B’fhéidir í a áireamh i measc na mban Protastúnach ó Chúige Uladh a thug a ndílseacht don Ghaeilge. Tá cuntas uirthi féin agus ar a muintir ag a mac Garrett FitzGerald in All in a life: an autobiography, 1991. I nDomhnach Daoi, Co. an Dúin, a rugadh í (Mabel Washington McConnell) 4 Iúil 1884. Ba é John McConnell, fear gnó, a hathair agus ba í Margaret Neill a máthair. Bhí beirt deartháireacha aici agus beirt deirfiúracha. Rinne náisiúnaí den iníon ba shine, Éilís, go luath ina saol agus chuaigh Méadhbh isteach sa Chumann Gaelach i gColáiste na Ríona agus bhí ina ball dá choiste. Bronnadh céim uirthi i 1906. Bhí sí cairdiúil le deirfiúracha Robert Lynd a raibh beirt díobh ar choiste an Chumainn freisin. Chuaigh sí go Londain le staidéar iarchéime a dhéanamh ar an múinteoireacht agus chuaigh isteach i gConradh na Gaeilge thall: bheadh sí ina teachta acu ag Ard-Fheis 1915 i nDún Dealgan (Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, 1989 le Donncha Ó Súilleabháin). Cairde léi i Londain ba ea P.S. Ó hÉigeartaigh, Pádraig Ó Conaire agus muintir Lynd. Tar éis di cáilíocht a bhaint amach, dhéanadh sí obair rúnaíochta do George Bernard Shaw, George Moore agus scríbhneoirí eile. Is sa Chonradh a casadh uirthi an file Tommy FitzGerald ar mar Desmond FitzGerald is fearr a bhí aithne air. Síltear gurbh as ceantar Bhaile Mhistéala dá athair Patrick, saor cloch ar dtús agus tógálaí ar ball; ba í Mary Ann Scollard ó Oileán Ciarraí a mháthair. Ag DIB is é dáta agus láthair bhreithe Desmond Fitzgerald 13 Feabhra 1888 ag 62 Sráid Arthingworth, West Ham, Londain agus thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge sa Chonradh i 1908. I 1910, chaith sé tamall ag foghlaim Gaeilge sa Bhlascaod. Cléireach sa státseirbhís ba ea é ag an am.

Phós sí Deasún i 1911 gan cead a hathar agus chuaigh siad chun cónaithe sa Bhriotáin ar feadh cúpla bliain. Ann a rugadh a gcéad mhac; ceathrar mac a bheadh aici. I bhFeabhra 1913, bheartaigh siad ar chur fúthu i nGaeltacht Chiarraí. Fuair siad teach i mBaile an tSagairt míle ón Daingean ar bhóthar Thrá Lí ar dtús sular éirigh leo léas a fháil ar chuid de stáisiún an gharda cósta i gCeann Trá. Bhí Cáit Ní Chatháin, Blascaodach, acu mar chailín aimsire. Is ann a chuir siad aithne ar Ó Rathghaille. Tá cuntas ag Earnán de Blaghd in Slán le hUltaibh, 1971 ar an gcaidreamh a bhí aige i gCiarraí leis an lánúin. Um Shamhain 1913, thosaigh sé féin agus Deasún ag earcú agus ag oiliúint na nÓglach; ceapadh Deasún ina chathaoirleach ar Choiste na nÓglach sa Daingean. Idir 1913 agus 1916, rinne Méadhbh iarracht ar a cara Shaw a ghríosadh chun tacú le cúis na hÉireann. Tá an comhfhreagras i gcló in Memoirs, 1969 le Desmond FitzGerald. Deir a mac Garrett gur thuig Shaw go cruinn gur dhíograisí í Méadhbh mar réabhlóidí ná Deasún. Dúirt an Blaghdach i dtaobh na haithne a bhí aige uirthi ag an am sin: ‘Ach bhíodh tuairimí níos neamhchuíosaí nó níos daingne faoin uile ní, beagnach, ag Méadhbh ná ag Deasún nó agamsa. . . Cé gur mhinic díomá orm faoina dhonacht a chruthaínn sna hargóintí le Méadhbh, bhaininn an-taitneamh go deo astu. Bhraithinn go gcuiridís m’aigne ina dúiseacht agus le linn iad a bheith ar siúl bhíodh aoibhneas orm mar a bheadh ar chime a dtabharfaí tráthnóna saoire dó agus cead siúil faoi na sléibhte tar éis dó bheith tréimhse faoi ghlas’.

In Eanáir 1915, díbríodh as Ciarraí iad. Ba í an gharchúis a bhí leis, dar le Garrett FitzGerald, go mbíodh lóchrann lasta ag Méadhbh; bhí foghlamtha aici as billeog de chuid Roinn na Talmhaíochta gur dhícheallaí a bheadh na cearca ag breith ach iad a bheathú sa dorchacht. Shíl póilíní gur ghnó níos tromchúisí a bhí ar bun aici. Chuir siad fúthu i mBré ach lean Deasún dá obair leis na hÓglaigh agus chaith sé mhí i bpríosún i ngeall ar óráid cheannairceach. Bhí sé ina aidiúnach ag Ó Rathghaille in Ard-Oifig an Phoist seachtain na Cásca; mar bhall de Chumann na mBan bhí Méadhbh ann freisin. Ach ba thrí thimpiste a tharla an lánúin i Sráid Uí Chonaill nuair a thosaigh an tÉirí Amach. Ceann de na cúraim a thug Pádraig Mac Piarais di an Trídhathach a thabhairt go Caisleán Bhaile Átha Cliath chun go gcuirfí ar foluain os a chionn é; níor tuigeadh nach raibh seilbh glactha air in aon chor. Déardaoin na seachtaine sin ordaíodh di dul abhaile le cúram a dhéanamh dá beirt ghasúr. Le linn do Dheasún a bheith i bpríosún, ghlac sí páirt san fheachtas fothoghchánaíochta i Longfort i 1917. Ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin, anuas go dtí an sos cogaidh, bhí Deasún i bpríosún nó gafa le hobair na Dála: toghadh é i ndáilcheantar Phembróc i mBaile Átha Cliath i 1918 agus bhí ina Stiúrthóir Poiblíochta. Bhí sé ina aire rialtais 1922-32. Ach anuas go dtí feallmharú Chaoimhín Uí Uiginn i 1927 bhí Méadhbh in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Nuair a rugadh Garrett i 1926 ba í Mairéad de Brún, Bean Sheáin Mhic an tSaoi, a bhí mar chairdeas Críost aige.

In ainneoin gur thóg sí a clann mhac mar Chaitlicigh agus gur mhúin a dteagasc críostaí dóibh d’fhan Méadhbh féin ina Preispitéireach go 1944 nuair a d’iompaigh sí ina Caitliceach Rómhánach. D’éag Deasún ar 9 Aibreán 1947. Tar éis támhnéil sé mhí d’éag Méadhbh ar 24 Aibreán 1958.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú