Ó na 1950idí ar aghaidh bhí sé ar dhuine de mhórphearsana athbheochan na Gaeilge agus lena chois sin bhain mórthábhacht leis mar eaglaiseach, mar Uachtarán ar Choláiste Phádraig, Maigh Nuad, mar scoláire Gaeilge agus staire, agus mar dhuine ceannasach i gCúige Uladh i rith tréimhse chorrach achrannach 1978-90. Ach b’fhéidir gurbh iad a thréithe dúchais is mó a tharraing aird air: a dhírí, a mhacántacht, a dhílseacht dá mhuintir, don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, a fhéile, a chuideachtúlacht, a spleodraí a chasadh sé amhrán, a dhúthracht, a fhuinneamh, a nádúrthacht, . . . buanna a shamhlaítí fadó leis an nGael. I ndiaidh a bháis dúirt Máirtín Ó Loideáin ODC: ‘Ariamh ní raibh sé aonraic mar go raibh stair agus seanchas agus filí ina chuideachta i ngach áit dá siúladh sé.’

Tá a bheathaisnéis scríofa: ag Risteárd Ó Glaisne (Tomás Ó Fiaich, 1990); ag Billy Fitzgerald (Father Tom: an authorised portrait of Father Tomás Ó Fiaich, 1990). Gan amhras scríobhadh cuid mhór cuntas air tar éis a bháis agus ina measc tá: ‘Fiche bliain faoi bhláth (1969-1989)’ le Tadhg Ó Dúshláine in Feasta, Meitheamh 1990; ‘Bua agus beannaíocht’ le Diarmaid Ó Doibhlin in An tUltach, Meitheamh 1990; ‘Bíonn fir mhaithe gann’ le Proinsias Mac Aonghusa in Feasta, Meitheamh, 1990; ‘An Cairdinéal Tomás Ó Fiaich’ le Réamonn Ó Muirí in An tUltach, Meitheamh, 1990; in Seanchas Ard Mhacha, 1990; in Creggan: Journal of the Creggan Local History Society, 1991 mar a bhfuil cuimhní pearsanta agus cur síos le daichead dá lucht aitheantais ar ghnéithe dá shaol agus ar eachtraí a bhain dó; an réamhrá a chuir Diarmaid Ó Doibhlin le Ón Chreagán go Ceann Dubhrann: aistí le Tomás Ó Fiaich (1992). In Seanchas Ard Mhacha, 1978 ag Seosamh Ó Dufaigh tá liosta dá ailt, leabhair, agus léachtanna 1944-78.

In Áth na Marbh, míle ó Choilleach Eanach i bparóiste an Chreagáin Íochtair, Co. Ard Mhacha, a rugadh é 3 Samhain 1923 (Lá Fhéile Maolmhaodhóg, Ardeaspag Ard Mhacha). Múinteoirí a thuismitheoirí, Pádraig Ó Fiaich agus Áine Ní Fhearchair, agus bhí mac eile acu, Pádraig. Cailleadh an mháthair nuair nach raibh ach ocht mbliana d’aois ag Tomás; deirfiúr an athar a thug aire don teaghlach ina diaidh. Is as an gCreagán dá chara Réamonn Ó Muirí agus dúirt seisean: ‘Ba é an Creagán a chéadsearc. As sin a d’fhás a ghrá dá thír, don stair, don bhéaloideas, don cheol, don spórt, don litríocht agus don teanga Ghaeilge. Labhair agus scríobh sé go minic ar fhilí an cheantair, Art Mac Cumhaigh, Art Mac Bionaid, Séamus Dall Mac Cuarta agus Pádraig Mac Gioll’ Fhiondúin . Bhunaigh sé a fhealsúnacht ar a cheantar dúchais. Leathnaigh a léargas ón Chreagán go hÉirinn uile, go dtí an Eoraip.’

Fuair sé bunscolaíocht sa Chreagán Dubh mar a raibh a athair ina phríomhoide agus is ann a mhúscail múinteoir óg a spéis sa Ghaeilge; dhéanadh sé freastal ar rang a bhí aici gach maidin roimh am scoile. Ba é an duine ab fhearr Gaeilge sa rang é agus thuill sin saoire i Rann na Feirste dó; ba mhinic ann é sna déaga agus i rith a shaoil. Scoláireacht a thug go Coláiste Phádraig, Ard Mhacha, é agus bhí Seán Ó Baoill ar dhuine dá mhúinteoirí ansiúd. Agus é ag dul le sagartacht i Maigh Nuad (1940-44), agus léann Ceilteach á dhéanamh aige don BA, bhí Donnchadh Ó Floinn mar Ollamh le Gaeilge aige agus tionchar mór aige air. Is beag nár cailleadh den phliúraisí é in 1944 agus i ndiaidh tamaill sa bhaile cuireadh é go Coláiste Pheadair, Loch Garman, agus is ann a oirníodh é 6 Meitheamh 1948. Tar éis tamaill ghairid ag obair i bparóiste an Mhaí i dTír Eoghain cuireadh é a dhéanamh cúrsa staire faoin Ollamh Aubrey Gwynn S.J. sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 1948-50. ‘The kingdom of Airgialla and its sub septs’ a thráchtas dá chéim mháistir. Níor foilsíodh é ach deir Diarmaid Ó Doibhlin gur minic scoláirí na tréimhse staire sin á cheadú. Chaith sé 1950-52 in Ollscoil Lováin agus ghnóthaigh Lic.Sc.Hist. lena thráchtas ‘The Church in Armagh under lay control’; foilsíodh é in Seanchas Ard Mhacha, 1969 le réamhrá a dhéanann tagairt do Chomhairle Vatacáin a Dó agus ról na dtuataí: ‘In fact, of course, it would be difficult to find any country in Europe which placed so much power over church affairs in the hands of the laity as Ireland did at certain periods in the past.’ Bhí sé ar ais sa Mhaigh go ceann bliana agus is i rith an ama sin a bunaíodh Cumann Seanchais Ard Mhacha 17 Bealtaine 1953; ceapadh Tomás ina eagarthóir ar a n-iris Seanchas Ard Mhacha agus d’fhan sé sa phost go 1977. Ceapadh é ina léachtóir staire i Maigh Nuad in 1953 agus ó 1959 go 1974 bhí sé ina Ollamh le Nua-Stair; ba é John Hume an mac léinn ba aitheanta aige, is dóigh.

Ceapadh é ina rúnaí ar Chumann na Sagart in 1953 agus ina uachtarán in 1955. Nuair a bunaíodh ráitheachán an chumainn, An Sagart, in 1958 bhí sé féin agus a dhlúthchara Colmán Ó hUallacháin ina gcomheagarthóirí as sin go 1963. In 1961 chuir an Cumann tús le feachtas Ghlór na nGael, comórtas arbh aidhm dó go mbeadh níos mó Gaeilge le cloisteáil agus le feiceáil i mbailte móra agus beaga na tíre; Tomás a bhí ina Stiúrthóir. D’ainmnigh an rialtas é mar bhall den Choimisiún um Athbheochan na Gaeilge in 1958, agus nuair a d’éirigh an tAthair Máirtín Ó Braonáin as a bheith ina chathaoirleach in 1959 ba é Tomás a ceapadh ina áit. In 1959 d’fhoilsigh siad cúpla tuarascáil eatramhacha ar chúrsaí teilifíse agus foilsitheoireachta. Cuireadh an tuarascáil mhór amach 10 Eanáir 1964. Bhain dua mór leis an obair sin; d’fhreastail Ó Fiaich ar timpeall 150 cruinniú den Choimisiún. Bhí páirt aige sa bhfeachtas náisiúnta síniúcháin a cuireadh ar siúl chun brú a chur ar an rialtas glacadh leis na moltaí a rinne siad. Bliain ina dhiaidh sin foilsíodh Páipéar Bán an rialtais. Ceapadh é ina chathaoirleach ar Chomhairle na Gaeilge chun go bhféachfaí chuige go gcuirfí i bhfeidhm cibé moltaí ar ghlac an rialtas leo; i bhfad ina dhiaidh sin, in 1982, thug sé le fios ar Raidió na Gaeltachta gur chuir a neamhthorthúlacht a bhí idir fhreagra agus ghníomh an rialtais díomá air. Labhair sé ag cruinniú an Language Freedom Movement, dream a bhí in aghaidh na hathbheochana go bunúsach, 21 Meán Fómhair i Seomra Cruinn Theach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Ghlac lucht tacaíochta na Gaeilge seilbh nach mór ar an gcruinniú sin agus síltear gur tharraing sin drochmheas orthu anseo is ansiúd. Deir Ó Glaisne: ‘Tá daoine ann a chreideann gur túisce a roghnófaí Ó Fiaich mar easpag mura mbeadh sé páirteach in imeachtaí na hoíche úd . . .’.

Ba é an cláraitheoir i Maigh Nuad é ó 1968 go dtí 1970 nuair a ceapadh é ina Leasuachtarán agus cúram na mac léinn tuata mar cheann dá dhualgais. In 1974 ceapadh ina Uachtarán é. Deir Diarmaid Ó Doibhlin: ‘Nuair a chuimhníonn duine ar an méid potaí a bhí sa tine aige, ar an ullmhúchán uile le haghaidh cruinnithe, agus an freastal ar chruinnithe, agus an t-ualach bocht riaracháin a bhíodh i gcónaí air, is doiligh a shamhlú cén dóigh ar chruthaigh sé spás dó féin le aistí agus leabhair a scríobh, agus cá bhfuair sé an fuinneamh iontach a bhí ann.’ Gan trácht ar aistí léannta agus léachtanna, d’fhoilsigh sé i rith 1960-79: Gaelscrínte i gcéin (1960) (eagrán nua faoin teideal Gaelscrínte san Eoraip, 1986); Irish cultural influences in Europe (1966); Leabhar Aifrinn don phobal (1966) (aistriúchán ar The people’s Mass book); Imeacht na nIarlaí (1972) (le Pádraig de Barra); Má Nuad (1972); Art Mac Cooey and his times (1973); Art Mac Cumhaigh: dánta (1973); Columbanus in his own words (1974); Oliver Plunkett: Ireland’s new saint (1975); Oilibhéar Pluincéid (1976); Art Mac Bionaid: dánta (1979) (i gcomhar le Liam Ó Caithnia). Ba é a bhí ag cabhrú le Pádraig Ó Fiannachta chun leabhair an Tiomna Nua a stiúradh tríd an gcló. In 1972 ceapadh é ina bhall de Choimisiún an Ard-Oideachais. Thiteadh cúraimí éagsúla air ó lá go lá; is é a chuir an ola dhéanach ar Mháirtín Ó Cadhain agus is é a thug an t-aitheasc ag aifreann éagnairce de Valera.

Ba é rogha chléir Ard Mhacha é mar ardeaspag agus fógraíodh 22 Lúnasa 1977 gurbh é a bhí ainmnithe. Oirníodh é 2 Samhain 1977. Le breis is céad bliain is fir arbh easpaig cheana féin iad a cheaptaí agus ba é an chéad fhear de mhuintir Ard Mhacha féin sa phost é ó d’éag Naomh Maolmhaodhóg 3 Samhain 1148 in Clairvaux. Dúirt Nollaig Ó Gadhra in Éire-Ireland, geimhreadh 1977: ‘Not since MacHale ruled the Tuam Archdiocese . . . has there been as bold a champion of the Irish language at so high a level in Irish Catholic Church affairs. One must go back to Aodh Mac Aingil’s appointment, in 1625, to find a man in Armagh with the same understanding and love of the native Irish tradition’ (i gcló ag Ó Glaisne). Rinne cairdinéal de 30 Meitheamh 1979 in ainneoin feachtas ina aghaidh i bpreas Shasana. Chuir Raidió na Gaeltachta agallamh air sa Róimh agus luaigh sé gach paróiste Gaeltachta in Éirinn sna beannachtaí a chuir sé abhaile.

Meastar nach rómhaith a réitigh uachtar­ánacht Mhaigh Nuad leis, ach anois in Ard Mhacha bhí sé gafa idir thine an dá arm, é ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an dá thaobh, an IRA agus rialtas na Breataine agus Aontachtaithe Uladh. Cé gur dhearbhaigh sé go minic go gcaithfeadh Caitlicigh a bheith in aghaidh an fhoréigin, ní fhéadfadh sé ligean air nár náisiúnaíoch láidir é féin agus nár chreid sé gurbh é riail na Breataine in Éirinn ba bhunchúis leis an gcorraíl. Níor thuig rialtas na hÉireann féin in 1985 gur bhac a ról mar thréadaí air, agus b’fhéidir a bhreithiúnas mar staraí, a rá lena phobal gur peaca é vóta a thabhairt do Shinn Féin. Ar an taobh eile de, éacúiméiní láidir ba ea é, a raibh cion agus ardmheas ag cuid mhaith eaglaiseach Protastúnach air, agus bhí sé riamh sásta éisteacht le cibé duine a bhí ag easaontú leis. Ní raibh sé chomh docht diongbháilte le heaspaig eile agus é ag scríobh nó ag seanmóireacht faoi ghnéithe de theagasc na heaglaise nach raibh Caitlicigh i gcoitinne ar aon aigne ina dtaobh. Deir an staraí Marianne Elliott faoi in The Catholics of Ulster: a history (2000). ‘Ó Fiaich was a charismatic, generous and plain-spoken man, whose historical studies of his native Armagh were masterly. His ten-year “reign” as head of the Irish Church was nevertheless a mixed blessing for the northern Catholics. Popular with republicans, because he called for Irish unity and British withdrawal, he aroused mixed feelings in other Catholics. They sometimes admired his outspokeness on issues where they were traditionally reticent . . .. But this native of Cullyhana . . . did not always observe those unspoken conventions by which northern Catholics and Protestants regulate social interaction . . .. His misfortune was to have been leader of the Catholic Church in Ireland at the time of the hunger strikes. His own ultranationalism and open support for the prisoners’ cause both hardened theirs and the British government’s resolve, where a more neutral figure might have had more success in securing concessions.’ Ní mór a rá go raibh eolas maith agus taithí aige ar ghéibheannaigh, idir phoblachtaigh agus dhílseoirí, agus ar phríosúin agus gur trua do chás an phríosúnaigh a spreagadh chun cainte agus gnímh é ar a shon; chabhraigh sé chun Nicky Kelly a scaoileadh saor, bhí sé ina éarlamh ag Coiste Sheisear Birmingham, d’éirigh sé cairdiúil leis an ard-dílseoir Gusty Spence agus é i bpríosún go fóill, agus thugadh cuairt ar na deirfiúracha Nic Giolla Easpaig.

Cuimhnítear ar a chuairteanna ar na heasláin agus ar na garanna a dhéanadh sé don strainséir. Bhí ministir Preispitéireach i Léim an Mhadaidh, Doire, agus tugadh bóthar dó toisc go raibh sé ag iarraidh a chomhchreidmhigh agus Caitlicigh a thabhairt chun athmhuintearais. Nuair a bheartaigh an fear seo ar a bheith ina mhinistir in Eaglais Shasana thug Ó Fiaich £700 as a phóca féin dó mar chabhair chun an teaghlach a aistriú go Sasana. Cuimhnítear freisin ar an bhfáilte a chuir sé roimh Sheosamh Mac Grianna bocht go dtí Ara Coeli in Ard Mhacha chun a 80ú breithlá a chomóradh.

Bhí sé in éineacht le 700 oilithreach i Lourdes nuair a tháinig tinneas a bháis air; d’éag sé in ospidéal in Toulouse 8 Bealtaine 1990. Dúirt Ó Muirí: ‘Lean pobal na hÉireann a thórramh go hArd Mhacha mar a lean siad Brian Bóraimhe fadó.’ Meastar gur 150,000 duine a shiúil thar a chónra san ardeaglais in Ard Mhacha.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú