I Muintir Eoghain, trí mhíle taobh thoir den Líonán, Co. na Gaillimhe, a rugadh é. In Foinn agus focail: Léachtaí Cholm Cille XL, 2010 tá léacht Ruairí Uí Uiginn: ‘Amhráin Chlainne Gaedheal’. I bhfonóta sa chuntas sin, agus é ag tagairt do c.1880 mar bhliain a bhreithe, deir Ó hUiginn gur gaire don dáta ceart c.1879. Ba dhuine é de naonúr clainne a rugadh do Mhicheál Ó Máille, feirmeoir, agus a bhean Sorcha Seoighe. Scríobh a dheartháir Tomás Ó Máille ina thaobh: ‘Chuaigh sé ag múineadh scoile nuair a bhí sé an-óg agus bhí sé ag múineadh ar an Trá Bhán (Garmna), i nDoire Fhinghin (Sraith Salach) agus i gCorr na Móna. Chaith sé bliain i Scoil Thionchoisg Dhroim Conrach [Coláiste Phádraig, Baile Átha Cliath] ... agus ‘sé a fuair an áit ab airde in Éirinn ag an scrúdú deiridh. ‘Sé a fuair ina dhiaidh sin an duais a thug Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, an Dr Oirmh. Breathnach, as ucht clár dhátheangach a cheapadh, agus bhí sin ag obair aige ina scoil féin’ (Diarmuid Donn, 1936, aistí Mhichíl in An Claidheamh Soluis 1903–5 agus arís i 1909 in eagar ag Tomás Ó Máille).

Bhí sé ina rúnaí ar chraobh de Chonradh na Gaeilge a bunaíodh ag cruinniú i gCorr na Móna in 1899 ag a raibh 1,600 duine i láthair, más fíor. Chuir an ConradhEochaidh Mac Ríogh ‘n Éirinn leis i gcló i 1904, úrscéal den tsean-nós, dar le Muiris Ó Droighneáin, agus na ‘gnáthíontais dochreidte’ ann. Tháinig foclóir an Duinnínigh amach an bhliain sin agus luaitear Micheál i measc na n-údar ar iarr an foclóirí orthu féachaint ar na profaí. Tháinig cnuasach amhrán a rinne sé féin agus Tomás, Amhráin Chlainne Gaedheal amach i 1905. Ó Thomás Breathnach, Dubhachta, Corr na Móna, a scríobh siad síos bunáite na n-amhrán. Bhí an t-úrscéal Naoi ngábhadh an Ghiolla Dhuibh á scríobh aige, agus Tomás a chuir eagar air blianta i ndiaidh a bháis.

Bhí sé ag gabháil do chúrsa céime sa cheimic agus san fhisic i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe agus an dara bliain curtha isteach aige. Bhí téacsleabhar, Leabhar ar áireamh 1, scríofa aige cheana féin.

Phós sé Nóra Ní Chonaire as an gCladach Dubh, Conamara (bhí a deartháir ina uachtarán ar Choláiste Iarlatha, Tuaim, ag an am), 26 Meán Fómhair 1911. D’éag sé ar 2 Nollaig 1911. ‘Timpist a d’éirigh dó ag rothaíocht dó. Gortaíodh é agus tháinig nimh ina fhuil. Bhí an nimh á neartú go dtí gur chlaon sé fúithí’ (An Claidheamh Soluis 9 Nollaig 1911) Deirtear sa tuairisc chéanna gurbh é ‘an scríbhneoir is mó agus is Gaelaí ar na Connachtaibh’ é agus go raibh a mhuintir riamh ar na daoine ab fhiúntaí sa bharúntacht agus nach raibh glún acu leis na céadta bliain gan suim acu i léann agus i seanchas agus i litríocht na Gaeilge. ‘Bhí suim an domhain aige san dúil bheo. ‘Sé ár mbarúil chinnte nach raibh aón duine in Éirinn taobh amuigh de na luibheadóirí atá mar ollúna san ealaín sin, a raibh eolas chomh domhain acu le Micheál Uasal Ó Máille. Ní raibh luibh ar sliabh ná ar móin nach raibh ar a eolas’. Moladh ard, ag cuimhneamh dúinn gurbh é Seán Mac Giollarnáth a scríobh. I Reilig na mBrigheanán in aice an Mháma atá sé curtha. Deartháir eile leis Pádraig Ó Máille. Cuireadh comórtas gearrscéalaíochta ar bun ina onóir ag Oireachtas 1912.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú