Scéalaí (Breandán Feiritéar) agus Eighty years a-growing (Gerry Gregg). D’éag Seán ar 17 Eanáir 1999.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú