MAC CONAILL, Méadhbh [Nic Conaill] [Mhic Gearailt] (1884-1958) Méadhbh NIC CONAILL Méadhbh Mhic Gearailt 1884 1958 Domhnach Daoi, Co. an Dúin F Ollscoil na Banríona, Béal Feirste Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

B’fhéidir í a áireamh i measc na mban Protastúnach ó Chúige Uladh a thug a ndílseacht don Ghaeilge. Tá cuntas uirthi féin agus ar a muintir ag a mac Garrett FitzGerald in All in a life: an autobiography, 1991. I nDomhnach Daoi, Co. an Dúin, a rugadh í (Mabel Washington McConnell) 4 Iúil 1884. Ba é John McConnell, fear gnó, a hathair agus ba í Margaret Neill a máthair. Bhí beirt deartháireacha aici agus beirt deirfiúracha. Rinne náisiúnaí den iníon ba shine, Éilís, go luath ina saol agus chuaigh Méadhbh isteach sa Chumann Gaelach i gColáiste na Ríona agus bhí ina ball dá choiste. Bronnadh céim uirthi i 1906. Bhí sí cairdiúil le deirfiúracha Robert Lynd[B4] a raibh beirt díobh ar choiste an Chumainn freisin. Chuaigh sí go Londain le staidéar iarchéime a dhéanamh ar an múinteoireacht agus chuaigh isteach i gConradh na Gaeilge thall: bheadh sí ina teachta acu ag Ard-Fheis 1915 i nDún Dealgan (Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, 1989 le Donncha Ó Súilleabháin). Cairde léi i Londain ba ea P.S. Ó hÉigeartaigh[q.v.], Pádraig Ó Conaire[B2] agus muintir Lynd. Tar éis di cáilíocht a bhaint amach, dhéanadh sí obair rúnaíochta do George Bernard Shaw, George Moore agus scríbhneoirí eile. Is sa Chonradh a casadh uirthi an file Tommy FitzGerald ar mar Desmond FitzGerald is fearr a bhí aithne air. Síltear gurbh as ceantar Bhaile Mhistéala dá athair Patrick, saor cloch ar dtús agus tógálaí ar ball; ba í Mary Ann Scollard ó Oileán Ciarraí a mháthair. Ag DIB is é dáta agus láthair bhreithe Desmond Fitzgerald 13 Feabhra 1888 ag 62 Sráid Arthingworth, West Ham, Londain agus thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge sa Chonradh i 1908. I 1910, chaith sé tamall ag foghlaim Gaeilge sa Bhlascaod. Cléireach sa státseirbhís ba ea é ag an am.

Phós sí Deasún i 1911 gan cead a hathar agus chuaigh siad chun cónaithe sa Bhriotáin ar feadh cúpla bliain. Ann a rugadh a gcéad mhac; ceathrar mac a bheadh aici. I bhFeabhra 1913, bheartaigh siad ar chur fúthu i nGaeltacht Chiarraí. Fuair siad teach i mBaile an tSagairt míle ón Daingean ar bhóthar Thrá Lí ar dtús sular éirigh leo léas a fháil ar chuid de stáisiún an gharda cósta i gCeann Trá. Bhí Cáit Ní Chatháin, Blascaodach, acu mar chailín aimsire. Is ann a chuir siad aithne ar Ó Rathghaille[q.v.]. Tá cuntas ag Earnán de Blaghd[q.v.] in Slán le hUltaibh, 1971 ar an gcaidreamh a bhí aige i gCiarraí leis an lánúin. Um Shamhain 1913, thosaigh sé féin agus Deasún ag earcú agus ag oiliúint na nÓglach; ceapadh Deasún ina chathaoirleach ar Choiste na nÓglach sa Daingean. Idir 1913 agus 1916, rinne Méadhbh iarracht ar a cara Shaw a ghríosadh chun tacú le cúis na hÉireann. Tá an comhfhreagras i gcló in Memoirs, 1969 le Desmond FitzGerald. Deir a mac Garrett gur thuig Shaw go cruinn gur dhíograisí í Méadhbh mar réabhlóidí ná Deasún. Dúirt an Blaghdach i dtaobh na haithne a bhí aige uirthi ag an am sin: ‘Ach bhíodh tuairimí níos neamhchuíosaí nó níos daingne faoin uile ní, beagnach, ag Méadhbh ná ag Deasún nó agamsa. . . Cé gur mhinic díomá orm faoina dhonacht a chruthaínn sna hargóintí le Méadhbh, bhaininn an-taitneamh go deo astu. Bhraithinn go gcuiridís m’aigne ina dúiseacht agus le linn iad a bheith ar siúl bhíodh aoibhneas orm mar a bheadh ar chime a dtabharfaí tráthnóna saoire dó agus cead siúil faoi na sléibhte tar éis dó bheith tréimhse faoi ghlas’.

In Eanáir 1915, díbríodh as Ciarraí iad. Ba í an gharchúis a bhí leis, dar le Garrett FitzGerald, go mbíodh lóchrann lasta ag Méadhbh; bhí foghlamtha aici as billeog de chuid Roinn na Talmhaíochta gur dhícheallaí a bheadh na cearca ag breith ach iad a bheathú sa dorchacht. Shíl póilíní gur ghnó níos tromchúisí a bhí ar bun aici. Chuir siad fúthu i mBré ach lean Deasún dá obair leis na hÓglaigh agus chaith sé mhí i bpríosún i ngeall ar óráid cheannairceach. Bhí sé ina aidiúnach ag Ó Rathghaille in Ard-Oifig an Phoist seachtain na Cásca; mar bhall de Chumann na mBan bhí Méadhbh ann freisin. Ach ba thrí thimpiste a tharla an lánúin i Sráid Uí Chonaill nuair a thosaigh an tÉirí Amach. Ceann de na cúraim a thug Pádraig Mac Piarais[B4] di an Trídhathach a thabhairt go Caisleán Bhaile Átha Cliath chun go gcuirfí ar foluain os a chionn é; níor tuigeadh nach raibh seilbh glactha air in aon chor. Déardaoin na seachtaine sin ordaíodh di dul abhaile le cúram a dhéanamh dá beirt ghasúr. Le linn do Dheasún a bheith i bpríosún, ghlac sí páirt san fheachtas fothoghchánaíochta i Longfort i 1917. Ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin, anuas go dtí an sos cogaidh, bhí Deasún i bpríosún nó gafa le hobair na Dála: toghadh é i ndáilcheantar Phembróc i mBaile Átha Cliath i 1918 agus bhí ina Stiúrthóir Poiblíochta. Bhí sé ina aire rialtais 1922-32. Ach anuas go dtí feallmharú Chaoimhín Uí Uiginn i 1927 bhí Méadhbh in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Nuair a rugadh Garrett i 1926 ba í Mairéad de Brún, Bean Sheáin Mhic an tSaoi, a bhí mar chairdeas Críost aige.

In ainneoin gur thóg sí a clann mhac mar Chaitlicigh agus gur mhúin a dteagasc críostaí dóibh d’fhan Méadhbh féin ina Preispitéireach go 1944 nuair a d’iompaigh sí ina Caitliceach Rómhánach. D’éag Deasún ar 9 Aibreán 1947. Tar éis támhnéil sé mhí d’éag Méadhbh ar 24 Aibreán 1958.