I bPlás Mhuire in aice le Sráid Mountjoy, Baile Átha Cliath, a rugadh é ar 18 Bealtaine 1881. Máistirbháicéir as Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí a athair James Hughes. Bean de mhuintir Dhúill as ceantar "Hole in the Wall" ar Bhóthar na hUaimhe, Baile Átha Cliath a mháthair. Fuair sise bás den eitinn nuair a bhí Séamus sé bliana d'aois. Bhí triúr deirfiúracha agus beirt deartháireacha aige. I Scoil Uí Chonaill a bhí sé sular chaith sé tamall de bhlianta leis na Doiminicigh i Voiron in aice le Grenoble na Fraince agus é ar intinn aige bheith ina shagart.

Ar ais in Éirinn dó bhí sé ag múineadh Fraincise i gColáiste an Droichid Nua agus ansin tamall maith ina chléireach ag muintir Carton, easportálaithe uibheacha. Bhí na coinníollacha oibre go dona. Chuir Séamus ceardchumann sábháilteachta ar bun. Bhíodh an "rúnaí" ag éileamh cearta do na "baill". Mhaíodh Séamus gur de bharr na n-iarrachtaí seo a laghdaíodh uaireanta oibre an tSathairn agus gur géilleadh seachtain saoire gan phá.

I 1912 phós sé Josephine Hackett as Baile an Mhuilinn, Baile Átha Cliath. Rugadh beirt chailíní agus triúr buachaillí dóibh.

In Studies Earrach 1986 tá cuntas ag an Athair Thomas Morrissey S.J. ar dhá litir a scríobh sé i 1913 chuig Ardeaspag Bhaile Átha Cliath ag cosaint Jim Larkin ar ionsaithe na cléire.

Bhí guth binn teanóir aige. Bhuaigh sé bonn óir ag Feis Cheoil 1912. Deir Séamus de Búrca in The soldier's song (1957): "After the formation of the Irish Volunteers 'The Soldier's Song' was sung on route marches and eventually adopted as the Volunteers' rallying song. To Seamus Hughes belongs the credit of the first public rendition of the song. Hughes was then an officer in the 2nd Battalion, Dublin Brigade, and the occasion was a concert to raise funds to purchase equipment for the Volunteers. The entire audience rose to its feet as one man to join with the singing in the chorus".

Chuireadh Séamus ceol le hamhráin. Ba é a chum "The Watchword of Labour" a raibh na focail scríofa ag James Connolly. Scríobh Seán O'Casey i litir i 1954: "So Séamus of 'The watchword of Labour' is dead. I remember the first time he sang the song, in full evening dress, before a proletarian audience. A clever lad who didn't really know how to use the cleverness or maybe, never had a real chance to develop it". Bhí a thuairisc curtha ag an gCathasach trí bliana roimhe sin: "By the way, how is Seamus Hughes of the long ago? - he used to be in Liberty Hall, and once refused to put music to a song of mine, written during the fight against the B. and Tans and which I burned in anger at the refusal... He refused to put music to it because I was a follower of Jim's, then in America, and the Transport Union was under the paternal, eternal care of Bill O'Brien. All over now, and I sincerely hope S. Ó hAodha is well".

Bhí Séamus ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta agus den Pháirtí Sóisialach agus bhíodh aistí i gcló aige san Irish Worker sna blianta 1912-1914. San Éirí Amach is i monarcha Jacob a bhí sé. Gearradh deich mbliana príosúin air agus chaith sé an tréimhse go Meitheamh 1917 i Lewes agus Portland.

Fuair sé post cléirigh i gCeardchumann na nOibrithe Taistil agus Ilsaothair agus bhí oifig aige os cionn siopa ar Ché Eden. Timpeall an ama seo bhí sé ina bhall de cheathairéad ar dhuine díobh an t-amhránaí aitheantúil Gerald Crofts a bhí ina phríosúnach freisin i Lewes.

Faoi 1918 bhí sé ag feidhmiú mar Ard-Rúnaí sa Cheardchumann in áit Jim Larkin. I nDeireadh Fómhair na bliana sin bhí sé in éineacht le Tom Johnson, Thomas Farren, William O'Brien agus Cathal Ó Seanáin ag plé le Sinn Féin cén ról a bheadh ag Páirtí an Lucht Oibre san Olltoghchán. Arís bhí sé ina ionadaí ag an bhfáiltiú i dTeach an Ard-Mhéara ar 21 Eanáir 1919 i ndiaidh an chéad chruinnithe den Chéad Dáil. Toghadh é ina bhall den toscaireacht chuig Comhdháil Idirnáisiúnta na Sóisialach agus an Lucht Oibre i mBeirne i bhFeabhra 1919 ach níor fhéad sé dul.

Nuair a thug na hAuxiliaries ruathar ar Halla na Saoirse ar 26 Samhain 1920, díreach i ndiaidh Dhomhnach na Fola, ghabh siad Séamus in éineacht le O'Brien, Farren agus Johnson. Tamall ina dhiaidh sin fuair an Brianach post an Ard-Rúnaí agus d'fhág Séamus a phost sa cheardchumann. Bhí sé ag obair tamall don Co-operative Clothing Co. sular thosaigh sé ag obair mar oifigeach eolais do Mhicheál Ó Coileáin. Go luath i 1922 bhí sé ag déanamh bolscaireachta don rialtas nua.

Ceapadh é ina rúnaí ag Cumann na nGaedheal. Sheas sé mar iarrthóir dóibh in olltoghchán 1923 i mBaile Átha Cliath Thuaidh. Ní bhfuair sé ach 365 vótaí. Sheas sé arís i bhfothoghchán i Samhain 1924. Fuair Seán Lemass 17,297 in aghaidh 16,340 ag Séamus. In agallamh le Michael Mills in Scéala Éireann i 1960 dúirt Lemass: "Now we couldn't have won in the ordinary way against a proper candidate. Cumann na nGaedheal then nominated a man named Hughes. Later on he was first Director of Radio Éireann but at the time his only claim to fame was that he had commanded in Oriel House... So it was quite easy to launch a campaign about Hughes which meant that some 60 or 70 per cent of the Cumann na nGaedheal voters wouldn't go out to vote for him and I won the by-election". Bhí cáil ar Theach Oirialla mar áit ina gcéastaí príosúnaigh i rith an Chogaidh Chathartha. Ba Hughes eile ar fad a bhí i gceannas ann agus bhí feachtas Lemass éagórach, bíodh is gur shíl sé gurbh é an Hughes céanna é.

Ar 8 Nollaig 1925 cheap Coimisinéirí na Státseirbhíse Séamus mar bholscaire páirtaimsire i 2RN, an stáisiún nua raidió. Sa ráiteas a eisíodh faoin gceapachán dúradh gur phearsa é a raibh aithne air i ngluaiseachtaí na Gaeilge, an lucht oibre agus na gcomharchumann, gurbh amhránaí aitheantúil é agus fear cumtha bailéad Gaeilge agus Béarla, go raibh líofacht sa Ghaeilge, sa Fhraincis agus i dTeangacha eile aige.

Nuair a d'éag Stiúrthóir Cúnta 2 RN Feardorcha Ó Conaill, i ndeireadh 1929, ceapadh Séamus chun feidhmiú ina áit. Ceapadh Frank Gallagher ina Leas-Stiúrthóir i 1935 ach fágadh teideal an Stiúrthóra Cúnta ag Séamus. Ach cúram na gclár Gaeilge a bheadh air feasta in áit chúraimí ginearálta an Stiúrthóra Chúnta. Toisc aoise ní raibh post bunaithe inphinsin aige riamh sa tseirbhís.

Nuair a thosaigh an Éigeandáil bhíothas ag gearradh siar ar fhoireann anseo is ansiúd agus aistríodh Séamus in Iúil 1940 go dtí oifig chinsireacht an phoist sa Roinn Chosanta. D'éag sé ar 23 Eanáir 1943. Foilsíodh a bheathaisnéis, A Man called Hughes: the life and times of Seamus Hughes 1881–1943, 1991 le T. J. Morrissey.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú