Zeuss, Windisch, Zimmer, Meyer, Thurneysen .... Cé gur i bPrág, Poblacht na Seice a rugadh é (12 Meitheamh 1887) baineann sé leis an líne sin de na teangeolaithe Gearmánacha a chuir comaoin mhór ar náisiún na hÉireann. Ba é a lean Zimmer agus Meyer i gcathaoir na Ceiltise i mBeirlín.

I ndiaidh a oiliúna mar theangeolaí in Ollscoil Vín, agus D.Phil a fháil, fuair sé post ann in 1912 mar léachtóir sa Ghaeilge ar dtús agus ansin in 1914 san fhocleolaíocht Cheilteach. Ó 1918 go 1920 bhí sé ag teagasc comhfhreagras tráchtála an Bhéarla in Ardscoil na Tráchtála i Vín. Sa bhliain chéanna sin a fuair sé an ollúnacht i mBeirlín. B’fhéidir gurbh fhearr dá mba i dtír eile a d'fhostófaí é. Bhí an Ghearmáin an-mhíshocair i rith na 15 bliana a bhí sé ann. Ba de bhunadh Giúdach Pokorny agus tharraing sé trioblóid air féin nuair a labhair sé amach go hoscailte in 1935 in aghaidh Ernst Lewy, teangeolaí cáiliúil, a bheith i ngéibheann. In Julius Pokorny, 1887-1870; Germans, Celts and nationalism (2004) deir Pól Ó Dochartaigh: ‘Nor have I found any evidence for the assertion that Pokorny was investigated after speaking out in defence of his colleague, Professor Ernst Lewy.’ Cuireadh ar fionraí ar dtús é sular briseadh as a phost é. Ansin cuireadh ar ionnarba amach as an nGearmáin é. ‘Pokorny had partial Jewish ancestry through a maternal grandparent but always denied any Jewish connections’ (litir ón Ollamh Conn R. Ó Cléirigh, mac léinn Pokorny, chuig Joachim Fisher agus John Dillon, eagarthóirí The correspondence of Myles Dillon 1922-1925: Irish-German relations and Celtic Studies, 1999). Thuigfeá ó Hitler’s Irish voices: the story of German Radio’s wartime Irish service (1998) le David O’Donoghue gur ruaigeadh as cathaoir na Ceiltise i mBeirlín é chun go mbeadh an post ag Ludwig Mühlhausen, Naitsí. Tá aiste ‘Professor Pokorny of Vienna – Austrian Catholic, German Nationalist, Celtic Professor & Jew’ i gcló ag Pól Ó Dochartaigh in History Ireland 8, No.1, earrach 2000. Dar le Ó Dochartaigh bhí sé curtha ar fionraí óna phost in Ollscoil Bheirlín ar feadh ocht mí in 1933. Ní raibh a fhios aige féin go nuige sin, más fíor, gur Ghiúdaigh ba ea a sheanaithreacha agus a sheanmháithreacha. Bhí bá aige leis an Naitseachas, fiú. Deir Ó Dochartaigh: ‘Despite his best efforts Pokorny was pensioned off in 1936’. Ach lean sé ar aghaidh mar chomheagarthóir ar Zeitschrift für celtische Philologie go dtí 1939 agus thugtaí cead dó taisteal go comhdhálacha i Sasana agus sa Danmhairg agus ar saoire go dtí an Eilvéis. Cuireadh srian lena shaothar in 1939 agus d’éirigh leis éalú go dtí an Eilvéis in 1943. Ó 1944 ar aghaidh ba é Zurich a ghnátháitreabh. ‘For a variety of reasons, some of them personal, and some academic, he was excluded from the Swiss university system, and held no major university appointment apart from guest lectureships at Bern and Zurich. This must occasion some surprise, because, after Thurneysen’s death in 1940, Pokorny was considered, together with Pedersen and Vendryes, as among the best of European celticists’ (Celtica IX, 1971). Deirtear gurbh é ba mhó a spreag Heinrich Wagner chun spéis a chur sna teangacha Ceilteacha.

Chaitheadh sé saol bóihéamach agus bhí tuairim ag cuid dá mhic léinn go gcuireadh sin daoine ina aghaidh. Ó 1955 amach thugadh sé léachtaí in Ollscoil Munich agus ba chúiteamh de shórt éigin é an teideal oinigh, Ollamh na Ceiltise, a bheith aige ansiúd.

Seo é an cur síos a rinne T. Arwyn Atkins air in Studia Celtica VI, 1971: ‘As a person Pokorny would never go unnoticed in a crowd. He was physically large and always spoke in a loud and confident voice. He was sympathetic, generous and cheerful (even in the comparative poverty in which he lived at one time) – “a scholar with strong human and even political sympathies”, as he was described in the foreword to his History of Ireland, 1933’.

Thug na tíortha Ceilteacha ómós dó: dochtúireacht ó Ollscoil na hÉireann, 1925; ó Ollscoil na Breataine Bige, 1966: ó Ollscoil Dhún Éideann, 1967.

D’fhreastail sé ar Scoil Ard-Léinn na Gaeilge 1908 agus arís in 1910. ‘Póigin’ an leasainm a bhí air. ‘Pokorny’s bracketed appellation of “Póigín” we may fairly construe as relating to his fondness for the company of young ladies and coaxing their osculatory blandishments’, arsa Seán Ó Lúing ag tagairt do liosta dá raibh i láthair in 1910 (Kuno Meyer 1858–1919: a biography, 1991). Sa liosta céanna tá ainm Sheáin an Chóta. Is uaidh a d’fhoghlaimeodh Pokorny Gaeilge Chiarraí. I gColáiste Chonnacht, Tuar Mhic Éadaigh, in 1908 is ó Sheán Ó Ruadháin a d’fhoghlaim sé Gaeilge Chonnacht. Dhealródh sé nach cúrsaí scoláireachta amháin a bhí ar a aire agus gur chreid sé go láidir san athbheochan. ‘His study of the Irish language involved him in its fight for survival and coloured his attitude to all things Irish. “One can only hope”, he wrote, “as I do with all my heart, that the new Irish state may really succeed in keeping the Irish language alive”’ (T. Arwyn Watkins). I bhfad roimhe sin bhí litir i gcló agus in An Claidheamh Soluis 29 Aibreán 1911 agus é á rá go raibh sé ábhairín daorluachmhar bheith ag cur béime ar an sean-Ghaeilge i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe nuair a bhí riachtanas chomh géar sin ann leis an teanga bheo a shaothrú.

An rud is mó a dheighleann amach é ó scoláirí móra na linne nach ndéanadh sé eagarthóireacht ar théacsanna. Bhí sé tugtha don sanasaíocht agus don ghramadach. Ach níorbh fhéidir a rá gur scoláireacht chúngchúiseach a bhí ar bun aige. Bhí ardspéis aige sa seanlitríocht, sa mhiotaseolaíocht go háirithe, agus sa seanstair. Chuir sé spéis ar leith sna gnéithe neamh-Ind-Eorpacha de theangacha Ceilteacha Éireann agus na Breataine, agus sna gnéithe de theanga agus chultúr Illyria atá le fáil i lár agus in iarthar na hEorpa. Tá léiriú ar na teoiricí seo déanta aige in Encyclopedia Americana san aiste ar na teangacha Ceilteacha.

Scríobh sé 16 leabhar agus is iad na cinn is minice a mbíonn trácht orthu: Historical reader of Old Irish (1923); Altirische grammatik (1925); Die seele Irlands (1925), ina bhfuil aistriúcháin aige ar scéalta leis an Seabhac, Mac Piarais agus Ó Conaire; Das nicht-indogermanische substrat im Irischen (1927–30); Die alteste lyrik der Grunen Insel (1938); Zur urgeschichte der Kelten und Illyrier (1938); Altkeltische dichtungen (1944); Indogermanisches etymologisches worterbuch (1959–67). Scríobh sé 185 aiste, a bhformhór in Zeitschrift für celtische Philologie, iris a raibh sé ina eagarthóir uirthi ó 1921 go 1940 agus arís ó 1954 go 1970. Tá a shaothar iomlán liostaithe in Beitrage zur Indogermanistik und Keltologie (1967). Tá achoimre ar a thuairimí staire le fáil san aiste ‘The Pre-Celtic inhabitants of Ireland’ (Celtica V, 1960). Ba í an Dr Seána D. King a d’aistrigh History of Ireland (1933).

Tagraíonn an Dochartach d’ainm Phokorny a bheith luaite in Ulysses leis an tuairim nach raibh aon tuiscint ag na sean-Cheiltigh don choincheap go raibh leithéid ifrinn ann agus deir gur thagairt mhí-aimsearthach í sin in 1904, nár fhoilsigh Pokorny an tuairim sin go 1923; tuairimíonn sé gurbh fhéidir go raibh Joyce ag léacht a thug Pokorny i mBaile Átha Cliath tuairim 1912.

Fuair sé bás de dheasca timpiste bóthair in Zurich ar 8 Aibreán 1970. In Taighde agus Teagasc 3, 2003 tá ‘Julius Pokorny, Ludwig Mulhausen agus an Naitsíochas: An Idé-eolaíocht agus an Léann Ceilteach in Ollscoil Bheirlín, 1933-1945’. Foilsíodh Julius Pokorny, 1887-1970 le Pól Ó Dochartaigh in 2004.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú