Ó MUIRGHEASA, Máire [Ní Mh. / Maura Carney] (1915-1975) Máire NÍ MHUIRGHEASA Maura Carney 1915 1975 Baile Átha Cliath F Scoil Mhuire, Bóthar Haddington, Baile Átha Cliath Meánscoil Chnoc Sackville, Séipéal Iosóid, Baile Átha Cliath An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath scoláire Gaeilge/Ceiltise/Béaloidis [B9] scoláire Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Ó MUIRGHEASA Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

I mBaile Átha Cliath a rugadh an scoláire seo ar 29 Márta 1915; ba í an iníon ba shine í den chúigear, triúr cailíní agus beirt bhuachaillí, a bhí ag James F. Morrissey, Leas-Choimeádaí na dTaifead Poiblí, agus a bhean Mary Ann Murphy. Ag 95 Bóthar Laighean a bhí cónaí ar an teaghlach ag am na breithe. I Meiriceá a rugadh James F. ach d’fhill a mhuintir ar cheantar Chluain Meala nuair a bhí sé cúpla bliain d’aois agus b’as Co. Thiobraid Árann dá bhanchéile. Roimh dhul di go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, bhí Máire ar scoil i scoil Náisiúnta Bhóthar Haddington agus in Mount Sackville. Phós sí an scoláire James Carney[q.v.]. I ndeireadh na 1930idí d’fhostaigh an Roinn Oideachais í chun eagar a chur ar fhoilseacháin sa tsraith Leabhair ó Láimhsgríbhnibh faoi stiúradh Ghearóid Uí Mhurchadha[B2]. Ba í a réitigh: Stair an Bhíobla. Ó láimhsgríbhinn do sgríobh Uáitéar Ua Ceallaigh, tuairim na bliana MDCCXVI, 1941-45 (4 iml.); ‘Bruidhean Eochaidh Bhig Dheirg’ in Trí Bruidhne, 1941; Sgéalta Rómánsuíochta, 1952 (i gcomhar le Séamus Ó Ceithearnaigh [James Carney]); Imtheacht an dá nónbhar agus Tóraigheacht Taise Taoibhghile, 1954. Bhíodh ailt agus léirmheasanna aici in Éigse, Ériu, Irish Historical Studies, Arv... Nuair a cuireadh deireadh le sraith sin na Roinne Oideachais bhí sí fostaithe ag an Acadamh Ríoga; in Dictionary of the Irish Language based mainly on Old and Middle Irish materials, 1983 deir an t-eagarthóir E. G. Quin[q.v.]: ‘For the lengthy letter C, which appeared in three parts in 1968, 1970 and 1974 the arrangers were Maura Carney, Seán Connolly, Próinséas Ní Chatháin, Máirín O Daly [Ó Dálaigh q.v.], Pádraig Ó Fiannachta and Anne O’Sullivan [Áine Ní Chróinín q.v.]. B (1975) was arranged by Maura Carney and Máirín O Daly.’ A fear céile a bhunaigh Roinn an Léinn Angla-Éireannaigh in Ollscoil Uppsala i 1950-52 agus nuair a d’fhill seisean ar Éirinn ba í Máire a lean é sa phost sin go ceann dhá bhliain. D’éag sí ar 1 Bealtaine 1975. Mac léi an Breitheamh Paul Carney agus ba chol ceathar léi Máirín Ní Mhuiríosa[B1].