Ó BRIAIN, Barra (1901–1988) Barra Ó BRIAIN 1901 1988 Baile Átha Cliath M Coláiste Belvedere, Sráid na Danmhairge Mhór, Baile Átha Cliath An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath breitheamh abhcóide Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

I mBaile Átha Cliath a rugadh é 19 Meán Fómhair 1901. Ba iad an Dr Christopher Ó Briain agus Mary Teresa Rooney a thuismitheoirí agus bhí sé ar scoil i gColáiste Belvedere. Fuair sé céimeanna MA agus LLB sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ghlac sé páirt i gCogadh na Saoirse i 1920-21 agus bhí ina oifigeach airm 1922-27. Glaodh chun an bharra é i 1926, rinne abhcóide sinsearach de i 1940 agus breitheamh sa Chúirt Chuarda i 1943 agus d’éirigh leis a bheith ina Uachtarán ar an gcúirt sin. Mhol Breandán Ó Beacháin[B5] go hard i mbailéad é nuair a thug sé ceadúnas tábhairneora do Mhuiris Caomhánach[B1]: ‘Sláinte an Bhreithimh, síol uasal Bhorumha, / Agus sláinte an Chaomhánaigh, cé acu ariú? / Ach Muirisín féin ’s an Phoblacht abú! / Nuair a chaithfimid siar é le Kruger’ (Irish Times 30 Meitheamh 1956). Scríobh sé in Who’s, Who, What’s What and Where in Ireland, 1973: ‘Ambitions: to see the Irish language saved for posterity.’ Scríobh sé The Irish Constitution, 1927. Bhí sé pósta ar Anna Flood agus bhí ochtar iníonacha agus triúr mac acu. D’éag sé ar 27 Meitheamh 1988.