Bhí sé ina thimire tamall ag Conradh na Gaeilge agus toghadh é ina bhall parlaiminte in olltoghchán 1918. In Aránach, Móin Achaidh Ghae, Co. Luimnigh, a rugadh é. Baisteadh é 1 Deireadh Fómhair 1881. Ba dhuine é de sheisear buachaillí a nglacfadh beagnach an t-iomlán díobh páirt i gCogadh na Saoirse. Bhí ceathrar cailíní sa teaghlach. Ba é John Collins, feirmeoir, an t-athair agus ba í Mary (a dtugtaí Nóra uirthi go hiondúil) Mulcahy ó Shéipéal na Carraige i Millín, atá sa cheantar céanna ach i gContae Chorcaí, a mháthair. Bhí cúrsaí teanga an-inspéise sa teaghlach más fíor tuairisc Dhaonáireamh 1901. Bhí Gaeilge ag an athair agus ag an máthair agus ag an gcuid dá gclann a rugadh idir 1874 agus 1880. Béarla amháin a bhí ag an seisear a rugadh tar éis 1880 agus ba é Conchubhar an duine ba shine díobh sin. Tar éis bunoideachais i Móin Achaidh Ghae, d’fhreastail sé ar scoileanna Courtenay sa Chaisleán Nua Thiar. D’éirigh leis post a fháil sa státseirbhís tuairim 1903 agus chuaigh isteach sa Chonradh i Londain. Nuair a d’aistrigh sé go Baile Átha Cliath cheangail sé le Craobh an Chéitinnigh agus bhí ina bhall den chomplacht drámaíochta Na hAisteoirí. Bhí sé ina bhall freisin de Bhráithreachas na Poblachta (féach Slán le hUltaibh le Earnán de Blaghd, lch 157) agus chuaigh isteach sna hÓglaigh go luath tar éis a mbunaithe. Meastar gurbh i gConradh na Gaeilge a casadh Seán Mac Diarmada air. Bhí siad in aon lóistín le chéile agus chuidíodh sé le Mac Diarmada an iris Irish Freedom a thabhairt amach. Bhí sé ar dhuine de bhaill tosaigh an Fháinne.

Cuireadh síos go Ciarraí é chun bualadh le Casement i 1916. Ba é a d’aithin Monteith nuair a tháinig seisean go Trá Lí chun bualadh le Aibhistín de Staic. Gabhadh Ó Coileáin agus cuireadh go hInis Píc é ar dtús agus as sin go Beairic Risteamain. Daoradh chun pianseirbhíse é agus chaith sé tamaill in Pentonville agus i bpríosúin eile i Sasana. Bhí sé ar dhuine díobh sin a shínigh dileagra chuig Uachtarán agus Parlaimint Stáit Aontaithe Mheiriceá ó Cheannfoirt na hÉireann ar 18 Meitheamh 1916 (The Irish Republic, 1937 le Dorothy Macardle). Cheap Conradh na Gaeilge ina thimire i Luimneach é i 1917 agus dúradh in An Claidheamh Soluis 13 Deireadh Fómhair: ‘Tá aithne mhaith ag Gaeil Bhaile Átha Cliath ar Chonchubhar. Tá a fhios acu go raibh sé ag obair i gConradh na Gaeilge ar a dhícheall gan dúil i gclú ná moladh, gan mustar, gan maoidheamh agus gan uaidh ach leas na Gaeilge agus leas na hÉireann. Is cuimhin leo a ghlór binn is a Ghaeilge bhlasta is a gheáitsí sultmhara i ndráma de dhrámaí na nAisteoirí’. Bhí sé ina bhall den Choiste Gnó an bhliain dár gcionn. Dúirt Liam Ó Rinn faoi i dtuairisc ‘Na Feisirí nua agus an Ghaeilge’: ‘Tá togha na Gaeilge aige agus bhí sé féin agus Fionán Ó Loingsigh [B4] ar an gcéad dream do cuireadh faoi gheasa an Fháinne. ... Ar theacht abhaile ó Shasana dhó do ceapadh ina thimire Gaeilge do Chontae Luimnigh é ach b’ éigean dó dul ar a choimeád agus tá sé i bhfolach fós’ (Misneach 29 Nollaig 1918). Sa Chéad Dáil bhí sé ar an gcoiste a bunaíodh le plé a dhéanamh ar cheist na dtoscairí chuig an gComhdháil Síochána (An Chéad Dáil le Nollaig Ó Gadhra). Ghlac sé páirt sna díospóireachtaí i dtaobh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus vótáil ina choinne. Bhí sé ina mháistir ceathrún ag an IRA i Luimneach i rith an Chogaidh Chathartha. ‘At termination resumed his connection with GPO’ (Limerick Echo 30 Samhain 1937). Meastar nach rómhaith a bhí an tsláinte aige um an dtaca seo toisc ar fhulaing sé le linn stailc ocrais i bpríosún. Phós sé Julia Ryan ‘Lacken’, bainisteoir tí ósta ó Bhéal Átha Gabhann, Co. Thiobraid Árann, agus bhí triúr mac agus iníon amháin acu. Bhí siad an-óg nuair a d’éag sé in Ospidéal Príobháideach an Mater i mBaile Átha Cliath 23 Samhain 1937. Cuireadh é i reilig Mount St Laurence i Luimneach.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú