UÍ MHAICÍN, Máire (1949–2013)

Léachtóir, aistritheoir, agus scríbhneoir ab ea Máire Uí Mhaicín / Uí Mhathúna a saolaíodh i mBaile Chruaich, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo ar 23 Eanáir 1949. Bhí ochtar i dteaghlach Mháire i Maigh Eo: a tuismitheoirí P.J. agus Iris Barrins, a deartháir Michael agus a deirfiúracha Áine, Monica, Patricia, agus Alice. D’fhreastail sí ar an mbunscoil i Scoil Bhríde, Baile Chruaich idir 1954 agus 1961, agus ar an meánscoil i gColáiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh idir 1961 agus 1966.

Tá cuntas ar a saol ag Liam Mac Amhlaigh san iris Comhar, Samhain 2013. Is é a deir Mac Amhlaigh ina taobh ná gur ‘beag coiste nó gníomhaireacht teanga nach raibh plé ag Máire Uí Mhaicín leis in imeacht na mblianta . . . Léirmheastóir géarchúiseach intleachtúil ar an litríocht do dhaoine óga ab ea í.’ Ar na coistí a raibh Máire ina ball díobh bhí Comhairle Institiúid Teicneolaíochta Éireann; Lárchoiste Chomhar na Múinteoirí Gaeilge; Coiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana; Coiste Comhairleach Tríú Leibhéal do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge; EDCOM; Rúnaíocht Oideachais an Bhiúró Eorpaigh, Lucsamburg. Bhí sí ina príomh-mholtóir ar dhuaiseanna náisiúnta litríochta do dhaoine óga agus ina Cathaoirleach ar an Bisto Children’s Book of the Year. D’aistrigh Máire lear mór leabhar do pháistí ó Bhéarla go Gaeilge, foilsithe ag an nGúm.

Ba scoláire dícheallach den scoth í Máire i gcónaí. Fuair sí ocht n-onóir san Ardteistiméireacht in 1966, torthaí a ghnóthaigh Scoláireacht an Phiarsaigh di (ar mharcanna sa Ghaeilge agus sa stair), an chéad áit i Scoláireachtaí Chomhairle Contae Mhaigh Eo, Scoláireacht na Roinne Oideachais, an chéad áit in ord fiúntais na n-iarrthóirí chuig na Coláistí Oiliúna, agus an Bonn Óir sa Ghaeilge. Thosaigh sí ag freastal ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, in 1968, áit a ndearna sí staidéar ar an stair, ar an nGaeilge agus ar an bhFraincis. Ghnóthaigh sí torthaí céadonóracha i ngach ábhar acu agus thosaigh sí ag obair san ollscoil le linn a céime, in 1969, áit a raibh ranganna teagaisc agus seimineáir á stiúradh aici. Lean sí leis an obair sin go dtí gur bhain sí MA céadonóracha amach in 1971.

Ghlac sí páirt ghníomhach i saol na hollscoile agus ba bhall í den Chumann Éigse agus Seanchais, agus chaith sí tréimhse ar choiste an chumainn. Ghlac sí páirt sa Chumann Drámaíochta, sa chór, agus bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí an Social Action Movement, gluaiseacht chun cabhrú le dílleachtaí, le páistí na mbocht, le páistí an lucht taistil, agus le daoine aosta.

In 1972 fostaíodh í mar léachtóir i Roinn na Gaeilge i gColáiste Bhanríon na Trócaire, Dún Chéirí, An Charraig Dhubh. Ón mbliain 1977 ar aghaidh ba Cheann Roinn na Gaeilge í sa choláiste agus faoin am go raibh sí 30 bliain d’aois bhí sí freagrach as foireann de sheachtar léachtóirí acadúla. Fógraíodh gan choinne in 1987 go raibh Coláiste Bhanríon na Trócaire le dúnadh taobh istigh de bhliain agus in 1988 fuair Máire post mar léachtóir sinsearach i Roinn na Gaeilge i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann i Ráth Maonais, áit ar fhan sí go dtí 2008.

Chuir Máire spéis i bhfoghlaim, sealbhú, agus múineadh na nuatheangacha Eorpacha, bídís ina dteangacha forleathana nó neamhfhorleathana. Bhain sí máistreacht amach, ar leibhéil éagsúla, ar líon áirithe na dteangacha sin, agus thugadh sí cuairt ar na ceantair ina labhraítear iad. Thugadh sí léachtaí in Éirinn agus thar lear ag comhdhálacha éagsúla ar ghnéithe den Ghaeilge sa chóras oideachais agus ghlac sí páirt i gcoistí éagsúla de chuid Chomhar na Múinteoirí Gaeilge ag obair ar shainiú siollabas don Ghaeilge sa bhunscoil. Roghnaíodh í ina ball den rúnaíocht a d’eagraigh Comhdháil Náisiúnta an Oideachais i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, Deireadh Fómhair 1993. Ochtar oideachasóirí a bhí i mbun na hoibre sin ar fad.

Pósadh ar Ultan Macken í agus bhí triúr iníonacha acu: Caoimhe, Róisín, agus Áine; agus garpháiste amháin, Bláithín. D’aimsigh sí grá agus suaimhneas an athuair lena fear céile, Vivian Ó Mathúna, ar feadh an ama a roinn siad lena chéile, fiche bliain nó mar sin, agus bhí sé ina chrann taca di agus trí bhabhta ailse á dtroid aici. Cé go raibh Máire ag fulaingt go dian leis an ailse, níor lig sí don tinneas bac a chur lena cuid oibre agus bhíodh an ghrianghrafadóireacht i gcónaí aici mar ábhar sóláis. Bhí an-dúil aici sa ghrianghrafadóireacht agus ba gheall le grianghrafadóir gairmiúil í ar deireadh. Bhí scil ar leith ag Máire i bportráidíocht agus i gcomhairle le Deirdre Davitt, Foras na Gaeilge, thosaigh sí ar thart ar 140 portráid de scríbhneoirí Gaeilge ó gach cearn den tír a thógáil. Seoladh cuid de na portráidí sin san Axis, Baile Munna, ar 28 Deireadh Fómhair 2014.

D’éag Máire ar 12 Deireadh Fómhair 2013 in Ospidéal Príobháideach Naomh Uinseann agus tá sí curtha i reilig Bhaingear, Co. Mhaigh Eo.

Regina Uí Chollatáin

Ciara Ní Éanacháin

Ailt

  • Mac Amhlaigh, L. (2013) 'Máire Uí Mhaicín: oide eolasach, cara uasal' Comhar Samhain, 29-30.