‘Fear séimh cneasta cuirtéiseach deá-ionramhálach ab ea é ach é fós go dígeanta dobhogtha nuair ba ghá sin agus dea-mheas dá réir sin ag a chomhpháirtithe agus a chomhchointinnigh air’ Ag scríobh ar a oiriúnaí a bhí sé i bpost Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge a bhí Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922–32 ach is dóigh go n-oireann sé mar chur síos ar na cáilíochtaí a bhí aige agus é ina Cheann Comhairle i nDáil Éireann.

I nGleann an tSalainn, Cill Chonaicne, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 23 Bealtaine 1879. Múinteoir náisiúnta a athair John Fahy. Ba í Maria Jones a mháthair. Faoi Dhaonáireamh 1901 bhí an t-athair marbh agus is mar seo a cuireadh síos ar an teaghlach: a uncail Tomás (37), fear singil, feirmeoir agus múinteoir náisiúnta a raibh Gaeilge aige, ina cheann teaghlaigh: a chliamhain Maria Fahy (43), baintreach arbh i Sasana a rugadh í agus nach raibh Gaeilge aici ; ní raibh Gaeilge ach oiread ag an bhfear s’againne, nia Thomáis, Francis P. (21), mac léinn a raibh B.A. aige; triúr deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Francis—John P. (20) agus Michael (17) ar ‘mac feirmeora’ a cuireadh síos mar shlí bheatha acu. Mary Ag. (sic) (18), ‘iníon feirmeora’, Tomás (11), dalta scoile. Faoi 1911 ní raibh sa teach ach Michael agus a bhean agus a dtriúr leanaí.

Tar éis bunoideachais i gCill Chríost bhí Proinsias ina dhalta cónaitheach i gColáiste Mhungairit, Luimneach. Ní foláir nó is ann a rinne sé staidéar chun a chéim B.A. a fháil i 1900 ón Ollscoil Ríoga. Ó 1901 go 1906 bhí sé ag múineadh i Scoil na mBráithre i dTrá Lí. Thosaigh sé ag freastal ar ranganna Chonradh na Gaeilge agus faoi cheann coicíse bhí ina rúnaí ar an gcraobh. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 3 Eanáir 1906 é bheith tofa ina rúnaí ar cheantair Thrá Lí. D’fhan blas na Mumhan riamh ar a chuid Gaeilge.

Ó 1906 go 1916 agus arís sa bhliain 1917/8 bhí sé ag múineadh i gColáiste Chaisleán Cnucha, Co. Bhaile Átha Cliath. Fuair sé H.Dip. in Ed. ó Ollscoil na hÉireann. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 12 Meitheamh 1909 go raibh an gradam ab airde bainte amach aige i gColáiste Laighean. Ó 1911 amach thoghtaí ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha é agus bhíodh sé i mbun ranga i gCraobh Chaoimhín. Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh agus in Éirí Amach 1916 bhí ina Chaptaen Ceannais ar Chomplacht C de Bhriogáid C sna Ceithre Chúirt. Bhí tamall de mhíonna roimh an Éirí Amach caite aige in ospidéal (An Claidheamh Soluis 23 Meitheamh 1916). Gearradh deich mbliana pianseirbhíse air. Chaith sé seacht mí i ngéibheann i bPortland agus seacht mí eile i Lewes sular scaoileadh saor é um Meitheamh 1917. Gabhadh é Meitheamh na bliana dár gcionn agus bhí i bPríosún Reading nuair a toghadh é i nGaillimh Theas in olltoghchán 1918. Fuair sé an vóta ab airde nuair a bhí an Coiste Gnó á dtoghadh ag Ard-Fheis 1919. Faoin am seo agus anuas go 1922 ba é an príomh-chomheagraí é in Aireacht na Gaeilge agus in Aireacht an Oideachais agus baint mhór aige leis an gcomhoibriú idir iad agus Conradh na Gaeilge. Bhí sé ina chomhalta den Chomhdháil a d’eagraigh Cumann na Múinteoirí idir Eanáir 1921 agus Eanáir 1922 chun clár nua a leagan amach do na scoileanna.

Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Ceapadh é ina Ard-Rúnaí agus ina Chisteoir ag Conradh na Gaeilge mar chomharba ar Sheán Ó Murthuile i Lúnasa 1922. Cuireadh bainistíocht Chlódhanna agus Fáinne an Lae mar chúram air freisin, gan aon tuarastal breise a thabhairt dó. Toghadh é ina Theachta Dála i ngach olltoghchán le linn dó bheith sa phost sin. Bhí sé orthu sin a bhunaigh Fianna Fáil agus bhí ina bhall den chomhaireacht chúil ó 1927 amach agus cúram an oideachais air. Mar gheall ar an ualach oibre seo a d’éirigh sé as an Ard-Rúnaíocht i nDeireadh Fómhair 1928. Lean sé den obair go páirtaimseartha go dtí gur fhéad Donnchadh Ó Briain dul i mbun chúraimí an phoist. Cháiligh sé mar abhchóid i 1931. Fuair sé an vóta ab airde i dtoghlach na Gaillimhe i 1932.

Níor cheap de Valera ina aire oideachais é an bhliain sin, cé go raibh talamh slán á dhéanamh den cheapachán anseo is ansiúd. Deir T.J.O’Connell, Ard-Rúnaí Chumann na Múinteoirí, in History of the Irish National Teachers’ Organisation 1868–1968: ‘As shadow minister during the previous five years [i.e. roimh 1932] he had shown a wide grasp of the ramifications and complexities of the education system, especially of the radical changes it had undergone since 1922’.

Ó 1932 amach bhí sé ina Cheann Comhairle i nDáil Éireann. ‘Before long Fahy was recognised by all the members, including his civil war foes, as being fair, just and extremely practical in the government of debate’ (Scéala Éireann 13 Iúil 1953). Nuair a buadh ar Fhianna Fáil in olltoghchán 1948 toghadh d’aonghuth arís é sa phost. D’éirigh sé as i 1951. I rith an ama go léir bhí sé ina chathaoirleach ar Choimisinéirí na Státseirbhíse agus ar Choimisiún na gCeapachán Áitiúla. Nuair a bhí sé i gceannas thoscaireacht na hÉireann ag an Aontas Idirpharlaiminteach i Stockholm i 1949 chuir sé dearcadh náisiúnaithe na hÉireann faoin gcríchdheighilt os comhair an chomhthionóil. D’éag sé 12 Iúil 1953. Bhí sé pósta ar Anna Barton, ealaíontóir, arbh as Trá Lí di. Ag am a bháis bhí cónaí ar an lánúin ag 12 Corrán na Páirce, Raghnallach, Baile Átha Cliath. Tá sé curtha i Reilig Ghráinseach an Déin, Baile Átha Cliath.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú