I mBaile Átha Cliath a rugadh an scoláire seo ar 29 Márta 1915; ba í an iníon ba shine í den chúigear, triúr cailíní agus beirt bhuachaillí, a bhí ag James F. Morrissey, Leas-Choimeádaí na dTaifead Poiblí, agus a bhean Mary Ann Murphy. Ag 95 Bóthar Laighean a bhí cónaí ar an teaghlach ag am na breithe. I Meiriceá a rugadh James F. ach d’fhill a mhuintir ar cheantar Chluain Meala nuair a bhí sé cúpla bliain d’aois agus b’as Co. Thiobraid Árann dá bhanchéile. Roimh dhul di go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, bhí Máire ar scoil i scoil Náisiúnta Bhóthar Haddington agus in Mount Sackville. Phós sí an scoláire James Carney. I ndeireadh na 1930idí d’fhostaigh an Roinn Oideachais í chun eagar a chur ar fhoilseacháin sa tsraith Leabhair ó Láimhsgríbhnibh faoi stiúradh Ghearóid Uí Mhurchadha. Ba í a réitigh: Stair an Bhíobla. Ó láimhsgríbhinn do sgríobh Uáitéar Ua Ceallaigh, tuairim na bliana MDCCXVI, 1941-45 (4 iml.); ‘Bruidhean Eochaidh Bhig Dheirg’ in Trí Bruidhne, 1941; Sgéalta Rómánsuíochta, 1952 (i gcomhar le Séamus Ó Ceithearnaigh [James Carney]); Imtheacht an dá nónbhar agus Tóraigheacht Taise Taoibhghile, 1954. Bhíodh ailt agus léirmheasanna aici in Éigse, Ériu, Irish Historical Studies, Arv... Nuair a cuireadh deireadh le sraith sin na Roinne Oideachais bhí sí fostaithe ag an Acadamh Ríoga; in Dictionary of the Irish Language based mainly on Old and Middle Irish materials, 1983 deir an t-eagarthóir E. G. Quin: ‘For the lengthy letter C, which appeared in three parts in 1968, 1970 and 1974 the arrangers were Maura Carney, Seán Connolly, Próinséas Ní Chatháin, Máirín O Daly [Ó Dálaigh q.v.], Pádraig Ó Fiannachta and Anne O’Sullivan [Áine Ní Chróinín q.v.]. B (1975) was arranged by Maura Carney and Máirín O Daly.’ A fear céile a bhunaigh Roinn an Léinn Angla-Éireannaigh in Ollscoil Uppsala i 1950-52 agus nuair a d’fhill seisean ar Éirinn ba í Máire a lean é sa phost sin go ceann dhá bhliain. D’éag sí ar 1 Bealtaine 1975. Mac léi an Breitheamh Paul Carney agus ba chol ceathar léi Máirín Ní Mhuiríosa.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú