Ó COILEÁIN, Mícheál (1890–1922)

Ba cheannaire réabhlóide é Mícheál Ó Coileáin, agus cathaoirleach ar rialtas sealadach na hÉireann, agus ardcheannasaí arm an rialtais shealadaigh. Rugadh é ar an an 16 Deireadh Fómhair 1890 i nDoire Luain, iarthar Chorcaí, an duine deireanach den ochtar clainne (triúr mac agus cúigear iníonacha) a rugadh do Mhícheál Ó Coileáin, feirmeoir tionóntach (a bhí in aois 75 nuair a rugadh an Coileánach) agus Máire Áine Uí Choileáin (Ní Bhriain) a choinnigh léi ag obair ar an bhfeirm tar éis gur fágadh ina baintreach í, go bhfuair sí féin bás den ailse sa bhliain 1907. Chuaigh sé ar scoil ar Scoil Náisiúnta Lios an Bhaird agus ar Scoil Náisiúnta Chloich na Coillte, agus nuair a d’fhág sé an scolaíocht ina dhiaidh in aois a 15 d’imigh sé go Londain mar ar oibir sé i dtosach mar chléireach i mbanc taisce West Kensington, agus ansin in oifig stocbhróicéara sa City (1910) agus ina dhiaidh sin sa Bhord Trádála. Sular fhág sé Londain, bhí sé fostaithe ag Guaranty Trust Co. le linn 1915. Bhí sé díograiseach i dtaca le Cumann Lúthchleas Gael agus Conradh na Gaeilge, mar imreoir agus mar riarthóir, agus ghlac sé mionn i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann (an IRB) in 1909. Sa bhliain 1914 chuaigh sé in Óglaigh na hÉireann, agus ceapadh ina chisteoir sa Bhráithreachas é do dheisceart Shasana. Ní cóir a bheag a dhéanamh den oiread a chuaigh an tréimhse sin i bhfeidhm air i measc an phobail náisiúnach sin d’eisimircigh; thaitin leis an ficsean coiteann a léamh, agus Conan Doyle go háirithe, agus d’éirigh leis taithí luachmhar riaracháin a fháil trína chuid fostaíochta. Bheadh seanchairde sin Londan mar theagmhálacha tábhachtacha ar ball sa ghréasán faisnéise a chruthaigh sé.

An tÉirí Amach agus an pholaitíocht

D’fhill Ó Coileáin ar Éirinn i mí Eanáir 1916 agus bhí sé ina chomhairleoir airgeadais don Chunta Pluincéad. In Ard-Oifig an Phoist bhí sé mar ADC ag Seosamh Pluincéad le linn éirí amach na Cásca; ní raibh sé ag teacht ar chor ar bith le fealsúnacht íobartach an Phiarsaigh, ach chuaigh seasmhacht agus cruálacht Thomáis Uí Chléirigh agus Sheáin Mhic Diarmada, ceannairí an IRB, i bhfeidhm go mór air. Níor cuireadh cúirt airm air tar éis an Éirí Amach ach imtheorannaíodh é go mí na Nollag 1916 in Frongoch, tuaisceart na Breataine Bige, áit ar tháinig sé chun tosaigh go mór san ‘ollscoil réabhlóide’, mar a thugtar air; chuireadh sé suas do na húdaráis i ngeall ar dhálaí an phríosúin, bhíodh sé i lár díospóireachtaí agus plé faoi straitéisí míleata, agus ghlacadh sé páirt i ranganna Gaeilge, ainneoin nach raibh aon chéim oifigiúil aige. Nuair a scaoileadh saor é, trína theagmháil le Cáitlín Uí Chléirigh, baintreach Thomáis Uí Chléirigh, thosaigh sé ag obair le Fóirithint Náisiúnta na hÉireann agus Ciste Chleithiúnaithe na nÓglach, agus bhí ról lárnach aige san IRB a atógáil ó bhun; idir an dá eagraíocht bhí bunús ag an gCoileánach éirí suas trí chéimeanna na náisiúnach. Cé gur mhór aige naisc na gcumann rúnda, thuig sé chomh maith céanna an riachtanas bheith i bpáirt le heagraíochtaí poiblí, agus bhí baint aige lena chur ina luí ar Joe McGuinness, a bhí sa phríosún san am, seasamh i bhfothoghchán an Longfoirt Theas i mí Bealtaine 1917.

Is i Meán Fómhair 1917 a léiríodh go poiblí den chéad uair an seasamh a bhí ag an gCoileánach, nuair a thug sé aitheasc grod daingean ar tórramh Thomáis Ághais. Tar éis gur scaoileadh urchair os cionn na huaighe, arsa an Coileánach: ‘Nothing additional remains to be said. That volley which we have just heard is the only speech which it is proper to make above the grave of a dead Fenian.’

Toghadh an Coileánach ar fheidhmeannas Shinn Féin i mí Dheireadh Fómhair 1917, más ar éigean é, ach bhí sé níba lárnaí sna hÓglaigh, a raibh atheagar anois orthu, agus rinneadh aidiúnach ginearálta de i Márta 1918 tráth a ceapadh gur shábháilte an rogha é Risteárd Ó Maolchatha mar Cheann Foirne. Le linn 1917-1918 thóg an Coileánach an tseirbhís faisnéise aige, trí leas a bhaint as an gcoimhthíos ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath a bhain don mheánaicme ghairmiúil Chaitliceach; bhí roinnt fostaithe de chuid na seirbhíse poiblí mar bhaill bharrthábhachtacha dá chóras faisnéise. Bhí teagmhálacha aige i bPóilíní Chathair Átha Cliath agus sa Chaisleán féin, rud a chuir ar a chumas rabhadh a thabhairt go raibh na gabhálacha ar na bacáin a bhain leis an ‘Chomhcheilg Ghearmánach’ i mí na Bealtaine 1918. Ní hionann agus an Coileánach, shocraigh tromlach cheannairí Shinn Féin go bhfaigheadh siad an phoiblíocht tríd an bpríosúnacht, rud a d’fhág go raibh tionchar mór ag an gCoileánach i mBaile Átha Cliath i measc na n-ardnáisiúnach le linn an olltoghcháin i mí na Nollag 1918. In éineacht le Diarmuid Ó hÉigceartuigh agus Harry Boland, ba é an Coileánach a roghnaigh cuid mhór iarrthóirí toghcháin do Shinn Féin, agus toghadh é féin gan iomaíocht i gCorcaigh Theas.

I mí Aibreáin 1919, roinnt míonna tar éis gur bunaíodh rialtas na Dála, tháinig sé i gcomharbacht ar Eoin Mac Néill mar aire airgeadais agus d’éirigh leis atheagar a chur ar iasacht na Dála. Cruinníodh £380,000 in Éirinn faoi Mhean Fómhair 1920, rud a d’fhág go rabhthas in ann rialtas na dála a bhunú. Le linn an fheachtais cruinnithe bhí sé i dteagmháil go leanúnach le síntiúsóirí áitiúla agus ba é a reáchtáil an phoiblíocht. De réir dealraimh bhí sé ina uachtarán ar ardchomhairle an IRB i lár 1919, agus níorbh fhada go raibh sé mar stiúrthóir faisnéise ag an IRA. Ní nach ionadh, is iomaí fadhb a bhí ann i ngeall ar oiread cúraimí bheith faoina smacht, agus tharraing an tionchar a bhí bainte amach aige olc ó dhaoine eile. Cháin Cathal Brugha agus Abhaistín de Staic an cur isteach, dar leo, a bhí sé a dhéanamh ar reáchtáil na ranna cosanta agus gnóthaí baile a bhí faoina gcoimirce siúd.

Méadaíodh ar an aighneas i ngeall ar phearsantacht bhorb thiarnasach Uí Choileáin féin; tharraing sé dílseacht gan cheist, sin nó an dúfhuath – níor fhéad aon duine dá lucht aitheantas bheith ar nós cuma liom faoi. Bhí nimh san fheoil idir é agus Cathal Brugha go háirithe. Ba bheag leis daoine bheith neamhéifeachtúil agus neamhphoncúil. Ní raibh acmhainn ar bith aige ar na polaiteoirí neamhéifeachtacha measartha, dar leis, a bhí sa ghluaiseacht, ná ar an gcaoi ar theip ar ranna eile i rialtas na Dála riarachán éifeachtach a bhunú. Bhí sé an-ghéar go háirithe maidir le cumas riaracháin de Staic, agus bhí sé ar an mbeagán ceannairí i réabhlóid na hÉireann a bhí ar a chompord le córas innéacs cártaí.

Ceannaire treallchogaíochta

Tá íomhá thraidisiúnta ag an gCoileánach mar cheannaire gaisciúil an IRA ó thús na treallchogaíochta i mí Eanáir 1919, ach is amhlaidh gurbh eagraí é seachas trodaí, agus gurbh annamh a chuaigh sé amach as Baile Átha Cliath. Bhí sé i bhfách le cur chuige cúramach maidir le teagmháil le fórsaí na Breataine. Bhunaigh sé an Scuad, dream gunnadóirí san IRB a thuill clú ar ball, chun feidhm a bhaint as an bhfaisnéis a bhí sé a fháil; is i mí Iuil 1919 a rinne siad a gcéad ghníomh. Ar dtús, chuir an Scuad bagairt Phóilíní Chathair Átha Cliath ar neamhní trí roinnt maruithe, agus dhírigh siad ansin ar ghníomhairí faisnéise na Breataine, go háirithe tríd an dáréag fear a mharaigh siad, agus an roinnt eile a ghortaigh siad, ar Dhomhnach na Fola, 21 Samhain 1920.

Bhí sé gníomhach chomh maith ag leathnú an chórais faisnéise aige ar fud chúigí na hÉireann, ach mar sin féin níorbh ionann an éifeacht a bhí ag a eagraíocht i ngach ball den tír. A bhuí le naisc a bhí aige leis an IRB, d’éirigh leis soláthar áirithe arm a chur ar fáil ó SAM agus ón Mór-Roinn, agus ba é a cheap agus a thug stiúir do roinnt éaluithe ó ghéibheann, go háirithe éalú Éamon de Valera ó phríosún Lincoln i mí Fheabhra 1919. Ba leis an gCoileánach na fir sna calafoirt agus ar na longa a chuir ar chumas de Valera imeacht go SAM i Meitheamh 1919 agus ar ais go hÉirinn i mí na Nollag 1920. Is i ngeall ar theagmhálacha pearsanta agus ar fhuinneamh Uí Choileáin a bhí tionchar ag ceannáras an IRA ar fud na gcúigí, ach bhí tábhacht chomh maith leis an tionscnamh áitiúil sa treallchogaíocht, agus bhí míshásamh ann nuair a dhiúltaíodh ó Coileáin d’iarratais ar airm agus ar armlón.

Is fearr an tuiscint a bhí aige ar an mhéid a bhain sé amach ná chuid mhór den dream a scríobh a bheathaisnéis. Is i mBaile Átha Cliath, den chuid is mó, a bhí tábhacht leis. Bhí spéis mhillteanach ag na Briotanaigh sa Choileánach, agus idir sin agus an chaoi ar theip orthu greim a fháil air, cothaíodh finscéal maidir leis an gCoileánach. Is amhlaidh a bhí sé in ann bheith ag rothaíocht timpeall Bhaile Átha Cliath agus bheith ag ól i dtithe ósta i gCearnóg Parnell, ainneoin go raibh iomrá air mar an fear is mó a raibh tóir ag Briotanaigh air ar fud na himpireachta. Is féidir, áfach, nach rabhthas á lorg go dian ar feadh tréimhsí áirithe i ngeall ar iarrachtaí síochána. Idir gabháil Art Ó Gríofa (Samhain 1920) agus filleadh de Valera ó SAM (go déanach i mí na Nollag), ba é an Coiléanach uachtarán feidhmeach rialtas na Dála. An Nollaig sin bhí baint aige le hidirbheartaíocht sách fada faoin tsíocháin, arna thionscnamh ag an Ard-Easpag Patrick Clune, Perth, Iarthar na hAstráile, ar tháinig deireadh leis óir bhí rialtas na Breataine suite de go diongbháilte go raibh airm an IRA le géilleadh. Sa chéad leath de 1921 d’éirigh sé níos éadóchasaí faoin gcogadh. Gabhadh gníomhairí tábhachtacha faisnéise, ar nós Ned Broy go háirithe, rud a bhain den éifeacht a bhí san fhaisnéis a bhí sé a fháil, agus rinne fórsaí na Breataine ionradh ar a chuid oifigí (Aibreán 1921).

Bhí an chuma ar an scéal go rabhthas ar tí é féin a ghabháil, agus mhaígh Ó Maolchatha ina chuimhní cinn go mba ghá an tráth sin, murach an sos cogaidh, gníomhairí na Breataine a dhíbirt as an eagraíocht athuair. D’éirigh an Coileánach an-cháinteach faoin chaoi a raibh ag teip, dar leis, ar aonaid éigníomhacha den IRA. Ba é an breithmheas réalaíoch seo ar an gcás míleata ina raibh sé, agus go háirithe an géarghanntanas arm agus armlóin, a thug air glacadh leis an sos cogaidh go luath i mí Iúil 1921. Níor tháinig ann do na lastais mhóra arm a bhí beartaithe ón Iodáil agus ón nGearmáin; is ar an gCoileánach, ar ball, a chuir ceannaireacht an IRA i gCorcaigh an locht nár cuireadh i gcrích an idirbheartaíocht maidir le hairm ón Iodáil.

Idirbheartaíocht

Tar éis an tsosa chogaidh, ní raibh an Coileánach sásta nuair nár roghnaíodh é chun dul in éineacht le de Valera le haghaidh na gcodanna is luaithe den idirbheartaíocht, agus bhí sé chomh míshásta céanna nuair a roghnaigh an Dáil é (14 Meán Fómhair) tar éis do de Valera é a ainmniú, chun idirbheartaíocht a dhéanamh le rialtas na Breataine ag an gComhdháil Angla-Éireannach a bhí le teacht. I gcomhfhreagras príobháideach léirigh sé go raibh sé in amhras nach raibh an socrú seo déanta ag de Valera go mbeadh ar an gCoileánach comhghéilleadh a dhéanamh nach ndéanfadh de Valera féin dá mba é féin a rachadh anonn. Chuaigh sé go Londain ar an 9 Deireadh Fómhair, lá tar éis na dtoscairí eile (Ó Gríofa, Robert Barton, Edmund Duggan, George Gavan Duffy); is amhlaidh a d’fhan sé le ceiliúradh a dhéanamh faoina chleamhnas le Kitty Kiernan, iníon óstlannaí i mbaile an Longfoirt, ar an 8 Deireadh Fómhair. I Londain féin d’fhan sé amach ón gcuid eile den fhoireann idirbheartaíochta, agus bhí lóistín aige lena fhoireann féin in uimhir 15, Cadogan Gardens.

I ngeall ar an drochshláinte a bhí ar an nGríofach, ba é an Coileánach ceannaire na toscaireachta cuid mhaith den am. Níorbh fhada gur thuig rialtas na Breataine gurbh eisean agus Ó Gríofa na fir ba riachtanaí don chomhphlé, agus de réir a chéile is leo féin amháin a bhuail Lloyd George agus comhghleacaithe gar dó. Le linn na hidirbheartaíochta, bhí dlúth-theagmháil ag an gCoileánach le dream polaitiúil liteartha a raibh an péintéir portráidí Sir John Lavery agus a bhean Hazel, agus an scríbhneoir J.M Barrie ina measc; dá bharr sin bhí sé le maíomh ag poblachtánaigh nó lucht cáinte an chonartha go ndeachaigh an móradh sóisialta sin i bhfeidhm ar a chumas breithiúnas tomhaiste a dhéanamh. Tá daoine eile a chreideann gur tháinig an Coileánach in aibíocht i Londain mar státaire, agus go bhfaca sé an fiúntas d’Éirinn a bhain leis an stádas tiarnais. Is dóichí, mar sin féin, i bhfianaise a iompair tar éis an chonartha, gur cinneadh pragmatach a thóg sé, agus an tuiscint aige gurbh é an socrú bunaithe ar an stádas tiarnais an méid ba mhó a d’fhéadfaí a bhaint as rialtas na Breataine. Bhí colg glactha aige leis an tuairim a bhí ag de Valera go bhféadfaí a chuid smaointe maidir le ‘comhlachas seachtrach’ a oibriú isteach sa socrú.

Le linn na hidirbheartaíochta, chonaic airí na Breataine go raibh an Coileánach níos solúbtha ná a cheap siad a bheadh ón gclú a bhí air; dhiúltaigh sé dul in éineacht leis an gcuid eile den toscaireacht nuair a bhí fúthu iarracht deiridh a dhéanamh an rogha ab ansa le de Valera a bhrú. Ar an lá deireanach den Chomhdháil (5 Nollaig), bhí cruinniú ag Lloyd George leis an gCoileánach ina aonar, agus léirigh solúbthacht maidir le foclaíocht na móide don choróin agus d’ofráil sé chomh maith an dóchas go mbeadh athruithe móra ar theorainneacha Thuaisceart Éireann ag eascairt as obair choimisiún na teorann. Is mór an t-amhras, mar sin féin, maidir leis an tionchar a bhí ag gealltanais mar iad ar an gCoileánach fuarchúiseach. Chuir sé a ainm leis an gconradh agus an tuiscint aige go mbainfeadh sé arm na Breataine ó dheisceart agus ó iarthar na hÉireann. Ghlac sé le coimisiún na teorann, ach mar bhealach lena chinntiú nach gcuirfeadh saincheist an tuaiscirt socrú idir rialtais na Breataine agus na hÉireann ó rath.

Bhí an Coileánach ar an eolas go maith nach gan dua a chuirfeadh sé ina luí ar phoblachtánaigh, agus ar an arm go háirithe, gur lena leas an conradh. Ba eisean an sínitheoir ba thábhachtaí agus murach a chuidse tacaíochta is baolach nach mbeadh an socrú indéanta in aon chor. Is iomaí duine san arm a mhaígh dá mbeadh sé maith a dhóthain ag Mick, go mbeadh sé dóthanach acu féin, agus a bhuí leis an gCoileánach bhí an chuid is mó de Cheanncheathrú an IRA ar a shon, agus an ceathrú cuid, nach mór, den arm ar fad. Bhain sé leas as bua an áitithe a bhí aige féin, agus tháirg sé poist chomh maith chun tacaíocht a iarchomrádaithe a fháil, cé nár éirigh leis i gcónaí. Beirt san IRA a thacaigh leis an gconradh i ngeall ar a ndílseacht don Choileánach agus don IRB ba ea na ceannairí Micheal Brennan i gCo. an Chláir agus Seán Mac Eoin i mBaile Átha Luain.

An rialtas sealadach

Le linn na ndíospóireachtaí sa Dáil faoin gconradh, ba léir an cumas cumarsáide a bhí ag an gCoileánach mar pholaiteoir, agus d’fhulaing sé drochíde béil ó Chathal Brugha agus ón gCuntaois Markievicz. Faoi théarmaí an chonartha, bhí sé ina chathaoirleach ar an rialtas sealadach (tofa ag pairlimint Dheisceart Éireann ar an 14 Eanáir) agus ina aire airgeadais chomh maith – post a bhí i gcónaí aige le húdarás Dháil Éireann. Chaith sé an chuid eile dá shaol ag iarraidh glacadh an chonartha a chur i gcomhréir lena chuid prionsabal féin mar phoblachtánach. Roimh an toghchán agus roimh fhoilsiú bhunreacht Shaorstát Éireann i Meitheamh 1922, d’fhéach sé le freasúra na bpoblachtánach a cheansú agus leis an gcoimhlint a sheachaint, agus mar thoradh ar an iarracht sin thug sé dúshlán na foighde a bhí ag rialtas na Breataine.

Tharraing sé ar an tionchar a bhí aige san IRB lena chinntiú nach mbeadh aon scoilt san arm, agus bhí sé ina chathoirleach ar an gcoiste a dhréachtaigh bunreacht poblachtach. Ar an 20 Bealtaine rinneadh comhaontú idir an Coileánach agus de Valera ina raibh foráil go mbunófaí comhphainéal Shinn Féin ina raibh an dá dhream a bhí ar son an chonartha agus ina aghaidh, leis an toghchán a throid agus comhrialtas a bhunú. Ba gheall le briseadh théarmaí an chonartha an méid sin, agus gaireadh an Coileánach agus an Gríofach go Londain i ndeireadh mhí na Bealtaine, áit ar léirigh Lloyd George nach nglacfadh sé leis an socrú sin. Bhí ar an gCoileánach glacadh leis, más go drogallach féin, go gcaithfí an bunreacht a chur i gcomhréir leis an gconradh. Chomh maith leis sin, bhí tionól an IRA ann ar an 26 Márta, a chuir glan in aghaidh aon smacht ag an Dáil ná ag an rialtas sealadach, agus ba léir go mbeadh scoilt san arm, agus ba léir chomh maith go raibh riachtanas ann arm an rialtais shealadaigh a neartú in aicearracht.

Sa chéad sé mhí de 1922 leag an Coileánach an-bhéim ar cheist an tuaiscirt. Bhí baint phoiblí aige le dhá chomhaontú (21 Eanáir, 30 Márta) le James Craig, príomh-aire Thuaisceart Éireann. Bhí iarracht iontu siúd socrú a dhéanamh faoi roinnt saincheisteanna slándála agus dlí, agus bhí an chuma orthu go raibh aitheantas iontu ar rialtas an tuaiscirt agus gur chuir siad deireadh leis an mbaghcat ar earraí ón tuaisceart. Mar sin féin, ó mhí Eanáir ar aghaidh, bhí an Coileánach gafa go rúnda le hionsaí IRA a chur chun cinn ar an tuaisceart, a raibh an dá aidhm aige an bonn a bhaint ó rialtas an tuaiscirt agus an t-aontas san IRA a shlánú. Theip go dona ar an iarracht, a chríochnaigh le hionsaithe i mí Bealtaine a ndearnadh praiseach amach díobh, agus ba mhó arís ina dhiaidh sin an t-amhras a bhí ar rialtas na Breataine maidir le hiontaoibh Uí Choileáin. Lena linn sin ar fad, in áit socruithe a dhéanamh faoi na difríochtaí, is amhlaidh a bhí scoilt bhreise ann i ngeall ar an dá chomhaontú agus ar an mbeartas ionsaithe, idir an dá phobal ó thuaidh agus idir na rialtais ó thuaidh agus ó dheas. Ní léir cén chloch ba mhó ar a phaidrín ag an gCoileánach leis an mbeartas seo sa tuaisceart – a mhian scoilt san IRA a chealú trí dhíriú ar na Sé Chontae, nó rún daingean bonn a bhaint ón rialtas ó thuaidh.

Lá roimh thoghchán an 16 Meitheamh 1922 (inar tháinig sé amach chun tosaigh sa vóta le 17,109 vóta céad rogha sa toghcheantar ocht suíochán Corcaigh Láir, Thuaidh, Theas, Thoir Theas agus Thiar), ba chosúil go ndeachaigh an Coileánach siar ar an gcomhaontú a bhí aige le de Valera trína áitiú ar an lucht vótála vótáil de réir a dtuairimí féin. Thuig sé, gan amhras, nach raibh i ndán faoin am sin go mbeadh aon athmhuintearas ann. Dhearbhaigh an toghchán tacaíocht an mhóraimh don chonradh, rud a chruthaigh, de réir dealraimh, go raibh an cinneadh ceart déanta ag an gCoileánach. Ar an 22 Meitheamh maraíodh Sior Henry Wilson, iarcheannasaí cheannfhoireann na himpireachta agus aontachtóir go smior, i lár Londan. Tá fianaise áirithe ó bhéal ann a mhaíonn gurb é an Coileánach a thug an t-ordú do bheirt fhear den IRB i Londain é a scaoileadh; más ea, léireodh sin a chóngaraí a bhí sé go fóill dá phréamhacha sna cumainn rúnda. Rinne rialtas na Breataine iarracht an locht as an marú a chur ar an IRA poblachtach agus d’éiligh siad go gcuirfeadh an Coileánach deireadh leis an tseilbh a bhí déanta ag an IRA ar na Ceithre Cúirteanna, a thosaigh ar an 14 Aibreán. Sa chás nach ndéanfadh Ó Coileán sin, bhí foráil déanta ag na Briotanaigh iad féin an scéal a réiteach.

Bhí an Coileánach ar an eolas go raibh scoilt san arm poblachtach, agus seans go raibh súil aige nach mairfeadh aon troid i bhfad, agus gur i mBaile Átha Cliath amháin a bheadh troid ann. Is beag an mhuinín a bhí aige as arm an rialtais shealadaigh, a bhíothas tar éis a earcú go tapa. Gan aige ach rogha an dá dhíogha, d’ordaigh sé tuargaint ar na Ceithre Cúirteanna ar an 28 Meitheamh.

An cogadh cathartha agus a bhás

Le linn na seachtainí i dtosach an chogaidh chathartha a lean, bhí an tsláinte go dona ag an gCoileánach agus bhí ag éirí idir é féin agus a chomhghleacaithe polaitiúla. Bhí sé anois ina ardcheannasaí ar arm an tSaorstáit agus d’éirigh sé as cathaoirleacht an rialtais shealadaigh. Mar sin féin choinnigh sé súil ghéar ar fhorbairtí na polaitíochta agus lorgaíodh comhairle go minic uaidh. Níl aon fhianaise ann go raibh aon rún aige deachtóireacht mhíleata a bhunú. In aghaidh a thola, bhí air éirí as a fheachtas treallúsach sa tuaisceart, agus d’ordaigh sé rannáin thuaidh an IRA a n-áitreabh a fhágáil agus dul ar billéad sa Churrach. D’fhear sé an cogadh ar bhealach samhlaíoch agus éifeachtach, mar ba dhual dó (mar shampla, an t-ionsaí amfaibiach ar chathair Chorcaí). I dtús Lúnasa, faoin am ar éirigh na poblachtánaigh as beagnach gach daingean uirbeach agus a raibh arm an rialtais shealadaigh ag teacht i dtír ag áiteanna éagsúla ar an gcósta, d’imigh an Coileánach ar chigireacht mhíleata thart ar chúige Mumhan, ar raibh air éirí as tamall i ngeall ar bhás Uí Ghríofa (12 Lúnasa). Is léir go raibh nasc idir a thuras cinniúnach agus an rún a bhí aige teacht ar shocrú éigin leis an bhfeasúra poblachtánach, agus bhí sé ag socrú cruinnithe le idirghabhálaithe. Bhí sé in aghaidh aon iarracht socrú crua ná cinsireacht dhian a bhualadh ar an bhfreasúra. Ar an 22 Lúnasa maraíodh é le linn luíocháin i ngleann iargúlta Bhéal na Blá, gar go leor dá áit bhreithe. Ba ionann a bhás agus an ghéarchéim ba mhó fós maidir le slándáil an stáit nua.

Ó shin i leith, tá conspóid ghéar ann faoi cé ba chúis le bás Uí Choileáin, agus an líomhaint go raibh lámh ann ag lucht faisnéise rialtas na Breataine nó an rialtais shealadaigh. Is é tuairim an mhóraimh, mar sin féin, gur urchar ó phoblachtánach a thug a bhás seachas comhcheilg chasta. Ach bhí a bhás ar cheann de na húdair ba mhó a d’athraigh an cogadh cathardha ón leathiarracht a bhí i gceist ann ina chogadh dearg díoltais. Bhí coimhthíos ón gceannasaíocht nua ag teacht ar chuid mhór in arm an tSaorstáit, a raibh a dtacaíocht don chonradh ag brath ar an dílseacht a bhí acu don Choileánach, agus thug an coimhthíos orthu dul chun ceannairce in 1924.

Miotas agus oidhreacht Uí Choileáin

Tá díospóireacht shuntasach ó shin ann faoi na himpleachtaí a bhí le bás Uí Choileáin maidir le forbairt fhadtéarmach an stáit nua; éilíonn sin go ndeanfaí breithniú ar chumas polaitiúil Uí Choileáin. Is iomaí duine agus an tuairim acu nárbh fhéidir an bhearna a d’fhág an Coileánach ina dhiaidh a líonadh, agus go raibh nasc idir an nádúr indírithe meanaicmeach a bhí ag an Saorstát agus caillteanas cheannasaíocht Uí Choileáin. An t-aon cheannaire ar thaobh an chonartha a raibh gean ag an bpobal air, bhí sé caillte – ní raibh an pobal chomh geanúil céanna ar Kevin O’Higgins, agus ní raibh an leathchuid mealltachta ag baint le W.T. Cosgrave. Is cinnte go raibh nasc idir athshlánú polaitiúil de Valera, agus ceannasíocht Fhianna Fáil ina dhiaidh sin, agus imeacht an Choileánaigh. Bhí bua ag Ó Coileáin mar urlabhraí ardáin, mar riarthóir agus sa chumarsáid leis an bpobal. Is dócha go leagfadh sé níos mó béime ar cheist an tuaiscirt ná a leag a chuid comhghleacaithe, agus is cinnte go raibh údar ag aontachtóirí an tuaiscirt bheith níos suaimhní tar éis a bháis.

An dúil sin a bhí aige i modhanna an chumainn rúnda, is cinnte go mbeadh siad mar údar teannais ar ball idir Éirinn agus an Bhreatain. Cé nach raibh aon uaillmhian aige bheith ina Mussolini Éireannach, níl aon fhianaise ach oiread ann go raibh aon fhís láidir leathan aige ó thaobh na sochaí na an gheilleagair de. Mar atá léirithe in The path to freedom (1922), ar bailiúchán é dá chuid óraidí, bhí fealsúnacht áirithe den athbheochan Ghaelach aige agus bhí sé go láidir in aghaidh an tsóisialachais. Mar aire airgeadais, lig sé don státseirbhís smacht a ghabháil a bhí cosúil leis an smacht a bhí ag roinn airgeadais Whitehall. Mar sin, d’fhéadfaí a mhaíomh gurbh é an Coileánach ba chúis le cuid den choimeádachas maorlathach a bhain leis an Saorstát. Ar feadh i bhfad, d’fhág ceannas de Valera ar pholaitíocht na hÉireann nár tháinig aon mhiotas iomlán faoin gCoileánach chun cinn. Ó thús na seascaidí, mar sin féin, tháinig fás ar fhinscéalaíocht faoin gCoileánach a bhí cosúil leis an bhfinscéalaíocht a bhaineann le C.S. Parnell. Ar chomóradh céad bliain ó rugadh é, foilsíodh roinnt beathaisnéisí, agus in 1996 tháinig an scannán Michael Collins le Neil Jordan amach, rud a mheall na sluaite lena fheiceáil agus a spreag díospóireacht ghéar. Ní hionadh an spéis leanúnach, óir fuair sé bás luath agus is iomaí ceist faoi nach bhfuil freagra fós uirthi. Cuireadh spéis go déanach san fhichiú haois sa chaidreamh a bhí aige le mná agus leis an ólachán, i ngeall ar an bplé bheith ar siúl i sochaí níos solúbtha ná a bhí ann lena linn. Le linn an chomhphlé faoin gconradh d’éirigh sé geallta le Kitty Kiernan, ach bhí caidreamh aige chomh maith leis an mBantiarna Lavery agus Moya Llewelyn Davies, iníon le Feisire Parnellíteach agus í pósta ar ard-státseirbhíseach de chuid na Breataine. Áitíonn cuid mhaith dá iar-chomhghleacaithe nár ól an Coileánach ach seiris ó am go chéile, ach tá scéalta eile ó fhinnéithe na linne a bhréagnaíonn sin. Seans gur mó a léiríonn an dúil ina leithéid de cheisteanna faoi shochaí na hÉireann i lár an fhichiú haois ná a léiríonn sé faoin gCoileánach féin. Ní tuairim rómánsach ná baol air a bhí ag Mark Sturgis, an t-ardoifigeach i gCaisleán Átha Cliath, a chuir síos air mar jabaire bó, agus dúil aige sna drochscéalta grinn.

Mar sin féin tá an Coileánach ag teacht leis an eiseamláir a bhíonn le laochra náisiúnta na hÉireann – é cairdiúil agus cainteach, lán grinn agus gnaoi. Tá codarsnacht ghéar idir sin agus íomhá dhuairc de Valera agus Parnell diamhair féin. Léiríonn cuid de na daoine a rinne staidéar ar a shaol gur idéalaí gan cham gan chlaonadh é, a thuilleann a áit i dteampall na bpoblachtánach; tá siad ann chomh maith a dtuigtear dóibh go bhfuil sé ar na chéad samplaí san fhichiú haois den trodaí saoirse (nó sceimhlitheoir) a thiontaigh ina státaire. Rinne sé dlisteanú ar an bhforéigean trína áitiú gur in éadan spriocanna cinnte, sannta a d’úsáid sé é. Bhí tamall ann a raibh dearcadh frithchléireach aige, ach lean sé de chleachtas an Chaitliceachais, agus is minic a thug sé cuairt ina aonar ar aireagal Brompton, nó a chuaigh sé ar Aifreann ar eaglais Maiden Lane gar don Strand, le linn na hidirbheartaíochta faoin gconradh. Ach beag beann ar an tuairimíocht, ar an laochas agus ar an athbhreithniúchas ar fad, ní mór a chur san admháil gurbh é an Coileánach an té ba lárnaí maidir le cuid mhór neamhspleáchais a bhaint amach d’Éirinn.

Tá cuid páipéar Uí Choileáin le fáil i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, sa Chartlann Náisiúnta (BÁC), Músaem Chill Mhaighneann agus i mbailiúcháin phríobháideacha. Tá portráid iarbháis (1923) le Leo Whelan ar crochadh i dTeach Laighean; tá léiriú Sior John Lavery ar an gCoileánach ina luí faoi ghradam stáit i nDánlann an Hugh Lane, Baile Átha Cliath, ina bhfuil dealbh bhrád chomh maith le Seamus Murphy. Tá dealbha brád cré-umha le F.W. Doyle-Jones (1923) agus Albert Power (1936), chomh maith le meadáille marla agus teilgean cré-umha Theodore Spice-Simpson (1922) i nDánlann Náisiúnta na hÉireann. Tá sceitse (peann agus dúch) do Punch (1922) le Sior Bernard Partridge den Choileánach in éineacht le Sior James Craig sa National Portrait Gallery, Londain.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Aistrithe ag Foclóir Stairiúil na Gaeilge, Acadamh Ríoga na hÉireann »

M. A. Hopkinson