Thug Seán Mac Giollarnáth cuntas ar an seanchaí seo in Peadar Chois Fhairrge: scéalta nua agus seanscéalta d’innis Peadar Mac Thuathaláin nach maireann, 1934, cuntas a bhí i gcló in Béaloideas roimhe sin. Níl anseo thíos ach coimre leithscéalach ar an gcuntas sin. Sa Chnoc i gCois Fharrraige, Co. na Gaillimhe, a rugadh é. B’as ceantar Uachtar Ard dá mhuintir ar an dá thaobh. Iascaire agus feirmeoir beag a athair agus ba de mhuintir Tnúthail a mháthair. Leathchúpla é agus cailleadh an duine eile go hóg. Níor thaitin scoil leis toisc gan aon Bhéarla aige agus bhíodh sé ag éalú chomh minic sin gur thug an t-athair air rogha a dhéanamh idir an láí agus an scoil. ‘Thóg Peadar an láí agus níor thaobhaigh sé an scoil ní ba mhó.’

Dhéanadh sé gach sórt oibre: curaíocht, iascaireacht, obair na móna, giollaíocht ar lochanna. Faoin am ar phós sé bean de mhuintir Mhic Céide as Seanaghurrán bhí feirm aige, caoirigh, ba bainne agus beithígh eile. Ach 15 bliana ina dhiaidh sin bhí an fheirmeoireacht imithe ina aghaidh. Dhíol sé an fheirm agus chuaigh isteach i gcathair na Gaillimhe ag saothrú a phá. Chaith sé tamall i rith Chogadh 1914-18 i Londain agus tamall eile in Albain. Ach d’oir Gaillimh dó féin agus dá bhean toisc Gaeilge a bheith ag gach tríú duine, b’fhéidir, sa chathair san am sin agus go mbíodh tarraingt mhuintir Chois Fharraige ar an bhFatha Bheag mar a raibh cónaí orthu. ‘Bhíodh, agus tá fós, teach céilí ag muintir na Fatha Bige. Is ann a bhíodh an seanchas agus an scéalaíocht agus scéala anoir is aniar’ (Mac Giollarnáth). Bhíodh sé ag obair gach lá margaidh i siopa báicéara agus ceannaí plúir agus thaitníodh leis comhrá a dhéanamh ann lena chairde aniar.

Obair eile a dhéanadh sé beithigh a thiomáint soir do cheannaithe na Gaillimhe. I mbun na hoibre sin dó in Órán Mór lá is ea casadh air Pádraig Mac Piarais agus Micheál Breathnach (1881-1908). Bhí aithne ag Breathnach air i gCois Fharraige i bhfad roimhe sin agus thug an bheirt acu isteach sa teach tábhairne é. Ócáid shuaithinseach gan amhras!

Cé go raibh an scéalaíocht go maith aige b’fhearr leis go mór a bheith ag seanchas. Is mar seo a chuireann Mac Giollarnáth síos ar a chúrsa foghlama. ‘Bhíodh an geimhreadh díomhaoin aige. Bhíodh airneán agus scéalaíocht sna bailte nuair a chruinníodh na fir san teach céilí ag déanamh cuideachta dóibh féin. An léann nach raibh le fáil ar scoil bhí sé le fáil ar leic an teallaigh i dteach Mháirtín Bhreathnaigh, fíodóir sa Lochán Beag. Is ina theach seisean a d’fhoghlaim Peadar an seanchas, an scéalaíocht agus an ghontacht Ghaeilge. Bhí ardmheas aige ar an mBreathnach agus is é an t-údar a bhíodh i gcónaí ar a bhéal aige. Is cinnte go mba rísheanchaí agus scéalaí an fíodóir, agus fear léannta, maidir le béaloideas agus ceart na Gaeilge.’ Agus seo cuid den chur síos a dhéanann Mac Giollarnáth ar chumas Mhic Thuathaláin féin: ‘An intinn a bhí ag Peadar Mac Thuathaláin bhí glactha aici le gach ar chuala an chluas nó a bhfaca an tsúil agus ba stóras buan, dobhriste a chuimhne. Na daoine, na rudaí, na himeachta a chonnaic sé, d’iompaigh a intinn ina bpictiúirí iad agus choinnigh sé na pictiúirí seo beo úr i riocht is gur fhéad sé nuair a thogair sé é an duine, an rud, nó an tarlú a chur gan dua ina scéal.’ Cailleadh é ina theach ar an bhFatha Bhig i nGaillimh ar 30 Meitheamh 1930.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú