Tá sé ar an mbeagán ar le hobair an aistriúcháin a chaith siad a ndúthracht ar fad. I gCill Rois, Co. an Chláir, a rugadh é (Daniel Mahony) ar 16 Eanáir 1872. Ba é Thomas Mahony, Cearnóg an Mhargaidh, Cill Rois, siopadóir, a athair agus ba í Bridget Hayes a mháthair. Bhí sé ar scoil i gCill Rois ag na Bráithre Críostaí, i gColáiste Fhlannáin in Inis agus i gColáiste Choill Chluana Gabhann sula ndeachaigh sé go Scoil Leighis na hOllscoile Caitlicí i mBaile Átha Cliath.

Phós sé Catherine Hayes ar 25 Samhain 1899; ba iníon í Catherine le John Hayes. Ba é Baile Dúill, Co. Bhaile Átha Cliath, seoladh Dhomhnaill ag an am agus ‘medical’ an cur síos atá ar a shlí bheatha sa teastas. Dúradh in Clare Champion 21 Márta 1942 go raibh sé ag obair mar dhochtúir íoclainne i gceantar Fhionnghlaise agus Ghlas Naíon ar feadh tríocha bliain. Ag Glasnevin Lodge, 149 Botanic Road, Glas Naíon, a bhí cónaí air i 1911. Sa teach, nuair a bhí an Daonáireamh ar siúl, bhí sé féin, D. A. Mahony, (39), dochtúir leighis, ‘Grad. R.U.I., M.B.,B.Ch., B.A.O’, agus a bhean Kate (37) a rugadh i Luimneach. Bhí siad pósta le 11 bliana agus den cheathrar leanaí a rugadh dóibh bhí triúr beo ach ní raibh ach beirt díobh sa teach—Joseph (10) agus Eileen (3). Chuir an dochtúir síos nach raibh Gaeilge aige. Bhí cónaí ar Shán Ó Cuív sa cheantar agus ag pointe éigin thosaigh Domhnall ag freastal air féin agus a chlann mar dhochtúir teaghlaigh. B’fhéidir gurbh eisean a chuir ag foghlaim Gaeilge é agus a thug go raibh meas an domhain aige ar Ghaeilge an Athar Peadar Ó Laoghaire. Bhí sé sa láthair nuair a rugadh mac Uí Chuív, an tOllamh Brian Ó Cuív, ar 20 Samhain 1916. D’inis seisean do Risteárd Ó Glaisne go nglacadh an dochtúir agus a athair comhairle le chéile i dtaobh nithe a bhíodh á scríobh acu agus go raibh an dochtúir ar na daoine a chleachtadh an ‘Litriú Simplí’. Ba é an chéad oifigeach leighis é ag Coláiste Chaoimhín, coláiste ullmhúcháin.

I 1923 a foilsíodh a chéad leabhar, Cruinneas Cainnte, 500 abairt as leabhair an Athar Peadar. Chuir sé eagar ar Notes on Irish words and usages, 1926 leis an Athair Peadar. Bhí sé anois 54 bliain d’aois agus lean air ag scríobh. Aistriúcháin ar chlasaicigh na Laidine agus na Gréigise is mó a bhí ar siúl aige: De Senectute, 1926 (Cicero); Crito, 1929 (Plato); Óráid caointe Phericléis, 1930 (Thucydides); Vera Historia, 1931 (Lucian); An Tarna Philippica, 1931; Slabhra nóiníní .i cnósach de ghearrscéalta ar a bhfuil deasgán de na scéilíní is mó cáil dár cumadh ar Roinn na hEorpa, 1933 (scéalta nuachumtha agus aistriúcháin); Sgéalta a filí na Rómha, 1933; Agricola, 1933 (Tacitus); Germania, 1934 (Tacitus); Saoghal-ré na nGracchi, 1934 (Plutarc); Inis Atlaint, 1934 (Plato); Démostenés agus Cicero, 1935 (Plutarc); Guntacht cainnte(g.d.); Bábáin na Coille agus an bhábóg a chuaidh ar fán (g.d.) (aistriúchán). Thug Micheál Ó Briain agus Ceathrar Máistir Bhaile Bhuirne cabhair dó i mbun De Senectute. Bhuaigh Vera HistoriaBonn Óir dó ag Aonach Tailteann i 1928. Mhol Stiofán Mac Énna é mar aistritheoir. Chóirigh sé eagrán nua de Séadna leis an Athair Peadar Ó Laoghaire i 1934 agus rinne iarracht ar thoil an Athar Peadar i dtaobh litriú na Gaeilge a chur i bhfeidhm ann. Ag 27 Bóthar Lindsay a bhí cónaí air ag am a bháis, 11 Márta 1942. Tá sé curtha i nGlas Naíon. Cháiligh a mhac mar dhochtúir ach d’éag uair éigin sna 1930idí. Bádh a iníon Eily le linn di a bheith ar saoire agus níor fritheadh a corp. Scríobh Risteárd Ó Glaisne cuntas air in The O Mahony Journal, No. 18, 1995. Chun cur leis an gcuntas sin scríobh Chris O’Mahony ‘Some Kilrush Mahonys’ in uimhir 19 (1996) den iris chéanna. Tá a bhfuil ag an Mathúnach i dtaobh athair Dhomhnaill ag teacht leis an eolas atá tugtha thuas ach tugann sé cuid mhaith eolais breise. Phós Thomas agus Bridget Hayes 10 Bealtaine 1870 agus rugadh beirt iníonacha agus seisear mac dóibh. Ba é Domhnall an dara duine díobh. In 1814 nó roimhe sin, b’fhéidir, a rugadh Thomas agus phós sé den chéad uair 22 Eanáir 1834. Bridget Cavanagh ab ainm don bhean sin. Idir sin agus 1853 rugadh triúr iníonacha agus tríur mac dóibh. D’éag Bridget Cavanagh in 1868. De bhrí go raibh triúr Mathúnach darb ainm Thomas agus gur shiopadóirí i gCearnóg an Mhargaidh, Cill Rois, iad go léir, agus gurbh é athair Dhomhnaill duine díobh agus gur leasdeartháir dó duine eile den triúr, b’éigean do Chris an cuardach a shuimiú mar seo: ‘I had passed through an O’Mahony Cloud of Unknowing and finally reached the clear light of day, or understanding’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú