Breandán Ó Buachalla (in I mBéal Feirste Cois Cuain, 1968) agus Roger Blaney (in Presbyterians and the Irish language, 1996) is minice a luann é agus is léir go ndeachaigh díobh a fháil amach cárbh as dó, ná cad a tharla dó i ndiaidh 1847. Tuairimíonn Ó Buachalla gur Mhuimhneach é. Bhí baint aige le Cuideacht Gaedhilge Uladh agus an cumann sin a chuir ag teagasc na teanga é i bparóiste Bhaile na Scríne in 1828. Chabhraigh sagairt Chaitliceacha na háite leis agus thabharfá ó litir a chuir sé chuig Roibeard Mac Ádhaimh um Meán Fómhair na bliana sin go raibh oiliúint curtha aige ar fhear óg sa pharóiste chun go rachadh sé ina ionad, agus go raibh ag éirí go maith leis an scoil. D’fhill sé féin ar a phost mar mhúinteoir Gaeilge san Royal Belfast Academical Institution. Is ar éigean a bheadh cuimhne air inniu in annála litríocht na Gaeilge murach gur chuir sé Gaeilge ar chúpla scéal le Maria Edgeworth agus gur fhoilsigh Cuideacht Gaedhilge Uladh iad faoin teideal “Maith agus Dearmad’ sgéul beag d’ar b’ughdar Maria Edgeworth. Rosanna ón ughdar chéadna. Air na d-tarruing go fírinneach ó Bhéurla go Gaoidheilg air iarratas agus fa thearmonn na Cuideachta Gaoidhilge Uladh a m-Béul-fearsaide le Tomás Ó Fíannachtaigh Oide Gaoidheilge a mBéul-fearsaide. Ceapadh é ina ollamh le Gaeilge san Acadamh in 1833. Chabhraigh sé le Mac Ádhaimh chun An Introduction to the Irish Language for the Use of the Irish Classes in the Royal Belfast Academical Institution, 1835 a scríobh. Is dóigh le Roger Blaney gurbh é Ó Fiannachtaigh a chuir Gaeilge na hÉireann ar ábhar i nGaeilge na hAlban le cur i gcló in Bolg an tsoláir, iris a thug an Home Mission amach in 1837. Deir sé freisin go raibh sé ag múineadh Gaeilge in 1846-7, san Old College i mBéal Feirste.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú