Ainm mór é seo i saol cultúrtha agus oideachasúil Bhéal Feirste ó 1803 amach. Tá cuntas ag Breandán Ó Buachalla air in I mBéal Feirste Cois Cuain, 1968 (An Clóchomhar) agus, ag Roger Blaney in Presbyterians and the Irish Language, 1996, tá cuntas freisin ar a mhuintir siar go dtí saolú a sheanathar i nDún na nGall tuairim 1685. Ar 9 Márta 1776 a rugadh é, an 21ú mac ag James Bryson, ministir Preispitéireach ó Ard Mhic Nasca, Co. an Dúin. Fear é an t-athair a raibh baint aige le hÓglaigh 1782, a mhol rún uair ag tacú le fuascailt na gCaitliceach, a bhí ina bhall de choiste Leabharlann Halla an Lín, agus ar ainmníodh sráid i mBéal Feirste as. Ba é an dara mac ag an James seo an tUrramach Andrew Bryson, ministir i nDún Dealgan a raibh Gaeilge aige, ar chara é le William Neilson, agus a fuair bás i 1797.

Cháiligh Somhairle mar dhochtúir i gColáiste Ríoga na Máinlianna, Dún Éideann, agus mar phoitigéir in 1806. Bhí Gaeilge ag Somhairle as a óige—‘exceptionally literate’ a deir Blaney—agus tuairimítear gur i gContae an Dúin a d’fhoghlaim sé í. Idir 1803 agus 1810 bhí sé ag cóipeáil agus ag bailiú lámhscríbhinní Gaeilge (tá siad i Leabharlann Phoiblí Bhéal Feirste). Bhí eolas mór aige ar logainmneacha (Blaney). Deir Ó Buachalla nach mbeadh an De Imitatione Christi úd a aistríodh sa Dún in 1762 slán againn murach é. Bhí baint mhór aige leis an Irish Harp Society, le Cuideacht Gaedheilge Uladh, leis an Belfast Academical Institution, agus le gach dul chun cinn lena linn. Bhí an file Aodh Mac Domhnaill mór leis agus scríobh amhráin á mholadh. Phós sé Alice Standfield in 1805 agus bhí ceathrar leanaí acu. Dar le Dictionary of Ulster Biography, 1993 gur scríobh sé Remains of the Irish Bards, 1805. D’éag sé ina theach cónaithe, Cluan, Baile Mhic Ghearóid, Béal Feirste, ar 28 Feabhra 1853. Tá sé curtha in Ard Mhic Nasca.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú