Tá cuntas iarbháis ag Heinrich Wagner in Proceedings of the Royal Irish Academy, 66, 1966-67, cuntas atá i gcló freisin in Zeitschrift für celtische Philologie, 1970. In Breslau na Gearmáine in 1881 a rugadh é. Ceannaí saibhir ba ea a athair agus ba é Ernst an deichiú leanbh aige. Deirtear uaireanta go ndearna sé staidéar faoi Heinrich Zimmer ach ní luann Wagner sin. Rinne sé staidéar ar an Sanscrait ar dtús agus ar Uralic agus Altaic. Chaith sé tamall ag gabháil don líníocht in Munich, é ar intinn aige dul le péintéireacht. Chaith sé tamall in Leipzig agus chuaigh as sin go Beirlín. Casadh Franz Nicolaus Finck air ansiúd agus chrom sé i gceart ar a bheith ag staidéar ar theangacha. Mar Ollamh le Teangeolaíocht Ghinearálta bheadh sé ina chomharba ar Finck i mBeirlín ar ball. Deir Wagner: ‘In those times general linguistics was a more exacting discipline, connoting the study of the languages of the world. Lewy began to acquaint himself with a wide number of languages, specialising at the same time in Finno-Ugric and later in Basque. He told me that, being a Jew, he did not wish to enter into competition with German scholars and concentrated, therefore, on the lesser-known languages. Before 1914 he had visited Hungary and Finland and studied the native languages of those countries. His experiences here convinced him of the great importance of learning languages on the spot rather than from written sources alone. It was Finck, the pioneer in Irish dialect, who advised him to travel.’

Phós sé i 1908. Ceapadh ina léachtóir in Ollscoil Bheirlín, an Ghearmáin é i 1910. Deir Wagner: ‘Being physically handicapped he was not conscripted during World War 1 and decided as a staunch patriot to make his own kind of contribution to the national effort; he began investigating the languages of Russian prisoners who had come from all over the Russian empire.’ Cé gur cailleadh Finck i 1910 is cosúil nár líonadh a phost go dtí tús na 1930idí. Idir an dá linn, deir Wagner, shíl Lewy go raibh de dhualgas air fanacht i mBeirlín.

I 1933, chaill sé a phost faoi Dhlíthe Ciníocha Nuremberg agus moladh dó an Ghearmáin a fhágáil. Chuidigh Sir Alan Gardiner, Éigipteolaí Sasanach, leis chun tamall a chaitheamh i Sasana. Tháinig sé go Bhaile Atha Cliath i 1937 agus ann a chaith an chuid eile dá shaol. Ar 10 Feabhra 1938, tugadh páipéir eadóirseachta (naturalisation) dó féin, dá bhean Hedwig, agus dá mhac Georg (Díospóireachtaí Dála, 22 Deireadh Fómhair 1947). In Woodtown Park, Ráth Fearnáin, Co. Bhaile Átha Cliath, a bhí cónaí orthu. Bhí Osborn Bergin ar dhuine dá dhilchairde. Bhí sé ina ollamh in Acadamh Ríoga na hÉireann ó 1947 amach agus ina bhall onórach i 1962. I 1950, ainmníodh é ina chomhalta freagrach (‘Corresponding member’) de Acadamh na nEolaíochtaí i mBeirlín. Deirtear faoi Der bau der europäischen sprachen in Proceedings of the Royal Irish Academy 48 C, 1942/43 gurb é an saothar leis is mó a fuair ardmholadh. Foilsíodh aistí leis in Béaloideas, Celtica, Éigse, Ériu, in Proceedings of the Royal Irish Academy agus inZeitschrift für celtische Philologie . I nGearmáinis a scríobhadh sé de ghnáth agus is staidéar comparáideach ar fhocail agus ar phointí gramadaí sa Ghaeilge agus i dteangacha eile mórán dá raibh aige in irisí léannta ó 1941 amach. Bhí aiste ghairid aige, ‘Short typological description of Old Irish’, i gcló i bhféilscríbhinn Pokorny. Foilsíodh bailiúchán dá aistí agus léirmheasanna in Kleine schriften, 1961, in eagar ag Steinitz agus Wiseman. D’éag sé ar 25 Meán Fómhair 1966. Luadh a bhean, a mhac agus a iníon san fhógra báis.

Bhí sé cairdiúil le Julius Pokorny agus tá eolas faoi féin in Julius Pokorny 1887-1970: Germans, Celts and nationalism, 2003 le Pól Ó Dochartaigh. Sa chuntas againn ar Pokorny dúramar gur tharraing sé trioblóid air féin nuair a chosain sé Ernst Lewy. Deir Pól Ó Dochartaigh: ‘Nor have I found any evidence for the assertion that Pokorny was investigated after speaking out in defence of his colleague, Professor Ernst Lewy.’ Mhair comhfhreagras eatarthu anuas go 1964. Sa chéad abairt dá réamhrá in Ireland: Harbinger of the middle ages deir Ludwig Bieler gur dhearbhaigh Lewy: ‘You cannot understand the Middle Ages unless you know something about Ireland’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú