Bhí an staraí amharclainne, drámadóir agus beathaisnéisí seo ar dhuine de na pearsana móra raidió agus amharclainne ó 1940 amach. Fear é freisin a raibh neart eolais aige ar shaol na hÉireann agus a bhí ina chomhráiteach cuideachtúil dá réir. I gCill Dalua, Co. an Chláir, a rugadh é 31 Iúil 1918. Ba é an chéad leanbh é ag James Hayes, feirmeoir beag, agus Kathleen Bourke ón Aonach, Co. Thiobraid Árann. Bhí beirt deartháireacha agus beirt deirfiúracha aige. Cuireadh bunoideachais air i gCill Dalua agus bhí sé mar mhaíomh aige go raibh Laidin agus Gréigis á bhfoghlaim aige ar leathchoróin sa tseachtain ó dhuine de na seanmhúinteoirí scairte, Maitiú Ó Tuathaigh. Cuireadh é go Coláiste Fhlannáin, Inis. Bhuaigh sé scoláireacht ollscoile agus thosaigh ar chúrsa sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ach i 1937 fuair sé post sa státseirbhís, mar Oifigeach Feidhmiúcháin. Chuir sé snas ar a chuid Gaeilge i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus i mBaile Bhuirne (‘Comhaimsirigh’ in Inniu 21 Bealtaine 1954). Ba ghairid i mBaile Átha Cliath dó nuair a léirígh an Comhar Drámaíochta Suantraigh na hAoise seo (a aistriúchán ar Twentieth Century Lullaby le Cedric Mount) sa Phéacóg 10-14 Nollaig 1940 agus a dhráma Gealach na Fonnóide 10 Samhain 1941 san amharclann chéanna. Léiriú de chuid Amharclann na Mainistreach ba ea Ordóg an Bháis 24-25 Deireadh Fómhair 1943, dráma a bhuaigh duais a thairg an amharclann. Ba mhinic é ina léiritheoir ag an gComhar Drámaíochta nó ina chúntóir ag Proinsias Mac Diarmada. Bhí léirmheasanna ar dhrámaí á scríobh aige in An Glór timpeall an ama sin. Ba é a scríobh an chéad gheamaireacht de chuid na Mainistreach, Muireann agus an Prionnsa a thosaigh 26 Nollaig 1945. D’earcaigh Radio Éireann é mar chúntóir clár ag John McDonagh (deartháir fhear 1916) an bhliain sin agus nuair a bunaíodh foireann aisteoirí (an REP) sa stáisiun i 1947 ceapadh é ina léiritheoir drámaí. I 1953 ceapadh é ina Stiúrthóir ar Léiriúcháin an stáisiúin agus bhí baint aige leis na cláir ba mhó le rá dár craoladh, leithéidí Living with Lynch, Balladmakers’ Saturday Night, The Rambling House, Meet the Clans agus Take the Floor. Ba é a ghlac le SiveJ.B. Keane tar éis don Mhainistir é a dhiúltú. Gan amhras ceann d’éachtaí roinn drámaíochta Radio Éireann faoina stiúir ba ea drámaí raidió Phádraig Fallon (1906-74). Is gnách creidiúint a thabhairt dó as misneach a thabhairt do dhrámadóirí óga mar Bhreandán Ó Beacháin agus James Plunkett sula raibh clú orthu. Thugadh sé aoi-aisteoirí isteach, Cyril Cusack, Máire O’Neill, Siobhán Nic Cionnaith, Ronald Ibbs, Valentine Dyall, Gladys Young agus a leithéidí, chun rólanna a ghlacadh i ndrámaí. I rith an ama sin sna 1940idí agus na 1950idí dhéanadh sé moltóireacht ar dhrámaí Gaeilge agus Béarla ag feiseanna agus féilte drámaíochta. ‘Ba é Micheál Ó hAodha a chuimhnigh ar dhráma Gaeilge do na meánscoileanna a chraoladh gach seachtain agus comórtas léirmheasa a chur ar siúl. Craoladh dráma gach Céadaoin i rith an gheimhridh . . . agus bhí an caighdeán léirmheastóireachta an-ard’ (Inniu 21 Bealtaine 1954).

Sna 1950idí deireanacha bhí sé ar dhuine de na moltóirí don Prix d’Italia. Ceapadh é mar Leas-Cheannasaí na gClár Raidió i 1968 agus bhí sa phost sin go ndeachaigh ar pinsean. Deir Maurice Gorham in Forty Years of Irish Broadcasting, 1967 agus é ag tagairt don bhliain 1961: ‘The chief achievement of the year, however, was the winning of the Italia Prize, the international award, which was held in high esteem; more than twenty national broadcasting stations entered for it, and some of them devoted an enormous amount of special effort to the programmes they entered. Radio Éireann’s winning entry was a production of “The Weaver’s Grave”, Seumas O’Kelly’s story, adapted and produced by Micheál Ó hAodha . . .’. Stáitsíodh sa Phéacóg é 6 Deireadh Fómhair 1969. Cheap an rialtas é mar dhuine de Stiúrthóirí Amharclann na Mainistreach in ionad Walter Macken i 1965 agus bhí sé ina Chathaoirleach ar na Stiúrthóirí 1968-82.

Leabhair a scríobh sé ar chúrsaí amharclainne is ea: Plays and Places, 1961; The Abbey—Then and Now, 1969; Theatre in Ireland, 1974 (i sraith Blackwell, Oxford, Drama and Theatre Studies); The O’Casey Enigma, 1980 in eagar aige; Pictures at the Abbey: the collection of the Irish National Theatre, 1983. Scríobh sé péire beathaisnéisí: The Importance of being Michael: A Portrait of Mac Liammóir, 1991—ba é is túisce a chruthaigh gurbh i Sasana a rugadh Mac Liammóir agus a thuismitheoirí—agus Siobhán: a Memoir of an Actress, 1994. Nuair a tugadh athchló amach i 1968 de Love Songs of Connacht, 1893 le Dubhghlas de hÍde is ar Mhicheál a iarradh an réamhrá a scríobh. An t-aon dráma leis a cuireadh i gcló ná Dlí na Feirme, 1965; nuair a léiríodh é in Halla Damer in Eanáir 1956 ba é an teideal a bhí air An Beo a Bhí agus ‘Brian Ó Riain’ a luadh mar údar. Brú oibre ceann de na fáthanna nár scríobh sé aon dráma eile agus mhínigh sé do Risteárd Ó Glaisne: ‘Rud eile bhí . . . de dhualgas orm na céadta drámaí a léamh, agus de réir mar a fhásann féith na léirmheastóireachta, tagann feochadh ar fhéith na cruthaíochta.’ Ba é an chéad chathaoirleach é ar Chumann Merriman nuair a bunaíodh é i 1967 d’fhonn eagrán de Cúirt an Mheán-Oíche a fhoilsiú agus chun cabhrú le leacht in ómós don fhile a thógáil san Fhiacail, Co. an Chláir. Nuair a d’éirigh sé as a phost cheannaigh sé teach in Abhainn an Scáil, Co. Chiarraí, agus chaitheadh sé cuid den bhliain ann. Phós sé Bríd Nic Cárthaigh i 1947 agus bhí iníon agus beirt mhac acu. D’éag sé 26 Eanáir 1998. Scaipeadh a chré ar Abhainn na Sionainne ó dhroichead Chill Dalua.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú