Ba í an bhean seo a chabhraigh le George Thomson chun Fiche bliain ag fás a aistriú go Béarla na hÉireann; bhí d’ainm uirthi go raibh sí an-mhór le Micheál Ó Coileáin agus gheofar tagairtí di in: Dublin Historical Record, Fómhar 2002 (‘James O’Connor, Fenian, and the Tragedy of 1890’ le Cormac F. Lowth); Michael Collins: a biography 1990 le Tim Pat Coogan; Michael Collins and the Brotherhood, 1997 le Vincent McDowell; Michael Collins and the women in his life, 1996 le Meda Ryan . . .. Gheofar cuntas agus tuairimíocht ina taobh in Survivors: The story of Ireland's struggle as told through some of her outstanding living people recalling events from the days of Davitt, through James Connolly, Brugha, Collins, Liam Mellows, and Rory O'Connor, to the present time, 1980 le Uinseann Mac Eoin. Ba é James O’Connor (1836-1910) ó Ghleann Ó Máil, feisire parlaiminte thar ceann Chill Mhantáin, a hathair; mar iriseoir bhí baint aige le The Irishman, Shamrock, United Ireland . . .. Cuireadh a sheanathair chun báis i nDún Luáin, Cill Mhantáin, i 1798. Bhí tamall caite i bpríosún aige mar Fhínín agus tamall eile i gCill Mhaighneann le Parnell. ‘While in prison James O’Connor perfected his proficiency in the Irish language and in later years during the 1870s he gave lessons in Irish in the Mechanics Institute’ (Lowth). Ina theach ag 2 Plás Montpelier a bhí cónaí ar Charles Kickham ó 1879 gur éag sé agus bhí sé orthu sin a d’iompair cónra John O’Leary i 1907. Cailleadh a bhean agus ceathrar dá leanaí nuair a d’ith siad diúilicíní nimhe ar thrá Bhaile na Manach, Dún Laoghaire, 30 Meitheamh 1890. Ba í Moya amháin, a bhí naoi mbliana d’aois, a tháinig slán. Shuigh coiste cróinéara i Rinn na Mara 1 Iúil agus tá tuairisc air in Irish Times 2 Iúil 1890; tá tagairt don tragóid ag James Joyce in Ulysses.

Nuair a phós an t-athair thar n-ais i 1908 chuaigh Moya chun cónaithe i Londain. I 1909 phós sí Crompton Llewelyn Davies, cé go raibh sé 28 bliain níos sine ná í; ba é príomhaturnae Phost na Breataine é agus bhain tábhacht pholaitiúil leis sa mhéid go mba chara agus chomhairleoir ag Lloyd George é. Is dósan agus dá dheartháir, nuair a bhí siad ina bpáistí, a scríobh J. M. Barrie na scéalta faoi Peter Pan agus Wendy. Deir McDowell go dtugadh sé cead a cinn do Moya agus gur chuir Sam MaguireMicheál Ó Coileáin in aithne di ag céilí in Islington agus go gcastaí ar a chéile iad ina dhiaidh sin ag rang i gConradh na Gaeilge; más mar sin a bhí is é a shílfeadh duine gur roimh 1914 a tharla na teagmhálacha sin. Is le daoine a bhí claonta in aghaidh an Choileánaigh agus an Chonartha Angla-Éireannaigh na cuntais in Survivors agus dar leo gurbh iad gliceas agus polaitíocht Lloyd George ba chúis leis na teagmhálacha a bhí ag an gCoileánach i Londain, go luath i ndiaidh olltoghchán 1918, le Llewelyn, Moya, J.M. Barrie agus a leithéidí. Dhealródh nach bhfuil amhras ach go raibh caidreamh collaí aige le Moya. Dúirt sí le Chalmers (Terry) Trench go raibh (Nearly ninety: reminiscences, 1996). Tuairimítear fiú gurbh é athair duine den bheirt leanaí a bhí aici; scéal scéil atá in cibé fianaise atá ann, áfach.

Cheannaigh Davies Furry Park House, Cill Easra, Baile Átha Cliath, i 1920: ‘A romantic vantage point from which a young wife surveyed the revolution sweeping through her country while her cultivated, studious, and older Welsh husband attended to his duties in London’ (Coogan). Deirtear go n-iompraíodh sí gunnaí ina carr, iad faoi cheilt i mála plúir, go Corcaigh agus Tiobraid Árann. I Márta 1921 chaith Moya tamall i bpríosún Mountjoy. Is dá dheasca sin a chaill Crompton post arbh fhiú £2,500 sa bhliain é. Fuair sé post beagnach láithreach i gcomhlacht príobháideach agus thugadh sé cabhair don Choileánach chun bunreacht a dhréachtadh. Cheap an Dáil é mar eadránaí agus príomhchigire maidir le cúrsaí talún.

Tá an tagairt seo di ag Signe Toksvig faoin dáta Samhain 1934 (Irish Diaries,1926-1937, 1994): ‘We drove them [cairde leo] to Furry Park and had tea and dinner with Moya Llewelyn Davies and her daughter “Seán”: it was a very tense but good experience. She recreated Michael Collins for us: was undoubtedly his mistress, and she did it well. I watched her for undue dramatization, but she has taste. A little Irish ‘gruppering’ [Danish = ‘attitudinising’] but genuine, I’d say. Neurotic. Both of them. But could be friends. Independent.’ Is in Furry Park a d’fhan Muiris Ó Súilleabháin ar feadh seachtaine nuair a tháinig sé go Baile Átha Cliath a chéad uair; George Thomson ba chúis leis sin. Le hómós di is Máire Llewelyn a thug Muiris ar a iníon. Foilsíodh Twenty Years a-Growing, 1933, aistriúchán Moya agus Thomson ar Fiche Bliain ag Fás. Deir Thomson: ‘Bhí an bheirt againn ag obair ar an aistriú, mé féin agus Moya, bhí beagán Gaeilge aici sin, ach níor mhór í, agus is é an rud a dheineamar, dheineas féin leagan garbh mar adéarfá, dlúth go maith don nGhaeilge. Chuirinn chuici an leagan sin agus dheineadh sí athleagan Béarla air. . . . Mar theastaigh uaim an leabhar d’aistriú go dtí Béarla na hÉireann, agus ní raibh aon eolas agam ar an dteanga san, mar cé go rabhas ag an am sin ag fanacht i mBaile Átha Cliath, do b’fhearr an Ghaeilge a bhí agam ná an Béarla áitiúil, mar adéarfá . . .’(Muiris Ó Súileabháin: saol agus saothar, 1983)., 1983 le Nuala Ní Aimhirgín). I réamhnóta sa leabhar deir E.M. Forster (1879-1970): ‘The book is written in Irish, and the original is being published in Dublin. As regards the translators, one of them is in close and delicate touch with the instincts of her countryside, the other, a scholar, teaches Greek through the medium of Irish in the University of Galway.’ Ní róshásta leis an mBéarla a bhí D.A. Binchy: ‘Mrs Llewelyn Davies and Mr. Thomson… have invented an “Irish dialect of English” that has no existence outside the pages of their book’ (i gcló ag Nuala Ní Aimhirgín in Muiris Ó Súileabháin: saol agus saothar, 1983).

Níl tagairt d’aon leabhar eile léi in British Library Catalogue of Printed Books. B’fhéidir gur chuir sí eagar ar leabhair eile. Deirtear gurbh í dáiríre a scríobh With the Dublin Brigade 1917-1921, 1929 le Charles Dalton. Deir MacDowell gur scríobh Moya dírbheathaisnéis, gur thaispeáin í do bhean chéile Bhatt O’Connor, Óglach nótáilte a raibh sí gaolta leis, go raibh a fhios go maith ag cairde an Choileánaigh go ndéanfadh sé dochar d’íomhá a laoich agus gur socraíodh bás a bhagairt uirthi. Níl a fhios cad a tharla don lámhscríbhinn. Tugann Coogan an sliocht seo as scríbhinn neamhfhoilsithe le Kathleen Napoli MacKenna: ‘Moya herself, tall, thin, agile, extremely elegant in a brown gold-brocaded tight-fitting frock with long clinging sleeves, carefully-groomed, her well chiselled head Eton cropped, a cigarette in a long holder between her slender tapering fingers opened the door . . . calling me Caitlín . . . I admired her wide-open wonder-filled eyes that shone like stars . . .’. D’éag sí ag Killadreenan House, Baile an Chinnéidigh, Co. Chill Mhantáin, 28 Meán Fómhair 1943. B’fhiú breis is £14,000 a heastát. Ba leis an scríbhneoir Francis Hackett agus a bhean Signe Toksvig an teach sin anuas go 1937. Tá sí curtha i nGlas Naíon.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú